Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Galatiánaċ 2:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 agus sin mar ġeall ar na bráiṫriḃ bréige tugaḋ isteaċ os íseal, agus d’éaluiġ isteaċ os íseal ċum spiaḋ‐aireaċt do ḋéanaṁ ar ár saoirse atá againn i nÍosa Críost, ag súil le n‐ár dtaḃairt fá ḋaoirse:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus sin ar son na ndearḃráiṫreaċ ḃfallsa do ḃí ar dteoltóġ a steaċ, noċ do ṫéultóiġ a steaċ do ḃraṫ na saóirse atá aguinn a Níosa Ċríosd ċum ar mbreiṫ fá ḋaóirse:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Galatiánaċ 2:4
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt ní foláir fíon úr do ċur i mbuidéalaiḃ nua.


Agus ṫáinig daoine áiriṫe anuas ó Iúdaea, agus do ḃíodar ag teagasc na mbráiṫreaċ, g‐á ráḋ, Muna dtimċeall‐ġearrṫar siḃ de réir reaċta Ṁaoise, ní féidir ḃúr slánú.


De ḃriġ gur clos dúinn go ndearna daoine áiriṫe do ċuaiḋ amaċ uainn buaḋirt daoiḃ le cainnt, ag cur mío‐ṡuaiṁnis aigne oraiḃ; gan aon órdú d’ḟáġáil uainne:


agus éireoċaiḋ daoine ḋíḃ féin, laḃarfas as saoḃċainnt, d’ḟonn na deisceabail do ṫarraing ’n‐a ndiaiḋ.


Óir ní ḟuair siḃ spiorad na daoirse ċum ḃeiṫ fá eagla arís: aċt fuair siḃ spiorad uċtcaċta, tríd a nglaoḋaimíd, Abbá, a Aṫair.


Óir is abstail ḃréige a leiṫéidí sin, oibriḋṫe mealltaċa, g‐á gcur féin i gcló abstal Ċríost.


An méid adeirim, ní do réir an Tiġearna adeirim é, aċt mar ḃéaḋ do réir diṫ‐céille, le teann maoiḋṁeaċais.


Óir má ċuireann duine fá ḋaoirse siḃ, má ċreaċann sé siḃ, má ṁeallann sé siḃ, má éiriġeann sé uaiḃreaċ, má ḃuaileann sé san éadan siḃ, fulaingeann siḃ leis.


go minic ar turasaiḃ, i ngáḃaḋ aiḃne, i ngáḃaḋ ó ġadaiḋṫiḃ, i ngáḃaḋ óm’ ċineaḋ féin, i ngáḃaḋ ó na Págánaċaiḃ, i ngáḃaḋ i mbailtiḃ móra, i ngáḃaḋ san ḃfásaċ, i ngáḃaḋ mara, i ngáḃaḋ i measc bráṫar bréige;


Anois is é an Tiġearna an Spiorad; agus an áit ’n‐a ḃfuil Spiorad an Tiġearna, is ann atá saoirse.


ní h‐é gur soiscéal eile é: aċt go ḃfuil dream áiriṫe ann atá ag déanaṁ buaiḋearṫ a ḋaoiḃ, agus gur mian leo soiscéal Ċríost do ċur bun os cionn.


Anois is ionann Hágar agus cnoc Sína san Aráib, agus cialluiġeann sin an Iarúsalem atá ann anois; óir atá sí i ndaor‐ḃroid i n‐éinḟeaċt le n‐a clainn.


Agus sinne mar an gcéadna, nuair ḃíomar ’n‐ár leanḃaiḃ, do ḃíomar i ndaor‐ḃroid ag dúliḃ na cruinne:


Is ċum saoirse do rinne Críost saor sinn: seasaiḋ go daingean, mar sin, gan ḃeiṫ ceangailte arís fá ċuing na daoirse.


Atá muiniġin agam asaiḃ san Tiġearna, naċ mbéiḋ siḃ ar aṫrú intinne: aċt an té atá ag d éanaṁ buaiḋearṫa ḋaoiḃ, iomċarfaiḋ sé a ḃreiṫeaṁnas, cibé cia h‐é féin.


Óir daoine de’n aicme sin is eaḋ iad‐san ṡleaṁnuiġeas isteaċ i dtiġṫiḃ agus árduiġeas leo ċum daor‐ḃroide mná baoṫánta atá fá ualaċ peacaiḋe, d’á luascaḋ ag miantaiḃ de’n uile ṡaġas,


Aċt an té ḋearcas isteaċ san dliġe beaċt, dliġe na saoirse, agus leanas ag dearcaḋ, gan ḃeiṫ ’n‐a éistiġṫeoir dearmadaċ, aċt ’n‐a ḟear gníoṁ do ḋéanaṁ, beannóċar an duine sin ’n‐a ġníoṁ.


mar ṡaor‐ḋaoine, agus gan úsáid do ḃaint as ḃur saoirse ċum clúdaċ do ċur ar olcas, aċt mar ṡeirḃísiġ Dé.


ag geallaṁain saoirse ḋóiḃ, agus iad féin fá ḋaor‐smaċt truailleaċta, óir bíonn gaċ duine fá ḋaoirse ag an niḋ fuair an ḃuaiḋ air.


A ċáirde ionṁaine, ná creidiḋ gaċ aon spiorad, aċt déanaiḋ froṁaḋ ar na spioraidiḃ, d’ḟéaċain an ó Ḋia atáid: de ḃriġ go ḃfuil a lán fáiḋe bréige imṫiġṫe amaċ san tsaoġal.


Óir atá daoine áiriṫe do ṡleaṁnuiġ isteaċ ós íseal, daoine do réaṁ‐órduiġeaḋ fad ó ċum na daoir‐ḃreiṫe seo, daoine neiṁ‐ḋiaḋa atá ag tionntoḋ grása ár nDé go colnaiḋeaċt, agus atá ag séanaḋ Íosa Críost, ár n‐aon Ṁáiġistir agus ár n‐aon Tiġearna aṁáin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ