Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 7:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Annsin do ġlaoḋ Íosa ós árd, agus é ag teagasc sa teampall, g‐á ráḋ, Atá aiṫne agaiḃ orm‐sa, agus atá a ḟios agaiḃ cá h‐as dom; agus ní uaim féin ṫáinig mé, aċt an té do ċuir uaiḋ mé atá sé fíor, an té naċ ḃfuil aiṫne agaiḃ‐se air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

28 Ar an aḋḃar sin, laḃair Íosa de ġuṫ árd san teampall, agus é ag teagasc, agus duḃairt: Tá aiṫne agaiḃ orm-sa, agus tá a ḟios agaiḃ cá h-as daṁ: agus ní uaim féin a ṫáinic mé, aċt tá an té a ċuir uaiḋ mé fíor, agus ní h-aiṫnid díḃ-se é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Ansan do laḃair Íosa do ġuṫ árd, agus é ag teagasg sa teampul, agus duḃairt sé: Tá aiṫne agaiḃ orm-sa agus is eol daoiḃ cár ab as mé; agus ní uaim féin a ṫánag; aċ tá an t-é a ċuir uaiḋ mé fíor, agus ni’l aiṫne agaiḃ-se air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 Uime sin do éiġ Iósa ann sa teampoll ag teagasg, agus ag ráḋ, Atá a ḟios aguiḃ cia misi, agus atá a ḟios aguiḃ gá has daṁ: agus ní úaim féin táinig mé, aċd as firinneaċ an té do ċuir uáḋ mé, ar naċ ḃfuil éolus aguiḃsi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 7:28
46 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ḋaṁ‐sa ag m’Aṫair: agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Mac, aċt ag an Aṫair; agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Aṫair aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a ḟoillsiú ḋó.


agus do ċóṁnuiġ sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: ċum go gcóiṁlíonfaiḋe na briaṫra aduḃairt na fáiḋe: goirfear Nasarḋa ḋe.


Aduḃairt Íosa an uair sin leis an sluaġ, An le claiḋṁtiḃ agus le bataiḃ ṫángaḃar amaċ ċum beirṫe orm mar ḃéaḋ biṫeaṁnaċ ann? Do ḃíos im’ ṡuiḋe sa teampall gaċ lá ag teagasc, agus ní rugaḃar orm.


Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ag m’Aṫair daṁ‐sa; agus ní ḟuil a ḟios ag aoinneaċ, aċt ag an Aṫair aṁáin, cia h‐é an Mac; agus cia h‐é an t‐Aṫair, aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a noċtaḋ ḋó.


óir atá Slánuiġṫeoir beirṫe ḋaoiḃ indiu, is é sin Críost an Rí, i gcaṫair Ḋáiḃi.


Agus nuair do ḃí gaċ niḋ ċóiṁlíonta aca de réir dliġe an Tiġearna, d’ḟilleadar go dtí an Ġalilé, go dtí a mbaile féin Nasair.


Agus do ċuaiḋ Seosaṁ, leis, ó’n nGalilé, ó ċaṫair Nasaire, suas go h‐Iúdaea, go ċaṫair Ḋáiḃi, ar a dtugtar Beiṫil, de ḃriġ gur de ṫeaġlaċ agus de ṡlioċt Ḋáiḃi é;


Agus do ċuaiḋ sé síos leo, agus ṫáinig sé go Nasair; agus do ḃí sé uṁal dóiḃ: agus do ċoiṁéad a ṁáṫair na briaṫra so uile ’n‐a croiḋe.


Agus aduḃairt Natanaél leis, An féidir aon niḋ maiṫ do ṫeaċt ó Nasair? Aduḃairt Pilib leis, Tar go ḃfeiciḋ tú.


an té do ċoisric an t‐Aṫair agus do ċuir sé uaiḋ ar an saoġal, an n‐abrann siḃ‐se leis, Táir ag diaṁaslaḋ; toisc go nduḃras, Is mise Mac Dé?


Óir ní h‐uaim féin do laḃras‐sa; aċt an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé, ṫug sé órdú ḋom, céard adéarfainn, agus céard do laḃarfainn.


Naċ gcreideann tú go ḃfuilim‐se san Aṫair, agus go ḃfuil an t‐Aṫair ionnam‐sa? na briaṫra adeirim liḃ, ní h‐uaim féin laḃraim iad; aċt an t‐Aṫair atá ’n‐a ċóṁnaiḋe ionnam, is é oibriġeas.


aċt ċum go n‐aiṫneoċaḋ an saoġal go ḃfuil gráḋ agam do’n Aṫair, agus gur de réir mar d’órduiġ an t‐Aṫair ḋom do‐ġním. Éiriġiḋ, imṫiġmís as so.


Agus do‐ġéanaid an méid sin, de ċionn naċ aiṫnid dóiḃ an t‐Aṫair ná mise.


A Aṫais ḟiréin, níor aiṫin an saoġal mé, aċt d’aiṫniġeas‐sa ṫú; agus do ḃí a ḟios aca‐san gur ċuiris‐se uait mé;


Agus is í seo an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, aiṫne do ḃeiṫ aca ort‐sa, an t‐aon Dia fírinneaċ, agus ar an té do ċuiris uait, Íosa Críost.


ṫáinig seisean ċum Íosa san oiḋċe, agus aduḃairt sé leis, A Rabbí, atá a ḟios againn gur múinteoir ṫáinig ó Ḋia ṫú: óir ní féidir go ndéanfaḋ aon duine na míorḃailtí ġníos tusa, gan Dia ḃeiṫ leis.


An té do ġlac a ḟiaḋnaise, atá taḃarṫa fá n‐a ṡéala aige go ḃfuil Dia fíor.


Atá neaċ naċ mise do‐ḃeir fiaḋnaise im’ ṫaoḃ; agus atá a ḟios agam gur fíor an ḟiaḋnaise do‐ḃeir sé im’ ṫaoḃ.


Ṫánag‐sa i n‐ainm m’Aṫar, agus ní ġlacann siḃ mé: má ṫig duine eile ’n‐a ainm féin, glacfaiḋ siḃ eisean.


Agus aduḃradar, Naċ é seo Íosa mac Ṡeosaiṁ, go ḃfuil aiṫne againn ar a aṫair agus ar a ṁáṫair? cionnas, d’á ḃriġ sin, adeir sé, Ṫáinig mé anuas ó neaṁ?


Aċt nuair ḃí a leaṫ de’n ḟéile ṫart, do ċuaiḋ Íosa suas go dtí an teampall, agus do‐rinne sé teagasc.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Bíoḋ go ḃfuilim ag déanaṁ fiaḋnaise im’ ṫaoḃ féin, atá m’ḟiaḋnaise fírinneaċ, óir is eol dom cá h‐as a dtáinig mé, agus cá ḃfuilim ag dul; aċt ní ḟuil a ḟios agaiḃ‐se cá h‐as a dtáinig mé, ná cá ḃfuilim ag dul.


Agus má ḃeirimse breiṫ féin, tá mo ḃreiṫ fíor: óir ní ḟuilim im’ aonar, aċt atá mise agus an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé i n‐éinḟeaċt.


Agus aduḃradar leis, Cá ḃfuil t’Aṫair? D’ḟreagair Íosa, Ní ḟuil aiṫne agaiḃ orm‐sa ná ar m’Aṫair: dá mbéaḋ aiṫne agaiḃ orm‐sa, do ḃéaḋ aiṫne agaiḃ ar m’Aṫair, ċóṁ maiṫ.


Atá mórán agam le ráḋ agus le breaṫnú ’n‐ḃúr dtaoḃ: aċt an té do ċuir uaiḋ mé atá sé fíor; agus na neiṫe do‐ċualas uaiḋ‐sean, is iad sin na neiṫe laḃraim leis an saoġal.


Aduḃairt Íosa leo, Dá mba é Dia ḃúr n‐aṫair, do ḃéaḋ gráḋ agaiḃ daṁ‐sa: óir is ó Ḋia ṫáinig mé, agus is uaiḋ ṫigim, agus ní uaim féin ṫáinig mé, aċt ba eisean do ċuir uaiḋ mé.


Atá a ḟios againn gur laḃair Dia le Maois: aċt ní h‐eol dúinn cá h‐as do’n ḟear so.


Óir san tsiuḃal dom, agus mé ag féaċain ar na neiṫiḃ aḋras siḃ, fuaras altóir ar a raiḃ an inscríḃinn seo, DO’N DIA ANAIṪNID. An té úd aḋras siḃ gan aiṫne ḃeiṫ agaiḃ air, fógraim daoiḃ é anois.


Agus ó nár ṫoiliġeadar ċum eolas ar Ḋia d’adṁáil, ṫug Dia suas iad d’á ndroċ‐ṁeon féin, ċum neiṫe naċ cuiḃe do ḋéanaṁ;


Nár leigiḋ Dia sin: go n‐aiṫniġtear Dia ḃeiṫ fírinneaċ, aċt an uile ḋuine ḃeiṫ bréagaċ; mar atá scríoḃṫa, Ċum go ḃfoillseoċaiḋe ṫú ḃeiṫ ionnraic id’ ḃriaṫraiḃ, Agus go mbuaḋfá nuair béarfar breiṫ ort.


Aċt, mar tá Dia fírinneaċ, ní raiḃ ár mbriaṫar daoiḃ‐se ’n‐á ’seaḋ agus ’n‐a ní h‐eaḋ i n‐éinḟeaċt.


Óir Dia d’órduiġ do’n tsolas soillsiú as lár an dorċadais, do ṡoillsiġ sé ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ, ċum solas glóire Dé do ṫaḃairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.


i ndóċas na beaṫaḋ síorraiḋe, do ġeall Dia, naċ ḃféadann bréag do ḋéanaṁ, ins na h‐aoisiḃ i ḃfad ó ṡoin;


ionnas tré ḋá niḋ ḃuain‐tseas‐ṁaċa, naċ féidir go ndéanfaḋ Dia bréag ionnta, go mbéaḋ árd‐ṁeisneaċ againne do ṫeiċ ar scáṫ dídeana ċum breiṫe ar an dóċas atá curṫa róṁainn;


An té ċreideas i Mac Dé, atá an ḟiaḋnaise seo ann féin. An té naċ gcreideann do Ḋia, bréagnuiġeann sé é; de ḃriġ nár ċreid sé an ḟiaḋnaise ṫug Dia i dtaoḃ a Ṁic.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ