Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 8:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Atá mórán agam le ráḋ agus le breaṫnú ’n‐ḃúr dtaoḃ: aċt an té do ċuir uaiḋ mé atá sé fíor; agus na neiṫe do‐ċualas uaiḋ‐sean, is iad sin na neiṫe laḃraim leis an saoġal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

26 Tá mórán neiṫe le ráḋ agus le breaṫnuġaḋ agam fá dtaoiḃ díḃ, aċt tá an té a ċuir uaiḋ mé fírinneaċ: agus na neiṫe a ċuala mé uaiḋ-sean, is iad a laḃraim san tsaoġal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Tá a lán agam le ráḋ agus le breiṫniú i nḃúr dtaoḃ; aċ tá an t-é a ċuir uaiḋ mé fíor; agus na neiṫe a ḋ’airiġeas-sa uaiḋ siniad na neiṫe a laḃraim sa tsaoġal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Atá mórán agam ré laḃairt agus ré ḃreaṫnuġaḋ ḃur dtimċeallsa: aċd as fírinneaċ an té do ċuir úaḋ mé; agus laḃruim ris a tsáoġal na neiṫe do ċúaluiḋ mé úaḋsan

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 8:26
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ní seirḃísiġ ġlaoḋaim oraiḃ feasta; óir ní h‐eol do’n tseirḃíseaċ céard do‐ġní a ṫiġearna: aċt ṫugas cáirde oraiḃ; óir gaċ a gcualas óm’ Aṫair ṫugas le fios daoiḃ‐se.


Is iomḋa niḋ eile atá agam le ráḋ liḃ fós, aċt ní ḟuil ar ċumas daoiḃ a ḟulang anois. Aċt ċeana,


óir na briaṫra ṫugais dom, ṫugas dóiḃ‐sean iad, agus do ġlacadar iad, agus do ḃí a ḟios aca go fíor gur ab uait‐se ṫáinig mé, agus do ċreideadar gur tusa do ċuir uait mé.


D’ḟreagair Íosa ḋó, Do laḃras go foscailte leis an saoġal; do‐ġnínn teagasc i gcóṁnaiḋe san tsionagóig agus san teampall mar a gcruinniġeann na h‐Iúdaiġ uile le ċéile; níor laḃras éinniḋ fá ċeilt.


Go firinneaċ adeirim leat, Innsimíd an niḋ atá ar eolas againn, agus do‐ḃeirimid fiaḋnaise i dtaoḃ a ḃfacamar: agus ní ġlacann siḃ ár ḃfiaḋnaise.


D’ḟreagair Íosa iad, agus aduḃairt sé, Ní liom féin mo ṫeagasc‐sa, aċt leis an té do ċuir uaiḋ mé.


Annsin do ġlaoḋ Íosa ós árd, agus é ag teagasc sa teampall, g‐á ráḋ, Atá aiṫne agaiḃ orm‐sa, agus atá a ḟios agaiḃ cá h‐as dom; agus ní uaim féin ṫáinig mé, aċt an té do ċuir uaiḋ mé atá sé fíor, an té naċ ḃfuil aiṫne agaiḃ‐se air.


Uime sin aduḃradar leis, Cia ṫú féin? Aduḃairt Íosa léo, Cad ċuige ḋom ḃeiṫ ag laḃairt liḃ, ar ċor ar biṫ?


Níor ṫuigeadar gur i dtaoḃ an Aṫar do ḃí sé ag cainnt.


Aċt atá siḃ anois ag iarraiḋ mise do ṁarḃaḋ, duine d’innis daoiḃ an ḟírinne do‐ċuala mé ó Ḋia: ní ḋearna Abraċam sin.


Aċt, mar tá Dia fírinneaċ, ní raiḃ ár mbriaṫar daoiḃ‐se ’n‐á ’seaḋ agus ’n‐a ní h‐eaḋ i n‐éinḟeaċt.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ