Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 9:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Aduḃairt an t‐aṫair agus an ṁáṫair an méid sin ar eagla na nIúdaċ: óir do ḃí socruiġṫe ag na h‐Iúdaċaiḃ, dá n‐adṁuiġeaḋ duine ar biṫ gurḃ é an Críost é, go gcuirfiḋe amaċ é as an tsionagóig.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Duḃairt a aṫair agus a ṁáṫair sin, de ḃríġ go raiḃ eagla orṫa roiṁ na h-Iúdaiġ. Óir ṡocruiġ na h-Iúdaiġ eatorṫa féin roiṁe sin, go gcuirfiḋe amaċ as an tsineagóig duine ar biṫ a d’adṁóċaḋ gurḃ eisean Críost.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Duḃairt an t-aṫair agus an ṁáṫair na neiṫe sin mar ḃí eagla na n-Iúdaċ orṫa, óir ḃí socair ag na Iúdaiġ an uair sin, aoinne a déarfaḋ gur ḃ’ é Críost é, é ċur amaċ as an sinagóig.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 A duḃairt a aṫair agus a ṁaṫair na bríaṫrasa, ar eagla na Niudaiḋeaḋ: óir do órduiġeadar na Iúdaiḋe roiṁe sin, giḋ bé daidṁéoċaḋ gur ḃeisean Críosd, a ċur as an tsinagoig.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 9:22
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is aoiḃinn daoiḃ‐se nuair ṫiuḃras na daoine fuaṫ ḋaoiḃ, agus nuair ṡéanfas siad siḃ, agus ṫiuḃras siad tarcuisne ḋaoiḃ, agus ṁaslóċas siad ḃúr n‐ainm mar ḋroċ‐rud, ar son Ṁic an Duine.


Agus is í seo fiaḋnaise Eoin, nuair do ċuir na h‐iúdaiġ sagairt agus Leḃítiġ ó Iarúsalem ċuige g‐á ḟiafruiġe ḋe, Cia h‐é ṫusa?


Cuirfear amaċ as na sionagógaiḃ siḃ: ṫairis sin, atá an uair ag teaċt go measfaiḋ an té ṁarḃas siḃ gur ag déanaṁ seirḃíse do Ḋia atá sé.


Agus ’n‐a ḋiaiḋ sin, Seosaṁ ó Arimataea (do ḃí ’n‐a ḋeisceabal ag Íosa, aċt fá ċeilt ar eagla na nIúdaċ), d’iarr sé ar Ṗíoláid leigean dó corp Íosa do ḃreiṫ leis: agus ṫug Píoláid cead dó. Ṫáinig sé mar sin, agus do ṫóg sé leis a ċorp.


Agus le linn an tráṫnóna, an lá sin, an ċéad lá de’n tseaċtṁain, agus na dóirse dúnta san tiġ ’n‐a raiḃ na deisceabail cruinniġṫe, ar eagla na nIúdaċ, ṫáinig Íosa agus do ṡeas sé ’n‐a measc, agus aduḃairt sé leo, Síoṫċáin daoiḃ.


Aċt ar eagla na nIúdaċ níor laḃair aoinneaċ go foscailte ’n‐a ṫaoḃ.


Níor ċreid na h‐Iúdaiġ, áṁ, an scéal go raiḃ sé ’n‐a ḋall, agus go ḃfuair sé a raḋarc, nó gur ġlaoḋadar ar aṫair agus ar ṁáṫair an té fuair a raḋarc,


aċt cionnas ṫarla go ḃfeiceann sé anois, ní ḟuil a ḟios againn; nó cia d’ḟoscail a ṡúile, ní ḟuil a ḟios againn: cuiriḋ an ċeist air féin; atá sé d’aois, laḃarfaiḋ sé ar a ṡon féin.


D’ḟreagradar‐san agus aduḃradar leis, Is i bpeacaiḋiḃ ar fad rugaḋ ṫusa, agus an ag taḃairt teagaisc dúinne atáir? Agus do ċaiṫeadar amaċ é.


Do‐ċuala Íosa gur ċaiṫeadar amaċ é; agus nuair fuair sé é, aduḃairt sé leis, An gcreideann tusa i Mac Dé?


Agus do ġlaoḋadar orṫa, agus d’órduiġeadar dóiḃ gan laḃairt ar ċor ar biṫ, ná teagasc do ḋéanaṁ i n‐ainm Íosa.


Aċt níor láṁ aoinneaċ de na daoiniḃ eile dul i bpáirt leo: aċt ba ṁór an meas do ḃí ag an bpobal orṫa;


Agus d’aontuiġeadar leis: agus tar a éis dóiḃ na h‐abstail do ġlaoḋaċ ċuca, do ḃuaileadar iad, agus d’órduiġeadar dóiḃ gan laḃairt i n‐ainm Íosa, agus do scaoileadar iad.


Aċt maidir leis na daoiniḃ meaṫta, mí‐ċreidṁeaċa, gráineaṁla, agus leis na dúnṁarḃṫóiriḃ, leis na drúiseoiriḃ, leis na draoiḋeadóiriḃ, agus leis na h‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, agus le luċt na mbréag ar fad, ġeoḃaid‐sean a gcuid féin san loċ atá ar dearg‐lasaḋ le teiniḋ agus le ruiḃ; is é sin an dara bás.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ