Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Galatiánaċ 2:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Aċt uaṫa‐san ba ṁó le ráḋ (is cuma liom‐sa cionnas mar ḃíodar roiṁe sin: ní ġlacann Dia le pearsain an duine), iad‐san, adeirim, ba ṁó clú, níor roinneadar éinniḋ orm:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus ón druing air a saóiltear cáil éigin oirḋearcuis do ḃeiṫ, (giḋ bé mar do ḃádar róiṁe so, ní ḃeanann sé ḋaṁsa: ní ar ṗearsainn ḋuine ḃíos mea sag Día: oír) an dream ṡaóiltear do ḃeiṫ oirḋeirc, níor ċuireadarr bárr ar mo ṫeagusgsa:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Galatiánaċ 2:6
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuireadar ċuige a ndeisceabail i n‐éinḟeaċt le muinntir Ioruaiṫ, g‐á ráḋ, A ṁáigistir, atá a ḟios againn gur duine fírinneaċ ṫú, agus go múineann tú sliġe Dé i ḃfírinne, agus naċ ḃfuil beann agat ar aon duine: óir is cuma leat pearsa an duine.


Agus nuair ṫángadar, aduḃradar leis, A Ṁáiġistir, atá a ḟios againn gur duine fírinneaċ ṫú, agus naċ ḃfuil beann agat ar aoinneaċ: óir is cuma leat pearsa aon duine, aċt múineann tú sliġe Dé de réir na fírinne. An dleaġṫaċ cáin do ṫaḃairt do Ċéasar, nó gan a taḃairt?


Agus do ċuireadar ceist air, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, atá a ḟios againn go laḃrann agus go múineann tú mar is ceart, agus naċ ḃfuil beann agat ar ṗearsain, aċt go múineann tú sliġe Dé de réir na fírinne:


Agus d’ḟoscail Peadar a ḃéal, agus aduḃairt, Go fírinneaċ is léir ḋom naċ ḃféaċann Dia do ḋuine seaċas a ċéile:


Óir tamall roiṁe seo d’éiriġ Teúdás, g‐á ċur i gcéill gur duine mór é féin; agus do ċlaoiḋ scata daoine, timċeall ceiṫre céad díoḃ leis: do marḃaḋ é; agus do scaipeaḋ iad‐san do lean é, agus ní ṫáinig éinniḋ d’á ḃárr.


óir ní ḟuil meas ag Dia ar ṗearsain duine seaċas a ċéile.


Óir measaim naċ ḃfuil tosaċ ag na h‐abstalaiḃ mór‐luaċaċa úd orm‐sa.


Atá duine diṫ‐céilliḋe déanta agam díom féin: aċt is siḃ‐se do ċuir d’ḟiaċaiḃ orm é; óir ba ċeart go ḃfaiġinn molaḋ uaiḃ: óir giḋ naċ éinniḋ ionnam féin mé, ní ḟuilim ar deireaḋ i gcomórtas leis na h‐abstalaiḃ is áirde clú.


Ar an aḋḃar sin, ní aiṫniġmíd aon duine feasta do réir na colna: má’s fíor féin go raiḃ aiṫne againn ar Ċríost do réir na colna, ní ḟuil aiṫne againn air ar an gcuma sin anois.


Agus is do réir taisbeánta do ċuaḋas suas; agus do leagas rómpa an soiscéal ḟógraim i measc na gCineaḋaċ, aċt os íseal rómpa‐san ba ṁó clú, ar eagla, ar ċor ar biṫ, go mbéinn ag riṫ, nó go raḃas ag riṫ gan éifeaċt.


Óir má ṁeasann aon duine gur niḋ éigin é féin, agus gur neaṁ‐niḋ é, meallann sé é féin.


Biḋiḋ uṁal d’ḃúr dtreoruiġṫiḃ, agus taḃraiḋ ómós dóiḃ: óir bíonn siad ag faire ḃur n‐anmanna, mar ḋaoine go ḃfuil sé de ḋualgas orṫa cunntas do ṫaḃairt: ċum go ndéanfaiḋ siad go lúṫġáireaċ é, agus ní go doilġeasaċ: óir ní ḃéaḋ sin ċum ḃur leasa.


Cuiṁniġiḋ ar ḃur dtreoraiḋṫiḃ, do laḃair briaṫar Dé liḃ; breaṫnuiġiḋ deireaḋ a saoġal ar talaṁ, agus déanaiḋ aiṫris ar a gcreideaṁ.


Agus má ġlaoḋann siḃ airsean mar Aṫair, do‐ḃeir breiṫ do réir oibre gaċ duine, gan meas do ṫaḃairt ar ṗearsain duine seaċas a ċéile, caiṫiḋ aimsear ḃur ndeoraiḋeaċta le h‐eagla:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ