Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Galatiánaċ 2:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 agus Séamas agus Céfas agus Eoin, go raiḃ meas orṫa mar ċolaṁnaiḃ, nuair ṫugadar fá deara an grása tugaḋ ḋom, do ṡíneadar deas‐láṁ cumainn ċugam‐sa agus ċum Ḃarnabais, ċum go n‐imṫeoċaimís ċum na gCineaḋaċ, agus iad féin le dul ċum luċta an timċeall‐ġearrṫa;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus na naiṫne do Ṡéumus, agus do Ċéṗas, agus Déoin, ar a ḃfuil meas ḃeiṫ na bposduiġiḃ an grás do tugaḋ ḋaṁ: tugadar a láṁ ḋeas a ccrúṫ ċumainn daṁsa agus do Ḃarnaba; ċum sinne dimṫeaċd ċum na ccineaḋaċ, agus íad féin ċum an timċíllġearrṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Galatiánaċ 2:9
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus adeirim‐se leat gur tusa Peadar, agus gur ar an gcarraig seo ṫógfad‐sa m’eaglais; agus naċ mbuaiḋfiḋ geataí ifrinn uirṫi.


Agus do ċuir sé uaiḋ Peadar agus Eoin, g‐á ráḋ, Téiġiḋ agus ullṁuiġiḋ an Ċáisc dúinn, go n‐iṫimíd é.


Agus ṫug sé leis é ċum Íosa. D’ḟéaċ Íosa air, agus aduḃairt sé, Is tusa Síomón mac Eoin: goirfear díot Céfas (is é sin le ráḋ, Peadar, nó Carraig).


Aċt do ḃagair sé le n‐a láiṁ orṫa ḃeiṫ ’n‐a dtost, agus d’innis sé ḋóiḃ cionnas ṫug an Tiġearna amaċ as an bpríosún é. Agus aduḃairt sé, Innisiḋ na neiṫe seo do Ṡéamas agus do na bráiṫreaċaiḃ. Agus d’imṫiġ sé, agus do ċuaiḋ sé go h‐áit eile.


Agus nuair ḃíodar ’n‐a dtost, d’ḟreagair Séamas, g‐á ráḋ, A ḃráiṫreaċa, éistiḋ liom‐sa:


Agus tar éis diospóireaċta fada, d’éiriġ Peadar ’n‐a ṡeasaṁ, agus aduḃairt sé leo, A ḃráiṫreaċa, is eol daoiḃ go ndearna Dia toġaḋ eadraiḃ, tamall maiṫ ó ṡoin, gur as mo ḃéal‐sa do‐ċluinfeaḋ na Cineaḋaċa briaṫar an tsois céil agus go gcreidfidís.


Agus Seosaṁ, ar a dtug na h‐abstail Barnabas, ainm ċialluiġeas Mac na Meanman, Léḃíteaċ do rugaḋ i gCuprus,


tré n‐a ḃfuaramair‐ne grása agus abstalaċt, ċum na Cineaḋaċa uile do ṫaḃairt ċum uṁlaċta do’n ċreideaṁ,


Óir adeirim, ṫríd an ngrása tugaḋ ḋom, le gaċ duine ’n‐ḃur measc, gan meas níos áirde ’ná ba ċóir do ḃeiṫ aige air féin, aċt maċtnaṁ stuamḋa do déanaṁ, do réir mar roinn Dia ar gaċ duine a ṁiosúr féin de ċreideaṁ.


Aċt ba dánaiġe‐de mé ag scríoḃaḋ ċugaiḃ, mar ḃéinn ag brostú ḃur gcuiṁne,


Aċt is tré ġrása Dé atáim mar atáim; agus an grása do bronnaḋ orm, ní fríṫ gan éifeaċt é; aċt is mó an saoṫar do‐rinneas‐sa ’ná rinne siad uile: giḋ naċ mise do‐rinne, aċt grása Dé do ḃí liom.


Óir measaim naċ ḃfuil tosaċ ag na h‐abstalaiḃ mór‐luaċaċa úd orm‐sa.


Atá duine diṫ‐céilliḋe déanta agam díom féin: aċt is siḃ‐se do ċuir d’ḟiaċaiḃ orm é; óir ba ċeart go ḃfaiġinn molaḋ uaiḃ: óir giḋ naċ éinniḋ ionnam féin mé, ní ḟuilim ar deireaḋ i gcomórtas leis na h‐abstalaiḃ is áirde clú.


ag iarraiḋ an ġrása so go dian orainn, ḃeiṫ ċóṁṗáirteaċ i ḃfrioṫáileaṁ na naoṁ:


ċum a Ṁac d’ḟoillsiú ionnam, ċum go ḃfógróċainn i measc na gCineaḋaċ é; ar an láṫair sin ní ḋeaċas i gcóṁairle feola agus fola:


I gcionn trí bliaḋan ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċuaḋas suas go h‐Iarúsalem ċum aiṫne do ċur ar Ċéfas, agus d’ḟanas cúig lá déag ’n‐a ċuideaċtain.


Annsin i gcionn ceiṫre bliaḋan déag ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċuaḋas suas go h‐Iarúsalem arís i n‐éinḟeaċt le Barnabas, ag taḃairt Títuis liom, ċóṁ maiṫ.


Agus is do réir taisbeánta do ċuaḋas suas; agus do leagas rómpa an soiscéal ḟógraim i measc na gCineaḋaċ, aċt os íseal rómpa‐san ba ṁó clú, ar eagla, ar ċor ar biṫ, go mbéinn ag riṫ, nó go raḃas ag riṫ gan éifeaċt.


Óir má ṁeasann aon duine gur niḋ éigin é féin, agus gur neaṁ‐niḋ é, meallann sé é féin.


atá siḃ tógṫa ar ḃun na n‐abstal agus na ḃfáiḋ gur ab é Críost féin an ṗríoṁ‐ċloċ ċúinne ḋe;


Dáṁ‐sa, atá níos luġa ’ná an té is luġa de na naoṁaiḃ go léir, tugaḋ an grása so, ċum saiḋḃreas do‐ċuarduiġṫe Ċríost do ṡeanmorú do na Cineaḋaċaiḃ;


Ċuige sin is eaḋ atáim ag obair ar mo ḋíċeall, ag spairn do réir a ċumair oibriġeas go cuṁaċtaċ ionnam.


aċt má ġním moill, ċum go dtuigiḋ tú cionnas ba ċeart duit ṫú féin d’iomċar i dteaġlaċ Dé, is é sin eaglaif Dé ḃí, colaṁan agus crann cosanta na fírinne.


an méid do ċonnacamar agus do ċualamar, is é atá againn d’á ḟógairt daoiḃ‐se, leis, ċum go mbéiḋ cumann agaiḃ‐se linne mar an gcéadna: agus is leis an Aṫair atá ár gcumann, agus le n‐a Ṁac Íosa Críost:


An té ḃeireas buaiḋ, déanfad colaṁan i dteampall mo Ḋé ḋe, agus ní imṫeoċaiḋ sé amaċ as go deoiḋ: agus scríoḃfad ainm mo Ḋé air, agus ainm caṫraċ mo Ḋé, Iarúsalem nua ṫig anuas as neaṁ óm’ Ḋia, agus m’ainm nua féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ