Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 7:39 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Aċt is i dtaoḃ an Spioraid do ḃí le glacaḋ aca‐san do ċreidfeaḋ ann, aduḃairt sé an méid sin: óir do ḃí an Spiorad gan bronnaḋ fós; de ḃriġ go raiḃ Íosa gan glóiriú fós.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

39 Agus duḃairt sé seo fá’n Spiorad a ġeoḃaḋ an méid a ċreidfeaḋ ann: óir ní raiḃ an Spiorad bronnta go fóill, de ḃríġ naċ raiḃ Íosa go fóill ina ġlóir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Agus do laḃair sé an ċaint sin ar an Spioraid a ḃí le glacaḋ ag an muintir a ċreidfeaḋ ann; óir ḃí an Spioraid gan taḃairt fós, mar ḃí Íosa gan dul isteaċ ’n-a ġlóire fós.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

39 (Do laḃair sé so a dtimċeall na Spioraide, do ġlacfaidís na dáoine do ċreidfeaḋ ann san: oír ní raiḃ an Spiorad Náoṁ ar na ṫaḃairt fós; ar son naċ raiḃ Iósa fós ar na ġlóruġaḋ.)

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 7:39
42 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus aduḃradar‐san, Adeir cuid aca, Eoin Baiste; cuid eile, Élias; agus cuid eile, Ieremias, nó duine de na fáiḋiḃ.


Agus aduḃairt na sluaiġte, Is é seo an fáiḋ, Íosa, ó Nasair na Gaililé.


Agus féaċ, atáim ag cur geallaṁna m’Aṫar ċugaiḃ: aċt fanaiḋ‐se sa gcaṫair, nó go gclúduiġtear siḃ le cuṁaċt ó neaṁ.


d’ḟreagair Eoin, agus aduḃairt sé leo, Baistim‐se le h‐uisce siḃ; aċt atá an té is treise ’ná mé ag teaċt, agus ní fiú mé go scaoilfinn iall a ḃróg: baistfiḋ seisean leis an Spiorad Naoṁ agus le teiniḋ siḃ:


Agus ṫug sé d’á ṁáṫair é. Agus ṫáinig criṫ‐eagla ar gaċ uile ḋuine: agus ṫugadar glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Atá fáiḋ mór éiriġṫe ’n‐ár measc: agus, Ṫáinig Dia ar cuairt ċum a ṁuinntire.


Agus d’ḟiafruiġeadar de, Cia h‐é ṫusa, má’s eaḋ? An tú Élias? Aduḃairt seisean, Ní mé. An tusa an fáiḋ? Agus d’ḟreagair seisean, Ní mé.


Agus do ċeistiġeadar é, agus aduḃradar leis, Cad ċuige a ndéanann tú baisteaḋ, mar sin, muna tusa an Críost, nó Élias, nó an fáiḋ?


Agus níor aiṫniġeas‐sa é: aċt an té do ċuir uaiḋ mé ag baisteaḋ le h‐uisce, aduḃairt sé liom, An té go ḃfeicfir an Spiorad ag tuirling air, agus ag fanaṁain air, is é sin an té ḃaisteas leis an Spiorad Naoṁ.


Níor ṫuig a ḋeisceabail na neiṫe sin ar dtús: aċt nuair do ḃí Íosa glóiriġṫe, annsin do ċuiṁniġeadar ar a raiḃ scríoḃṫa ’n‐a ṫaoḃ, agus go ndearnadar na neiṫe sin dó.


Agus d’ḟreagair Íosa iad, g‐á ráḋ, Atá an uair tagṫa ċum glóir do ṫaḃairt do Ṁac an Duine.


Agus cibé niḋ iarrfas siḃ im’ ainm‐se, déanfad é, ċum go nglóireoċar an t‐Aṫair san Mac.


Aċt an Sólásaiḋe, an Spiorad Naoṁ, ċuirfeas an t‐Aṫair uaiḋ im’ ainm‐se, múinfiḋ seisean gaċ uile niḋ ḋaoiḃ, agus cuirfiḋ sé i gcuiṁne ḋaoiḃ gaċ a nduḃras liḃ.


Do‐ḃéarfaiḋ sé glóir ḋaṁ‐sa: óir glacfaiḋ sé dem’ ċuid‐se, agus noċtfaiḋ sé ḋaoiḃ é.


Aċt ċeana atáim ag innsin na fírinne ḋaoiḃ; Is é ḃúr leas mé d’imṫeaċt: óir muna n‐imṫiġim, ní ṫiocfaiḋ an Sólásaiḋe ċugaiḃ, aċt má imṫiġim, cuirfead ċugaiḃ é.


Do laḃair Íosa an méid sin; annsin, ag árdú a ṡúl ċum neiṁe, aduḃairt sé, A Aṫair, atá an uair tagṫa; taḃair glóir dod’ Ṁac, ċum go dtiuḃraḋ an Mac glóir ḋuit‐se:


Agus anois, a Aṫair, taḃair‐se glóir ḋaṁ‐sa, i n‐éinḟeaċt leat féin, leis an nglóir do ḃí agam id’ ḟoċair sara raiḃ an doṁan ar bun.


Agus ar n‐a ráḋ sin dó, d’análuiġ sé orṫa, agus aduḃairt sé leo, Glacaiḋ an Spiorad Naoṁ:


Agus nuair do ċonnaic na daoine an ṁíorḃail do‐rinne sé, aduḃradar, Go fírinneaċ is é seo an fáiḋ atá le teaċt ar an saoġál.


Agus do ḃí conspóid i measc na ndaoine ’n‐a ṫaoḃ: aduḃairt cuid aca, Is fear maiṫ é; aduḃairt cuid eile, Ní h‐eaḋ, aċt ag meallaḋ na ndaoine atá sé.


D’ḟreagair Íosa, Má ḃeirim glóir ḋom féin, is neaṁ‐niḋ mo ġlóir: is é m’Aṫair do‐ḃeir glóir ḋom; an té adeir siḃ‐se gur ab é ḃúr nDia é;


agus aduḃairt sé leo, Ar ġlacaḃar an Spiorad Naoṁ nuair do ċreideaḃar? Agus aduḃeadar leis, Níor ġlacamar, níor ċualamar go ḃfuil an Spiorad Naoṁ ann ċor ar biṫ.


Agus ins na Laeṫiḃ deireannaċa, adeir Dia, Doirtfead mo Spiorad ar gaċ feoil: Do‐ġéanaiḋ ḃúr gclann‐ṁac agus ḃúr gclanninġean tarngaireaċt, Agus ċífiḋ ḃúr n‐ógánaiġ aislingí, Agus béiḋ taiḋḃriḋṫe ag ḃúr seanóiriḃ:


Ar n‐a árdú, mar sin, le láiṁ ḋeis Dé, fuair sé ó’n Aṫair an Spiorad Naoṁ do ḃí geallta, agus do ḋoirt sé amaċ é seo, atá le feicsin agus le clos agaiḃ.


Agus aduḃairt Peadar leo, Déanaiḋ aiṫriġe, agus baistear gaċ duine agaiḃ i n‐ainm Íosa Críost ċum maiṫeaṁnais ḃúr bpeacaḋ; agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ an Spiorad Naoṁ mar ḃronntanas.


Agus do líonaḋ iad uile de’n Spiorad Naoṁ, agus do ṫionnscnadar laḃairt as teangṫaċaiḃ éagsaṁla, de réir mar ṫug an Spiorad dóiḃ laḃairt.


Dia Abraċaim, Dia Íosóig, agus Dia Iácóib, Dia ár sinnsear, ṫug sé glóir d’á ṡeirḃíseaċ Íosa; an té do ḃraiṫ eaḃair‐se, agus do ṡéanaḃair os cóṁair Ṗíoláid, an tan do ċeap sé a scaoileaḋ saor.


Agus nuair do ġuiḋeadar, do ċrioṫ an áit ’n‐a raḃadar cruinniġṫe le ċéile; agus do líonaḋ iad uile de’n Spiorad Naoṁ, agus do laḃradar briaṫar Dé le dánaċt.


Aċt ní do réir na colna ṁaireas siḃ‐se, aċt do réir an spioraid, má’s fíor go gcóṁnuiġeann Spiorad Dé ionnaiḃ. Aċt an duine naċ ḃfuil Spiorad Ċríost ann, ní le Críost é.


cad ċuige naċ mbéaḋ glóir is mó ’ná sin ag miniostrálaċt an spioraid?


Agus ná cuiriḋ doilġíos ar Spiorad Naoṁ Dé, ó n‐ar cuireaḋ séala oraiḃ ċum lae an ḟuascailte.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ