Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 8:39 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 D’ḟreagradar‐san agus aduḃradar leis, Is é Abraċam ár nAṫair‐ne. Aduḃairt Íosa leo, Dá mba ċlann d’Abraċam siḃ, do‐ġéanaḋ siḃ oibreaċa Abraċaim.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

39 Duḃairt siad-san leis, ġá ḟreagairt: Is é Abraham ár n-aṫair. Deir Íosa leo: Má’s clann Abrahaim siḃ, déanaigiḋ oibreaċa Abrahaim.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 D’ḟreagradar agus duḃradar leis: Isé Ábraham ár n-aṫair-ne. Duḃairt Íosa leó: Má’s clann d’Ábraham siḃ deiniḋ oibreaċa Ábrahaim.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

39 Do ḟreagradarsan agus a duḃradar ris, As é Abraham ar naṫairne. A duḃairt Iósa ríu. Dá maḋ clan Dabraham siḃ, do ḋéunaḋ siḃ oibreaċa Abraham.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 8:39
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus ná h‐abraiḋ ’n‐ḃúr n‐aigne: Atá Abraċam ’n‐a aṫair againn: óir adeirim liḃ gur féidir le Dia clann do ṫógáil d’Abraċam de na cloċaiḃ seo.


ionnas go mbéiḋ siḃ i n‐ḃúr gclainn ag ḃúr nAṫair atá ar neaṁ: óir cuireann sé a ġrian ag éirġe ar na daoiniḃ, idir olc agus maiṫ, agus cuireann sé an ḟearṫainn ag tuitim ar na daoiniḃ do‐ġní an ċóir agus orṫa‐san do‐ġní an éagcóir.


D’ḟreagradar é, De ṡíol Abraċaim sinne, agus ní raḃamar riaṁ ’n‐ár seirḃiseaċaiḃ ag aon duine: cionnas adeirir‐se, Saorfar siḃ?


Atá a ḟios agam gur de ṡíol Abraċaim siḃ; aċt atá siḃ ag iarraiḋ mise do ṁarḃaḋ, de ḃriġ naċ ḃfaġann mo ḃriaṫra sliġe ionnaiḃ.


Cad ċuige naċ dtuigeann siḃ mo ċainnt? De ḃriġ naċ ḃfuil ar ċumas daoiḃ éisteaċt lem’ ḃriaṫraiḃ.


Ba ġeal le ḃúr n‐aṫair Abraċam go ḃfaca sé mo lá, agus do ċonnaic sé é, agus ḃí áṫas air.


agus ’n‐a aṫair do luċt an timċeall‐ġearrṫa, toisc naċ é aṁáin gur timċeall‐ġearraḋ iad, aċt go leanann siad lorg an ċreidiṁ do ḃi ag ár n‐aṫair Abraċam an tráṫ ’n‐a raiḃ sé gan timċeall‐ġearraḋ.


D’á ḃriġ sin is ó ċreideaṁ atá an oiḋreaċt, ċum go mbéaḋ sí do réir grása: ċum go mbéaḋ an geallaṁain diongḃálta do’n tslioċt uile: ní h‐é aṁáin do na daoiniḃ atá fá’n dliġe, aċt do’n dream sin, leis, go ḃfuil an creideaṁ céadna aca agus ḃí ag Abraċam, atá ’n‐a aṫair againn go léir,


agus ní h‐i dtaoḃ gur daoine de ṡlioċt Abraċaim iad gur daoine d’á ċloinn iad go léir: aċt, I nÍosóg ainmneoċar slioċt duit.


Agus má’s le Críost siḃ, is slioċt Abraċaim siḃ, leis, oiḋrí de réir na geallaṁna.


Bíoḋ a ḟios agaiḃ d’á ḃriġ sin, na daoine atá i muiniġin an ċreidiṁ, gur ab iad clann Abraċaim iad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ