Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 8:52 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

52 Aduḃairt na h‐Iúdaiġ leis, Atá a ḟios againn anois go ḃfuil deaṁan ionnat. Atá Abraċam marḃ, agus na fáiḋe, agus adeir tusa, Má ċoiṁéadann duine mo ḃriaṫar‐sa, ní ḃlaisfiḋ sé bás go deoiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

52 Duḃairt na h-Iúdaiġ, dá ḃríġ sin: Anois tá a ḟios againn go ḃfuil deaṁan ionnat. Tá Abraham marḃ, agus na Fáiḋe: agus deir tusa: Má ċongḃuiġeann duine ar biṫ mo ḃriaṫar, ní ḃlaisfiḋ sé bás a ċoiḋċe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

52 Ansan duḃairt na Iúdaiġ: Tá ḟios againn anois go ḃfuil deaṁan ionat. Tá Ábraham marḃ, agus na fáiḋe, agus deirir-se, Má ċoimeádann duine mo ḃriaṫar-sa ní ḃlaisfiḋ sé bás go deó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

52 Ar a naḋḃarsin a duḃradar na Iúduiḋe ris, Aiṫnimíd a nois go ḃfuil an díaḃal ionnad. Fúair Abraham, agus na fáiḋe bás; agus a deir tusa, Giḋ bé ċoiṁéudfas mo ḃríaṫarsa, ní ḃlaisfe sé bás go síorruiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 8:52
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir ṫáinig Eoin gan ḃeiṫ ag iṫe ná ag ól, agus adeirid, Atá deaṁan ann.


Agus is í seo fiaḋnaise Eoin, nuair do ċuir na h‐iúdaiġ sagairt agus Leḃítiġ ó Iarúsalem ċuige g‐á ḟiafruiġe ḋe, Cia h‐é ṫusa?


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Má tá gráḋ ag duine ḋom, ċoiṁéadfaiḋ sé mo ḃriaṫar: agus béiḋ gráḋ ag an Aṫair ḋó, agus tiocfaimíd ċuige, agus déanfaimíd cóṁnaiḋe ’n‐a ḟoċair.


Cuiṁniġiḋ ar an mbriaṫar aduḃairt mé liḃ, Ní mó an seirḃíseaċ ná a ṁáiġistir. Má rinneadar géir‐leanaṁain orm‐sa, do‐ġéanaid géir‐leanaṁain oraiḃ‐se mar an gcéadna; má ċoiṁéadadar mo ḃriaṫra‐sa, ċoiṁéadfaiḋ siad ḃúr mbriaṫra‐sa, leis.


D’ḟoillsiġeas t’ainm do na daoiniḃ ṫugais dom as an saoġal: ba leat‐sa iad, agus ṫugais daṁ‐sa iad; agus do ċóiṁéadadar do ḃriaṫar.


D’ḟreagair an sluaġ agus aduḃradar, Deaṁan atá ionnat: cia atá ag iarraiḋ ṫú do ṁarḃaḋ?


Agus aduḃairt na h‐Iúdaiġ, An aṁlaiḋ ṁuirḃfeas sé é féin, go n‐abrann sé, An áit ’n‐a ḃfuilim ag dul ní ḟéadfaiḋ siḃ‐se teaċt ann?


D’ḟreagair na h‐Iúdaiġ agus aduḃradar leis, Naċ maiṫ adeirimíd é gur Samáritánaċ ṫú, agus go ḃfuil deaṁan ionnat?


Go fírinneaċ adeirim liḃ, Má ċoiṁéadann duine ar biṫ mo ḃriaṫar, ní ḟeicfiḋ sé bás go deoiḋ.


agus ní ḟuil aiṫne agaiḃ‐se air: aċt atá aiṫne agam‐sa air; agus dá n‐abrainn, Ní ḟuil aiṫne agam air, béiḋ mé im’ ḃréagaire ċóṁ maiṫ liḃ‐se: aċt atá aiṫne agam air, agus coiṁéadaim a ḃriaṫar.


Atá sé d’aois, cuiriḋ an ċeist air féin. Annsin do ġlaoḋadar aṫuair ar an duine do ḃí ’n‐a ḋall, agus aduḃradar leis, Taḃair glóir do Ḋia: is eol dúinn gur peacaċ an fear úd.


Fuaradar‐san uile bás san gcreideaṁ, gan a raiḃ geallta ḋóiḃ d’ḟáġáil, aċt do ċonnacadar i ḃfad uaṫa iad, agus d’ḟáiltiġeadar rómpa, g‐á adṁáil go raḃadar ’n‐a gcoigríoċaċaiḃ agus ’n‐a n‐oiliṫriḃ ar an saoġal.


Aċt ċímíd Íosa, do rinneaḋ níb’ ísle ’ná na h‐aingle ar feaḋ tamaill ḃig, ċímíd i gcoróin na glóire agus na h‐onóra é, toisc an bás d’ḟulang, ċum, tré ġrása Dé, go mblaisfeaḋ sé bás ar son gaċ uile ḋuine.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ