Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Galatiánaċ 3:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 ċum go dtiocfaḋ beannú Abraċaim i nÍosa Críost ar na Cineaḋaċaiḃ; ċum go ḃfaiġmís tré ċreideaṁ an Spiorad do ḃí geallta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Ionnus go dtiucfaḋ beannaċdaḋ Abraham ċum na Gcineaḋaċ a Niósa Críosd; ċum sinne dfaġáil geallaṁna na Spioruide tré ċreideaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Galatiánaċ 3:14
48 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ar an aḋḃar sin, má’s eol daoiḃ‐se, agus siḃ go h‐olc, deaġ‐ṫaḃartais do ḃronnaḋ ar ḃúr gclainn, naċ mó go mór ḃronnfas ḃúr nAṫair atá ar neaṁ an Spiorad Naoṁ orṫa‐san iarras air é?


Agus féaċ, atáim ag cur geallaṁna m’Aṫar ċugaiḃ: aċt fanaiḋ‐se sa gcaṫair, nó go gclúduiġtear siḃ le cuṁaċt ó neaṁ.


Aċt is i dtaoḃ an Spioraid do ḃí le glacaḋ aca‐san do ċreidfeaḋ ann, aduḃairt sé an méid sin: óir do ḃí an Spiorad gan bronnaḋ fós; de ḃriġ go raiḃ Íosa gan glóiriú fós.


Ar n‐a árdú, mar sin, le láiṁ ḋeis Dé, fuair sé ó’n Aṫair an Spiorad Naoṁ do ḃí geallta, agus do ḋoirt sé amaċ é seo, atá le feicsin agus le clos agaiḃ.


Agus ní ḟuil slánú le fáġáil i n‐aoinneaċ eile: óir ní ḟuil aon ainm eile fá neaṁ tugaḋ do ḋaoiniḃ le n‐ar ḃ’ḟéidir ár slánú.


Agus atáimíd‐ne ’n‐ár ḃfiaḋnaiḋṫiḃ ar na neiṫiḋ sin; agus an Spiorad Naoṁ ṫug Dia ḋóiḃ‐sean uṁluiġeas dó.


Óir i n‐aon Spiorad aṁáin is eaḋ do baisteaḋ sinn ċum aon ċorp aṁáin do ḋéanaṁ, is cuma cia aca lúdaiġ nó Gréagaiġ sinn, nó cia aca daor nó saor dúinn; agus gur ólamar uile de’n aon Spiorad aṁáin.


an té do ċuir séala orainn, agus do ċuir éirlis an Spioraid ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ.


Anois is d’Abraċam agus d’á ṡlioċt tugaḋ na geallaṁnaċa. Ní abrann sé, Agus do ṡlioċtaiḃ, mar ḃéaḋ mórán ann; aċt gan aċt slioċt aṁáin ḃeiṫ ann. Agus dod’ ṡlioċt, is é sin Críost.


Is é rud ba ṁian liom a ċlos uaiḃ, An ó oibreaċaiḃ dliġe nó tré ṫeaċtaireaċt an ċreidiṁ fuair siḃ an Spiorad?


Agus de ḃriġ gur clann‐ṁac siḃ do ċuir Dia uaiḋ Spiorad a Ṁic isteaċ ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ, g‐á ġlaoḋaċ, Abba, a Aṫair.


óir atá ár sliġe ċum an Aṫar againn araon, i n‐aon Spiorad aṁáin, tríd‐sean.


Is ann atá siḃ cóṁṫoġṫa le ċéile ċum áitreaḃ do ḋéanaṁ do Ḋia san Spiorad.


ċum go dtiuḃraiḋ sé ḋaoiḃ do réir saiḋḃris a ġlóire, ḃeiṫ neartuiġṫe go bríoġṁar tríd a Spiorad san anam istiġ;


Agus ná cuiriḋ doilġíos ar Spiorad Naoṁ Dé, ó n‐ar cuireaḋ séala oraiḃ ċum lae an ḟuascailte.


Ó ṫárla ḃur n‐anmanna ḃeiṫ glanta ag uṁlú do’n ḟírinne ḋaoiḃ, ċum fíor‐ġráḋ na mbráṫar do ċoṫú, taḃraiḋ gráḋ ó ċroiḋe go dúṫraċtaċ d’á ċéile:


gan olc do ḋéanaṁ i n‐éiric an uile, ná aṫċáineaḋ do ṫaḃairt i n‐aġaiḋ cáinte, aċt ’n‐a ionad sin, beannaċt; óir is ċuige sin do glaoḋaḋ siḃ, go ḃfaiġeaḋ siḃ beannaċt mar oiḋreaċt.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ