Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 7:36 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 Créad is ciall do’n ċainnt seo aduḃairt sé, Loirgfiḋ siḃ mé, agus ní ḃraiġiḋ siḃ mé: agus an áit ’n‐a mbéiḋ mé, ní ḟéadfaiḋ siḃ teaċt ann?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

36 Cad é is ciall do’n ċainnt seo a duḃairt sé: Béiḋ siḃ ar mo lorg, agus ní ḟuiġiḋ siḃ mé: agus mar a mbím-se, ní féidir díḃ-se teaċt?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

36 Cad í an ċaint seo aduḃairt sé: Loirgeóċaiḋ siḃ mé agus ní ḃfaġaiḋ siḃ mé, agus an áit ’n-a ḃfuilim-se ní féidir daoiḃ-se teaċt ann?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

36 Créud as cíall don ċoṁráḋso a duḃairt sé, Iárrfuiḋe mé, agus ní ḃfuiġṫi: agus an ait a mbía me, ní ḟéadfuiḋesi teaċdann?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 7:36
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

D’ḟreagair an sluaġ é, Do ṫuigeamar ó’n dliġe go ḃfanann an Críost de ṡíor: agus adeir tusa go gcaiṫfear Mac an Duine d’árdú? cia h‐é Mac so an Duine?


A ċlann dílis, atáim ’n‐ḃúr ḃfoċair tamall beag go fóill. Béiḋ siḃ ’gam’ lorg, aċt, mar aduḃairt mé leis na h‐Iúdaċaiḃ, An áit ’n‐a ḃfuilim ag dul, ní ḟéadann siḃ‐sé teaċt ann; deirim liḃ‐se anois é.


Aduḃairt Nicodémus leis, Cionnas do b’ḟéidir go ngeinfiḋe duine agus é aosta? An ḃféadfaḋ sé dul isteaċ i mbroinn a ṁáṫar aṫuair, agus a ḃreiṫ?


D’ḟreagair Nicodémus agus aduḃairt sé leis, Cionnas is féidir na neiṫe sin do ḃeiṫ aṁlaiḋ?


Agus do ḃí na h‐Iúdaiġ ag ceisneaṁ ’n‐a ṫaoḃ, toisc go nduḃairt sé, Is mise an t‐arán ṫáinig anuas ó neaṁ.


Annsin d’éiriġ aiġneas idir na h‐Iúdaiġ, agus aduḃradar, Cionnas is féidir do’n ḟear so a ċuid feola do ṫaḃairt dúinn le n’iṫe?


Ar an aḋḃar sin, a lán d’á ḋeisceablaiḃ nuair do‐ċualadar é, aduḃradar, Is cruaiḋ an ċainnt í sin, cia d’ḟéadfaḋ éisteaċt léi?


Béiḋ siḃ ’gam’ lorg, agus ní ḃfaiġiḋ siḃ mé: agus an áit ’n‐a ḃfuilim‐se, ní ḟéadfaiḋ siḃ‐se teaċt ann.


Agus aduḃairt sé leo arís, Atáim‐se ag imṫeaċt, agus béiḋ siḃ ’gam’ lorg, agus ġeoḃaiḋ siḃ bás ’n‐ḃúr bpeacaḋ; an áit ’n‐a ḃfuilim ag dul, ní ḟéadfaiḋ siḃ‐se teaċt ann.


Ní ġlacann an duine neaṁ‐spioradálta le neiṫiḃ Spioraid Dé: mar is cuma leis iad nó diṫ‐céille: agus ní féidir leis eolas d’ḟáġáil orṫa, de ḃriġ go mbreaṫnuiġtear iad go spiorádálta.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ