Agus d’éiriġ seisean ar an láṫair, agus do ṫóg sé a leaba, agus d’imṫiġ sé amaċ i ḃfiaḋnaise a raiḃ ann; i dtreo go raiḃ uaṫḃás orṫa uile, go dtugadar glóir do Ḋia, agus iad ’g‐a ráḋ, Ní ḟacamar a leiṫéid seo riaṁ.
Agus ṫug sé d’á ṁáṫair é. Agus ṫáinig criṫ‐eagla ar gaċ uile ḋuine: agus ṫugadar glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Atá fáiḋ mór éiriġṫe ’n‐ár measc: agus, Ṫáinig Dia ar cuairt ċum a ṁuinntire.
Agus nuair do‐ċualadar an méid sin, do ċiúnuiġ siad, agus ṫugadar glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Is léir, mar sin, go ḃfuil aiṫriġe ċum na beaṫaḋ taḃarṫa ag Dia do na Cineaḋaċaiḃ féin.
agus mar ġeall ar an dearḃaḋ do‐ḃeir an congnaṁ so, molann siad Dia as uċt ḃur n‐uṁlaċta do ṡoiscéal Ċríost adṁuiġeas siḃ, agus as uċt fairsinge ḃur dtaḃartais dóiḃ‐sean agus do’n uile ḋuine;