Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 8:55 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

55 agus ní ḟuil aiṫne agaiḃ‐se air: aċt atá aiṫne agam‐sa air; agus dá n‐abrainn, Ní ḟuil aiṫne agam air, béiḋ mé im’ ḃréagaire ċóṁ maiṫ liḃ‐se: aċt atá aiṫne agam air, agus coiṁéadaim a ḃriaṫar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

55 Agus ní ḟuil aiṫne agaiḃ-se air: aċt tá aiṫne agam-sa air: agus má deirim naċ ḃfuil aiṫne agam air, béiḋ mé mo ḃréagaire cosaṁail liḃ-se. Aċt tá aiṫne agam air, agus congḃuiġim a ḃriaṫar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

55 Agus ní’l aiṫne agaiḃ air; aċ tá aiṫne agam-sa air. Agus má deirim ná fuil aiṫne agam air beiḋ mé mar siḃ-se, ag rád an éiṫiġ. Aċ tá aiṫne agam air, agus táim ag cóṁlíonaḋ a ḃriaṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

55 Agus ní ḃfuil aiṫe aguiḃsi air; giḋeaḋ is aiṫne ḋaṁsa é: agus má a deirim, Naċ aiṫne ḋaṁ é, biáiḋ mé cosṁuil riḃsi bréagaċ: giḋeaḋ as aiṫne ḋaṁ é, agus coiṁéuduim a ḃriaṫar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 8:55
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ḋaṁ‐sa ag m’Aṫair: agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Mac, aċt ag an Aṫair; agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Aṫair aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a ḟoillsiú ḋó.


Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ag m’Aṫair daṁ‐sa; agus ní ḟuil a ḟios ag aoinneaċ, aċt ag an Aṫair aṁáin, cia h‐é an Mac; agus cia h‐é an t‐Aṫair, aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a noċtaḋ ḋó.


Ní ḟaca aoinneaċ Dia ariaṁ; an t‐Aon‐Ṁac atá i n‐uċt an Aṫar, do b’é d’ḟoillsiġ é.


fá mar aiṫniġeann an t‐Aṫair mé, agus aiṫniġim‐se an t‐Aṫair; agus do‐ḃeirim m’anam ar son na gcaoraċ.


Má ċoiṁéadann siḃ m’aiṫeanta, fanfaiḋ siḃ im’ ġráḋ; fá mar ċoiṁéadas‐sa aiṫeanta m’Aṫar, agus go ḃfanaim ’n‐a ġráḋ.


Aċt do‐ġéanaid na neiṫe seo go léir ḋaoiḃ mar ġeall ar m’ainm‐se, de ḃriġ naċ ḃfuil aiṫne aca ar an té do ċuir uaiḋ mé.


Agus do‐ġéanaid an méid sin, de ċionn naċ aiṫnid dóiḃ an t‐Aṫair ná mise.


A Aṫais ḟiréin, níor aiṫin an saoġal mé, aċt d’aiṫniġeas‐sa ṫú; agus do ḃí a ḟios aca‐san gur ċuiris‐se uait mé;


Ní h‐é go ḃfaca aon duine an t‐Aṫair, aċt aṁáin an té atá ó Ḋia, do ċonnaic seisean an t‐Aṫair.


Agus aduḃradar leis, Cá ḃfuil t’Aṫair? D’ḟreagair Íosa, Ní ḟuil aiṫne agaiḃ orm‐sa ná ar m’Aṫair: dá mbéaḋ aiṫne agaiḃ orm‐sa, do ḃéaḋ aiṫne agaiḃ ar m’Aṫair, ċóṁ maiṫ.


Agus an té do ċuir uaiḋ mé atá sé im’ ḟoċair; níor ḟág sé im’ aonar mé; óir do‐ġním i gcóṁnaiḋe na neiṫe ṫaiṫniġeas leis.


Is ó ḃúr n‐Aṫair, an diaḃal, siḃ‐se, agus is é mian ḃúr n‐aṫar is toil liḃ do ḋéanaṁ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ eisean ó ṫosaċ, agus níor ṡeas sé sa ḃfírinne, óir ní ḟuil fírinne ann. Nuair do‐ḃeir sé an t‐éiṫeaċ, is uaiḋ féin laḃras sé: óir is bréagaire é, is é aṫair an éiṫiġ é.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, Má ċoiṁéadann duine ar biṫ mo ḃriaṫar, ní ḟeicfiḋ sé bás go deoiḋ.


Aduḃairt na h‐Iúdaiġ leis, Atá a ḟios againn anois go ḃfuil deaṁan ionnat. Atá Abraċam marḃ, agus na fáiḋe, agus adeir tusa, Má ċoiṁéadann duine mo ḃriaṫar‐sa, ní ḃlaisfiḋ sé bás go deoiḋ.


Óir san tsiuḃal dom, agus mé ag féaċain ar na neiṫiḃ aḋras siḃ, fuaras altóir ar a raiḃ an inscríḃinn seo, DO’N DIA ANAIṪNID. An té úd aḋras siḃ gan aiṫne ḃeiṫ agaiḃ air, fógraim daoiḃ é anois.


Óir Dia d’órduiġ do’n tsolas soillsiú as lár an dorċadais, do ṡoillsiġ sé ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ, ċum solas glóire Dé do ṫaḃairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.


Má deirimíd go ḃfuil cumann againn leis, agus sinn ag siuḃal san dorċadas, is bréag do‐ġnímíd, agus ní ḟuilmíd ag déanaṁ na fírinne:


Cia h‐é an bréagaire aċt an té ṡéanas gur ab é Íosa an Críost? Is é an t‐ainċríost an té ṡéanas an tAṫair agus an Mac.


An té adeir, Atá aiṫne agam air, agus naċ gcoiṁeádann a aiṫeanta, is bréagaire é, agus ní ḟuil fírinne ar biṫ ann.


An té ċreideas i Mac Dé, atá an ḟiaḋnaise seo ann féin. An té naċ gcreideann do Ḋia, bréagnuiġeann sé é; de ḃriġ nár ċreid sé an ḟiaḋnaise ṫug Dia i dtaoḃ a Ṁic.


Féaċ, do‐ḃeirim duit cuid de luċt sionagóige Sátain, adeir gur Iúdaiġ iad, aċt naċ eaḋ, aċt gur bréagaċ atáid; féaċ, cuirfead d’ḟiaċaiḃ orṫa teaċt agus sléaċtaḋ ag do ċosaiḃ, agus a aiṫint go dtugas‐sa gráḋ ḋuit.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ