Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 7:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Annsin aduḃairt Íosa leo, Tamall beag dom ’n‐ḃúr ḃfoċair go fóill, agus annsin imṫeoċad ċuige‐sean do ċuir uaiḋ mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

33 Duḃairt Íosa leo, dá ḃríġ sin: Ar feaḋ tamaill ḃig go fóill tá mé i ḃur measc: agus téiġim ċuig an té a ċuir uaiḋ mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Agus duḃairt Íosa leó: Táim agaiḃ fós tamall beag aimsire; agus táim ag imṫeaċt ag triall ar an t-é a ċuir uaiḋ mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

33 Uime sin a duḃairt Iósa riú, Bíaiḋ mé fós sealad beag ḃur ḃfoċair, agus na ḋiáiġ sin imṫéoċa mé ċum an té do ċuir uáḋ mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 7:33
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus, tar a éis do’n Tiġearna Íosa laḃairt leo, do gaḃaḋ suas ar neaṁ é, agus do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ Dé.


Agus roiṁ ḟéile na cásca, ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ a ṫráṫ tagṫa ċum imṫeaċt as an saoġal so ċum a Aṫar, ó ṫug sé gráḋ d’á ṁuinntir féin do ḃí sa tsaoġal, ṫug se gráḋ ḋóiḃ go deireaḋ.


ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ gaċ niḋ taḃarṫa ’n‐a láiṁ ḋó ag an Aṫair, agus go dtáinig sé ó Ḋia,


A ċlann dílis, atáim ’n‐ḃúr ḃfoċair tamall beag go fóill. Béiḋ siḃ ’gam’ lorg, aċt, mar aduḃairt mé leis na h‐Iúdaċaiḃ, An áit ’n‐a ḃfuilim ag dul, ní ḟéadann siḃ‐sé teaċt ann; deirim liḃ‐se anois é.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té ċreideas ionnam‐sa, na h‐oibreaċa do‐ġním‐se, déanfaiḋ seisean iad mar an gcéadna, agus is mó ’ná iad ḋéanfas sé; toisc go ḃfuilim ag dul ċum an Aṫar.


Tamall beag eile, agus ní ḟeicfiḋ an saoġal mé feasta; aċt do‐ċífiḋ siḃ‐se mé: óir átáim beo, agus béiḋ siḃ‐se beo mar an gcéadna.


Do‐ċualaḃar mé g‐á ráḋ liḃ, Atáim ag imṫeaċt agus atáim ag filleaḋ ċugaiḃ. Dá mbéaḋ gráḋ agaiḃ dom, do ḃéaḋ áṫas oraiḃ, toisc go ḃfuilim ag dul ċum an Aṫar: óir is mó an t‐Aṫair ’ná mise.


i dtaoḃ an ċirt, toisc go ḃfuilim ag dul ċum m’Aṫar, agus naċ ḃfeicfiḋ siḃ feasta mé;


Ṫáinig mé amaċ ó’n Aṫair, agus ṫáinig mé ar an saoġal: atáim ag fágáil an tsaoġail arís, agus atáim ag dul ċum an Aṫar.


Aċt atáim ag dul anois ċum an té do ċuir uaiḋ mé; agus ní ḟuil duine agaiḃ g‐á ḟiafruiġe ḋíom, Cá ḃfuilir ag dul?


Agus ní ḟuilim‐se feasta ar an saoġal, agus atáid‐sean, ar an saoġal, agus atáim ag teaċt ċugat‐sa. A Aṫair Naoṁṫa, congḃuiġ it’ ainm iad‐san ṫugais dom, ċum go mba aon iad, aṁail sinne.


Aċt atáim ag teaċt ċugat anois; agus atáim ag laḃairt ar an gcuma so san tsaoġal, ċum go mbéaḋ m’áṫas‐sa ’n‐a iomláine ionnta féin.


Áduḃairt Íosa léi, Ná bain liom; óir ní ċuaḋas suas ċum an Aṫar fós: aċt téiġ ċum mo ḃráiṫreaċ, agus abair leo, Atáim ag dul suas ċum m’Aṫar‐sa agus ḃúr nAṫar‐sa, agus ċum mo Ḋé‐se agus ḃúr nDé‐se.


Caiṫfimíd oibreaċa an té do ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ an ḟaid atá an lá ann: atá an oiḋċe ag teaċt nuair naċ ḃféadann aon duine obair do ḋéanaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ