Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 8:32 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 agus aiṫneoċaiḋ siḃ an ḟírinne, agus saorfaiḋ an ḟírinne siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

32 Agus béiḋ fios na fírinne agaiḃ, agus saorfaiḋ an ḟírinne siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Agus cuirfiḋ siḃ eólus ar an ḃfírinne, agus saorfaiḋ an ḟírinne siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

32 Agus áiṫéontáoi a nfírinne, agus saorfaiḋ a nfirinne siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 8:32
42 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Tógaiḋ mo ċuing‐se oraiḃ, agus foġlaimiḋ uaim, óir atáim ceannsa agus uṁal im’ ċroiḋe: agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ faoiseaṁ d’ḃúr n‐anmannaiḃ.


Agus do‐rinneaḋ colann de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ sé ’n‐ár measc (agus do ċonnacamar a ġlóir, aṁail glóir Aon‐Ṁic an Aṫar), lán de ġrás agus d’ḟírinne.


Óir tugaḋ an reaċt tré Ṁaois, aċt ṫáinig grás agus fírinne tré Íosa Críost.


Aduḃairt Íosa leis, Is mise an tsliġe, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa: ní ṫig aoinneaċ ċum an Aṫar aċt aṁáin tríom‐sa.


nuair ṫiocfas an Spiorad úd na fírinne, treoróċaiḋ sé ċum na fírinne uile siḃ: óir ní h‐uaiḋ féin laḃras sé; aċt laḃarfaiḋ sé gaċ a gcluineann sé: agus noċtfaiḋ sé ḋaoiḃ na neiṫe atá le teaċt.


Coisric san ḃfírinne iad: is fírinne do ḃriaṫar‐sa.


Atá scríoḃṫa ins na fáiḋiḃ, Agus béiḋ siad uile d’á dteagasc ag Dia. Gaċ duine d’éist leis an Aṫair, agus d’ḟoġlaim, tagann sé ċugam‐sa.


Cibé duine gur mian leis a ṫoil‐sean do ḋéanaṁ, tuigfiḋ sé i dtaoḃ an teagaisc, an ó Ḋia laḃraim, nó uaim féin.


Ar an aḋḃar sin, má ṡaorann an Mac siḃ, béiḋ siḃ saor dá ríriḃ.


Aċt anois, ar mbeiṫ fuascailte ó ṗeacaḋ ḋaoiḃ, agus siḃ ’n‐ḃur seirḃíseaċaiḃ do Ḋia, atá toraḋ ḃur saoṫair agaiḃ ċum naoṁṫaċta, agus is í an ḃeaṫa ṡíorraiḋe an deireaḋ béas air.


Óir ní ḟuair siḃ spiorad na daoirse ċum ḃeiṫ fá eagla arís: aċt fuair siḃ spiorad uċtcaċta, tríd a nglaoḋaimíd, Abbá, a Aṫair.


Óir do ṡaor dliġe Spioraid na beaṫaḋ i nÍosa Críost mé ó ḋliġe an ṗeacaiḋ agus an ḃáis.


Óir an té do gairmeaḋ san Tiġearna, bíoḋ gur scláḃaiḋe é, saoránaċ an Tiġearna is eaḋ é: ar an gcuma ċéadna an té fuair gairm agus é saor, searḃónta Ċríost is eaḋ é.


Is ċum saoirse do rinne Críost saor sinn: seasaiḋ go daingean, mar sin, gan ḃeiṫ ceangailte arís fá ċuing na daoirse.


Óir, a ḃráiṫre, is ċum saoirse do glaoḋaḋ siḃ; aċt aṁáin ná déanaiḋ leiṫscéal de ḃur saoirse le h‐aġaiḋ na feola, aċt biḋiḋ mar ṡeirḃísiġ i ngráḋ d’á ċéile.


mná ḃíos ag síor‐ḟoġlaim gan a ḃeiṫ ar ċumas dóiḃ teaċt ar eolas na fírinne.


Aċt an té ḋearcas isteaċ san dliġe beaċt, dliġe na saoirse, agus leanas ag dearcaḋ, gan ḃeiṫ ’n‐a éistiġṫeoir dearmadaċ, aċt ’n‐a ḟear gníoṁ do ḋéanaṁ, beannóċar an duine sin ’n‐a ġníoṁ.


Laḃraiḋ agus déanaiḋ gníoṁ mar ḋaoine go dtiuḃarfar breiṫeaṁnas orṫa do réir dliġe na saoirse.


mar ṡaor‐ḋaoine, agus gan úsáid do ḃaint as ḃur saoirse ċum clúdaċ do ċur ar olcas, aċt mar ṡeirḃísiġ Dé.


An seanóir ċum na baintiġearna toġṫa agus ċum a clainne, go ḃfuil gráḋ agam dóiḃ san ḃfírinne; agus ní h‐agam‐sa aṁáin, aċt ag na daoiniḃ uile go ḃfuil eolas ar an ḃfírinne aca;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ