Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 8:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Do laḃair Íosa na briaṫra sin i n‐áit an ċiste, agus é ag teagasc sa teampall: agus níor ċuir aon duine láṁ air, óir ní raiḃ a uair tagṫa fós.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Laḃair Íosa na briaṫra sin i seomra an ċiste, agus é ag teagasc san teampall: agus ní rug aoinneaċ air, de ḃríġ naċ dtáinic a uair go fóill.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Do laḃair Íosa na focail sin i n-áit ċoimeádṫa an ċiste, agus é ag teagasg sa teampul; agus níor rug aoinne air, mar ní raiḃ a ṫráṫ tagaiṫe fós.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Do laḃaír Iósa ná bríaṫrasa a náit ċoiṁéada an ċisde, ag teagasg ann sa teampall: agus níor ċuir áonduine láṁ ann; óir ní ṫaínig a uáir fós.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 8:20
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aduḃairt Íosa an uair sin leis an sluaġ, An le claiḋṁtiḃ agus le bataiḃ ṫángaḃar amaċ ċum beirṫe orm mar ḃéaḋ biṫeaṁnaċ ann? Do ḃíos im’ ṡuiḋe sa teampall gaċ lá ag teagasc, agus ní rugaḃar orm.


Agus do ṫóg uaċtaráin na sagart na deiċ bpíosaí fiċead airgid, agus aduḃradar, Ní dleaġṫaċ iad do ċur sa gciste, mar is airgead fola iad.


Agus do ṡuiḋ sé os cóṁair an ċiste, agus ṫug sé fá deara cionnas do ċuireaḋ na daoine airgead isteaċ sa gciste: agus do ċuir a lán daoine saiḋḃir mórán isteaċ ann.


Agus do ġlaoḋ sé ċuige a ḋeisceabail, agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Is mó do ċuir an ḃaintreaḃaċ ḃoċt so isteaċ ’ná iad‐san uile d’á ḃfuil ag cur niḋ ann:


Agus do ḃí na scríoḃaiḋṫe agus uaċtaráin na sagart ag iarraiḋ greim láiṁe d’ḟáġáil air an t‐am sin féin; agus do ḃí eagla an ṗobail orṫa: óir ba léir ḋóiḃ gurab ’n‐a n‐aġaiḋ féin d’innis sé an tsaṁlaoid sin.


Agus ag féaċain dó, do ċonnaic sé na daoine saiḋḃre agus iad ag cur a dtaḃastas isteaċ sa gciste.


D’iarradar breiṫ air arís: agus d’éaluiġ sé as a láṁaiḃ.


Agus aduḃairt Íosa léi, Caidé sin duit‐se nó daṁ‐sa, a ḃean? ní ṫáinig m’uair‐se go fóill.


Aċt nuair ḃí a leaṫ de’n ḟéile ṫart, do ċuaiḋ Íosa suas go dtí an teampall, agus do‐rinne sé teagasc.


Annsin do ṡanntuiġeadar breiṫ air: aċt níor ċuir aon duine láṁ ann, óir ní raiḃ a uair tagṫa fós.


Agus ba ṁian le cuid aca breiṫ air, aċt níor ċuir aon duine láṁ air.


Téiġiḋ‐se suas ċum na féile: ní ḟuilim‐se ag dul ċum na féile seo fós; óir ní ṫáinig m’uair fós.


Agus ṫáinig sé isteaċ sa teampall arís go moċ ar maidin, agus ṫáinig na daoine go léir ċuige, agus do ṡuiḋ sé síos, agus do ḃí sé g á dteagasc.


Annsin do ṫógadar cloċa le caiṫeaṁ leis: aċt do ċuaiḋ Íosa i ḃfolaċ, agus d’imṫiġ sé as an teampall.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ