Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Galatiánaċ 1:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Pól, abstal (ní ó ḋaoiniḃ, agus ní tríd an duine, aċt tré Íosa Críost, agus tré Ḋia, an tAṫair, do ṫóg ó na marḃaiḃ é),

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Pol, absdal, (ní ó ḋáoiniḃ, ná tré ḋuine, aċd tré Iósa Críosd, agus tré Ḋía an Taṫaír, noċ do ṫóg súas é ó ṁarḃuiḃ;)

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Galatiánaċ 1:1
35 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin aduḃairt Íosa arís leo, Síoṫċáin daoiḃ: fá mar ċuir an t‐Aṫair uaiḋ mé, cuirim‐se siḃ‐se uaim mar an gcéadna.


D’á ḃriġ sin d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní ḟéadann an Mac éinniḋ do ḋéanaṁ uaiḋ féin, aċt an méid do‐ċí sé ag an Aṫair d’á ḋéanaṁ: óir cibé neiṫe do‐ġní seisean, do‐ġní an Mac iad ar an gcuma ċéadna.


Agus aduḃras, Créad atá le déanaṁ agam, a Ṫiġearna? Agus aduḃairt an Tiġearna liom, Éiriġ, agus téiġ go Damascus; agus inneosfar duit annsin gaċ niḋ atá ceapṫa ḋuit le déanaṁ.


agus do ṁarḃaḃar Uġdar na beaṫaḋ; do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ; go ḃfuilmíd ’n‐ár ḃfiaḋnaiṫiḃ air.


aċt éiriġ, agus téiġ isteaċ san gcaṫair, agus innseoċar duit créad atá le déanaṁ agat.


Pól seirḃíseaċ Íosa Críost, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ ’n‐a abstal, do cuireaḋ ar leiṫ le h‐aġaiḋ soiscéil Dé,


is é sin briaṫar an ċreidiṁ ḟógraimíd‐ne: má adṁuiġeann tú led’ ḃéal gur Tiġearna Íosa, agus má ċreideann tú id’ ċroiḋe gur ṫóg Dia ó na marḃaiḃ é, go slánóċar ṫú:


Ċuige sin is eaḋ fuair Críost bás, agus d’aiséiriġ, ċum go mbéaḋ sé ’n‐a Ṫiġearna ar ḃeoḋaiḃ agus ar ṁarḃaiḃ.


Pól, fuair gairm mar abstal Íosa Críost tré ṫoil Dé,


Pól, abstal Íosa Críost tré ṫoil Dé, agus Timótéus ár mbráṫair, ċum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, mar aon leis na naoṁaiḃ go léir atá i nAċáia ar fad:


Aċt nuair ba é deaġ‐ṫoil Dé é, do ċuir ar leiṫ mé ó ḃroinn mo ṁáṫar, agus do ġlaoḋ tré n‐a ġrása mé,


agus níor ṁó naċ ndeaċas suas go h‐Iarúsalem ċum na ndaoine do ḃí ’n‐a n‐abstalaiḃ róṁam: aċt d’imṫiġeas ċum na h‐Aráibe; agus ṫáinig mé ar ais go Damaisc.


Dáṁ‐sa, atá níos luġa ’ná an té is luġa de na naoṁaiḃ go léir, tugaḋ an grása so, ċum saiḋḃreas do‐ċuarduiġṫe Ċríost do ṡeanmorú do na Cineaḋaċaiḃ;


Pól, abstal Íosa Críost, tré ṫoil Dé, do réir geallaṁna na beaṫaḋ atá i nÍosa Críost,


aċt d’ḟoillsiġ a ḃriaṫar san am oireaṁnaċ tríd an seanmóireaċt do cuireaḋ mar ċuspóir orm‐sa, do réir aiṫne Dé ár Slánuiġṫeoir;


Anois, Dia na síoṫċána ṫug aoḋaire mór na gcaoraċ ar ais ó na marḃaiḃ tré ḟuil an ċonnarṫa ṡíorraiḋe,


ċreideas tríd‐sean i nDia, do ṫóg ó na marḃaiḃ é, agus ṫug glóir dó; ċum go mbéaḋ ḃur muiniġin agus ḃur ndóċas as Dia.


is mise an tosaċ agus an deireaḋ, agus an Té biṫ‐ḃeo; agus do ḃíos marḃ, agus féaċ, atáim beo go saoġal na saoġal, agus atá eoċraċa báis agus ifrinn agam.


agus ó Íosa Críost, an fiaḋnaiḋe fírinneaċ, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ, agus árd‐rí riġṫe na talṁan. Do’n té ġráḋuiġeas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaiḋiḃ le n‐a ḟuil féin sinn;


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i Smiorna; Is é adeir an tosaċ agus an deireaḋ, do ḃí marḃ, agus atá beo:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ