Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Galatiánaċ 2:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Aċt nuair ċonnacas naċ raḃadar ág siuḃal go díreaċ do réir fírinne an tsoiscéil, aduḃras le Céfas ’n‐a ḃfiaḋnaise uile, Má ċaiṫeann tusa do ṡaoġal, agus gur Iúdaċ ṫú, ar nós na gCineaḋaċ, ní h‐é ar nós na nIúdaċ, cad ċuige ḋuit a ċur d’ḟiaċaiḃ ar na Cineaḋaċaiḃ a saoġal do ċaiṫeaṁ ar nós na nIúdaċ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Aċd an tan do ċonnairc misi náċ í an tsliġe ḋíreaċ do ṡíuḃladar ċum fírinne an tsoisgéil, a duḃairt mé ré Peadar na ḃfíaḋnuisis uile, Má atá tusa, agus tú ad Iúduiġe, ag caiṫeaṁ do ḃeaṫa réir na Gcineaḋaċ, agus ní réir na Níuduiġeaḋ, créd fá gcuireann tú dfíaċuiḃ ar na Cineaḋaċuiḃ aiṫris do ḋéunaṁ ar na Iúduiġiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Galatiánaċ 2:14
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus aduḃairt sé leo, Atá a ḟios agaiḃ féin naċ dlisteanaċ do’n Iúdaċ baint do ḃeiṫ aige le duine d’aon ċineaḋ eile, ná caidreaṁ do ḋéanaṁ leis; aċt ṫug Dia le tuigsin dom gan coitċeann ná neaṁ‐ġlan do ṫaḃairt ar aon duine:


Agus ṫáinig daoine áiriṫe anuas ó Iúdaea, agus do ḃíodar ag teagasc na mbráiṫreaċ, g‐á ráḋ, Muna dtimċeall‐ġearrṫar siḃ de réir reaċta Ṁaoise, ní féidir ḃúr slánú.


De ḃriġ gur clos dúinn go ndearna daoine áiriṫe do ċuaiḋ amaċ uainn buaḋirt daoiḃ le cainnt, ag cur mío‐ṡuaiṁnis aigne oraiḃ; gan aon órdú d’ḟáġáil uainne:


Aċt d’éiriġ daoine áiriṫe d’aicme na ḃFairisíneaċ go raiḃ an creideaṁ aca, g‐á ráḋ, Ní foláir iad do ṫimċeall‐ġearraḋ, agus a ċur d’ḟiaċaiḃ orṫa reaċt Ṁaoise do ċoiṁéad.


Atá a ḟios agam, agus atáim dearḃṫa ḋe san Tiġearna Íosa, naċ ḃfuil rud ar biṫ neaṁ‐ġlan ann féin; aċt do’n té ṁeasas rud do ḃeiṫ neaṁ‐ġlan, go ḃfuil sé neaṁ‐ġlan dó‐san.


I gcionn trí bliaḋan ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċuaḋas suas go h‐Iarúsalem ċum aiṫne do ċur ar Ċéfas, agus d’ḟanas cúig lá déag ’n‐a ċuideaċtain.


Is mór is iongnaḋ liom siḃ ḃeiṫ ċóṁ luaṫ sin ag iompoḋ ó’n té do ġlaoḋ i ngrása Ċríost siḃ, ċum soiscéil eile;


Aċt níor cuireaḋ d’ḟiaċaiḃ ar Ṫítus féin do ḃí i n‐éinḟeaċt liom, a ṫimċeall‐ġearraḋ, giḋ gur Ġréagaċ é:


aċt níor ġéilleamar dóiḃ‐sean oiread agus uair aṁáin; ċum go ḃfanfaḋ fírinne an tsoiscéil i gcóṁnaiḋe agaiḃ‐se.


a ċontrárḋaċt sin ar fad, nuair ċonnacṫas dóiḃ go dtugaḋ soiscéal an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearrṫa fá mo ċúram‐sa, fá mar tugaḋ soiscéal an timċeall‐ġearrṫa do Ṗeadar;


agus Séamas agus Céfas agus Eoin, go raiḃ meas orṫa mar ċolaṁnaiḃ, nuair ṫugadar fá deara an grása tugaḋ ḋom, do ṡíneadar deas‐láṁ cumainn ċugam‐sa agus ċum Ḃarnabais, ċum go n‐imṫeoċaimís ċum na gCineaḋaċ, agus iad féin le dul ċum luċta an timċeall‐ġearrṫa;


An dream gur mian leo éirġe go mórḋálaċ san ḃfeoil, cuireann siad d’ḟiaċaiḃ oraiḃ timċeall‐ġearraḋ do ḋéanaṁ; sin ċum naċ ndéanfiḋe géirleanṁain orṫa ar son croise Críost.


as uċt an dóċais atá i dtaisce ’n‐ḃur gcóṁair ins na flaiṫeasaiḃ, go gcualaḃar tuairisc ’n‐a ṫaoḃ roiṁe seo i mbriaṫar fírinne an tsoiscéil,


Aiṫḃear na daoine do‐ġní peacaḋ i ḃfiaḋnaise cáiċ, ċum eagla do ċur ar an gcuid eile.


agus siuḃlaḋ ḃur gcosa rómpa gaċ ndíreaċ, ċum naċ leonaḋ aċt leiġeas ġeoḃas an ball atá bacaċ.


naċ ḃfuil ionnta (idir biaḋa, agus deoċa, agus ionnlaiḋṫe éagsaṁla) aċt gnáṫ‐nósanna saoġalta, do cuireaḋ ar bun go dtí aimsir an ċeartuiġṫe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ