Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Galatiánaċ 2:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Ní ag cur grása Dé ar ceal atáim: óir má’s tríd an dliġe ġeiḃtear fíréantaċt, is i n‐aisce fuair Críost bás.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Ní ag cur ġrás Dé ar gcúl atáim: oír má ṫig trés an reaċd fíréuntaċd, is gan aḋḃar fuáir Críosd bás.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Galatiánaċ 2:21
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus aduḃairt sé leo, Is breáġ mar ċuireann siḃ aiṫne Dé ar neaṁ‐niḋ, ċum ḃúr sean‐ġnáis féin do ċleaċtaḋ.


Óir, ar mbeiṫ gan eolas ar ḟíréantaċt Dé ḋóiḃ, agus iad d’iarraiḋ a ḃfíréantaċt féin do ḃunaḋ, níor uṁluiġeadar d’ḟíréantaċt Dé.


Agus má’s tré ġrása é, ní tré oibreaċaiḃ é a ṫuilleaḋ: nó ní ḃéiḋ grása ’n‐a ġrása ’n‐a ḋiaiḋ sin.


agus do tógaḋ suas arís le n‐ár ḃfíréanú.


Créad adéarfaimíd annsin i dtaoḃ na neiṫe sin? Má tá Dia i bpáirt linn, cia ḃéas ’n‐ár n‐aġaiḋ?


agus munar éiriġ Críost, atá ár ḃfógairt gan éifeaċt, tá ḃur gcreideaṁ‐sa gan ḃriġ, leis.


agus munar tógaḋ Críost, atá ḃur gcreideaṁ gan éifeaċt; atá siḃ ’n‐ḃur bpeacaiḋiḃ i gcóṁnaiḋe.


agus tré n‐a slánuiġtear siḃ, leis; má ċoiṁeádann siḃ go daingean an briaṫar do ṡeanmóireas doiḃ, munar ċreideaḃar go neaṁ‐éifeaċtaċ.


aċt gur ab eol dúinn naċ ḃfíréanuiġtear an duine tré oibreaċaiḃ dliġe, aċt aṁáin tré ċreideaṁ i nÍosa Críost, do ċreideamar féin i nÍosa Críost, ċum go ḃfíréanóċaiḋe sinn tré ċreideaṁ i gCríost, agus ní tré oibreaċaiḃ dliġe: de ḃriġ naċ tré oibreaċaiḃ dliġe fíréanoċar feoil ar biṫ.


Óir má ṫógaim arís na neiṫe do ḃí leagṫa ar lár agam, is ag déanaṁ cionntaiġ díom féin atáim.


An ḃfuil an dliġe i n‐aġaiḋ geallaṁnaċa Dé mar sin? nar leigiḋ Dia é: óir dá dtugtaiġe dliġe d’ḟéadfaḋ beaṫa do ṫaḃairt, is léir gur tríd an dliġe do ṫiocfaḋ fíréantaċt.


Anois má ḃí lán‐ḟoirḃeaċt le fáġáil de ḃárr na sagartaċta Léḃíticiġe (óir is fá’n sagartaċt sin fuair an pobal an dliġe), cia an gáḃaḋ do ḃí le sagart eile d’éirġe do réir úird Ṁelcisedec, gan a áireaṁ mar ḃéaḋ sé do réir úird Aáróin?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ