Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 8:47 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

47 An té is ó Ḋia éisteann sé le briaṫraiḃ Dé: is uime sin naċ n‐éisteann siḃ, óir ní ó Ḋia sí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

47 An té atá ó Ḋia, éisteann sé le briaṫra Dé. Ar an aḋḃar sin, ní éisteann sib-se, de ḃríġ naċ ó Ḋia, siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

47 An t-é is ó Ḋia éisteann sé le bréiṫriḃ Dé. Isé cúir ná h-éisteann siḃ-se leó mar ní h-ó Ḋia siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

47 Giḋ bé atá ó Ḋía, éisdiḋ sé briaṫra Dé: is uime naċ éisdtisi, ar son naċ ó Ḋía siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 8:47
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An té ḋiúltas dom, agus naċ nglacann lem’ ḃriaṫraiḃ, atá aige an té do‐ḃeir breiṫ air: an briaṫar aduḃart‐sa, do‐ḃéarfaiḋ an briaṫar sin breiṫ air an lá déiḋeannaċ.


Annsin aduḃairt Píoláid leis, An rí ṫú mar sin? D’ḟreagair Íosa, Mar adeirir, is rí mé. Ċuige sin rugaḋ mé, agus ċuige sin ṫánag ar an saoġal, ċum go dtiuḃrainn fiaḋnaise do’n ḟírinne. Gaċ duine atá ar ṫaoḃ na fírinne, éisteann sé lem ġlór.


Go firinneaċ adeirim liḃ, Atá an t‐am ag teact, agus atá sé ann anois féin, ’n‐a n‐éistfiḋ na mairḃ le guṫ Ṁic Dé; agus mairfiḋ siad‐san éistfeas leis.


Agus aduḃairt sé, Is ar an aḋḃar sin aduḃairt mé liḃ naċ féidir le h‐aoinneaċ teaċt ċugam muna ḃfuil taḃarṫa ag m’Aṫair ḋó teaċt.


Atá a ḟios agam gur de ṡíol Abraċaim siḃ; aċt atá siḃ ag iarraiḋ mise do ṁarḃaḋ, de ḃriġ naċ ḃfaġann mo ḃriaṫra sliġe ionnaiḃ.


Cad ċuige naċ dtuigeann siḃ mo ċainnt? De ḃriġ naċ ḃfuil ar ċumas daoiḃ éisteaċt lem’ ḃriaṫraiḃ.


Aċt de ḃriġ go laḃraim‐se an ḟírinne, ní ċreideann siḃ mé.


Air seo is eaḋ aiṫniġtear clann Dé agus clann an diaḃail: an té naċ gcleaċtann fíréantaċt, ní duine le Dia eisean ná an té naċ dtugann gráḋ d’á ḃráṫair.


Cibé duine ċreideas gur ab é Íosa an Críost, is ó Ḋia do geineaḋ é, agus cibé duine ġráḋuiġeas an té do ġein é, gráḋuiġeann sé an Mac do geineaḋ uaiḋ.


Cibé duine ṫéiġeas ceann ar aġaiḋ agus naċ gcóṁnuiġeann i dteagasc Ċríost, ní ḟuil Dia aige: cibé duine ċóṁnuiġeas san teagasc sin atá an tAṫair agus an Mac aige.


A ċara ionṁain, ná déan aiṫris ar an olc, aċt ar an ṁaiṫ. An té ċleaċtas an ṁaiṫ, is ó Ḋia atá sé: an té ċleaċtas an t‐olc, ní ḟaca sé Dia.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ