Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 8:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus aduḃairt na h‐Iúdaiġ, An aṁlaiḋ ṁuirḃfeas sé é féin, go n‐abrann sé, An áit ’n‐a ḃfuilim ag dul ní ḟéadfaiḋ siḃ‐se teaċt ann?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Duḃairt na h-Iúdaiġ, dá ḃríġ sin: An aṁlaiḋ go muirfiḋ sé é féin, ar an aḋḃar gur ḋuḃairt sé: Mar a ḃfuil mise ag dul, ní féidir díḃ-se teaċt?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus duḃairt na Iúdaiġ: An aṁlaiḋ a ṁarḃóċaiḋ sé é féin, go nduḃairt sé, An áit ’n-a ḃfuilim-se ag dul ní ḟéadfaiḋ siḃ-se teaċt ann?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Uime sin duḃradar na Iúdaiġe, An muirḃfe sé é féin fá a nabair sé, Mar a dtéiġimsi, ní héidir liḃsi teaċd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 8:22
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus is í seo fiaḋnaise Eoin, nuair do ċuir na h‐iúdaiġ sagairt agus Leḃítiġ ó Iarúsalem ċuige g‐á ḟiafruiġe ḋe, Cia h‐é ṫusa?


Agus aduḃairt mórán aca, Atá deaṁan ann, agus is ar buile atá sé; cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag éisteaċt leis?


D’ḟreagair an sluaġ agus aduḃradar, Deaṁan atá ionnat: cia atá ag iarraiḋ ṫú do ṁarḃaḋ?


Annsin aduḃairt na h‐Iúdaiġ eadorṫa féin, Cia an áit ’n‐a raċaiḋ an duine seo, agus naċ ḃfaiġimíd é? An raċaiḋ sé ċum na ndaoine atá scaipṫe i measc na nGréagaċ, leis na Gréagaiġ do ṫeagasc?


D’ḟreagair na h‐Iúdaiġ agus aduḃradar leis, Naċ maiṫ adeirimíd é gur Samáritánaċ ṫú, agus go ḃfuil deaṁan ionnat?


Aduḃairt na h‐Iúdaiġ leis, Atá a ḟios againn anois go ḃfuil deaṁan ionnat. Atá Abraċam marḃ, agus na fáiḋe, agus adeir tusa, Má ċoiṁéadann duine mo ḃriaṫar‐sa, ní ḃlaisfiḋ sé bás go deoiḋ.


Óir saṁluiġiḋ liḃ féin an té gur cuireaḋ cóṁ mór sin ’n‐a ċoinniḃ, agus peacaiġ g‐á ṡéanaḋ, ċum naċ n‐éireoċaiḋ siḃ lag, claoiḋte ’n‐ḃur n‐anmannaiḃ.


D’á ḃriġ sin imṫiġmís amaċ as an gcampa ċuige, ag iomċar a ṁasla.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ