Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 6:45 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

45 Atá scríoḃṫa ins na fáiḋiḃ, Agus béiḋ siad uile d’á dteagasc ag Dia. Gaċ duine d’éist leis an Aṫair, agus d’ḟoġlaim, tagann sé ċugam‐sa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

45 Tá sé scríoḃṫa ins na Fáiḋe: Agus béiḋ siad uilig dá dteagasc ag Dia. Gaċ aoinneaċ dár ċuala ó’n Aṫair, agus a d’ḟoġlaim, tig sé ċugam-sa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

45 Tá sgríoḃṫa ins na fáiḋiḃ: Agus beid siad go léir d’á dteagasg ag Dia. Gaċ duine a ċlois ó’n Aṫair agus d’ ḟoġluim, tagann sé ċúġam-sa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

45 Atá sgríoḃṫa ann sna fáiḋiḃ, Agus béid síad uile ar na dteagasg ó Ḋía. Ar a naḋḃarsin giḋ bé neaċ ċluineas, agus ḟoġlumas ó Naṫair, tig sé ċugamsa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 6:45
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ḋaṁ‐sa ag m’Aṫair: agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Mac, aċt ag an Aṫair; agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Aṫair aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a ḟoillsiú ḋó.


Le linn a ċainnte, féaċ, do leaṫ scamall lonnraċ orṫa: agus féaċ, an guṫ as lár an scamaill, aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain, ’n‐a ḃfuil mo mór‐aoiḃneas; éistiḋ leis.


Mar atá scríoḃṫa ag Ésáias fáiḋ, Féaċ, cuirim róṁat mo ṫeaċtaire Ullṁóċas do ṡliġe róṁat.


(Fá mar laḃair sé tré ḃéal a ḟáiḋ naoṁṫa do ḃí ann ó ṫosaċ an doṁain),


Agus do ṫarraing sé ċuige an dáréag, agus aduḃairt sé leo, Féaċ, atáimíd ag dul suas go h‐Iarúsalem, agus cóiṁlíonfar gaċ uile niḋ d’á ḃfuil scríoḃṫa ag na fáiḋiḃ i dtaoḃ Ṁic an Duine.


Éisteann mo ċaoiriġ‐se lem’ ġlóir, agus aiṫniġim‐se iad, agus leanann siad mé:


Gaċ a dtugann an t‐Aṫair ḋom, tiocfaiḋ sé ċugam, agus an té ṫig ċugam ní ċuirfiḋ mé uaim é ar ċor ar biṫ.


Agus aduḃairt sé, Is ar an aḋḃar sin aduḃairt mé liḃ naċ féidir le h‐aoinneaċ teaċt ċugam muna ḃfuil taḃarṫa ag m’Aṫair ḋó teaċt.


Seaċnaiḋ, d’á ḃriġ sin, sara dtiocfaiḋ oraiḃ an méid go ḃfuil tráċt air ins na fáiḋiḃ;


Aċt d’iompuiġ Dia, agus ṫug sé suas iad ċum sluaġ neiṁe d’aḋraḋ: mar atá scríoḃṫa i leaḃar na ḃfáiḋ, An beiṫiḋiġ marḃa agus íoḋbarta d’ofráileaḃar dom Ar feaḋ dá ḟiċid bliaḋan san ḃfásaċ, a ṫeaġlaiġ Israel?


ċum go dtugaiḋ Dia ár dTiġearna Íosa Críost, Aṫair na glóire, spiorad eagna agus taisbeánta ḋaoiḃ i n‐eolas air:


D’á ḃriġ sin, bíoḋ an dearcaḋ sin ag an méid dínn atá lán‐ḟoirḃṫe: agus má tá a ṁalairt de ḋearcaḋ fá rud ar biṫ agaiḃ,


Aċt i dtaoḃ an ġráḋa ḃráṫarḋa, ní gáḃaḋ scríoḃaḋ ċugaiḃ: óir fuaraḃar féin teagasc ó Ḋia gur dual daoiḃ gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile,


Is é seo an connraḋ ḋéanfad leo Tar éis na laeṫe úd, adeir an Tiġearna; Cuirfead mo ḋliġṫe ’n‐a gcroiḋeaċaiḃ, Agus scríoḃfad ar a n‐aigeantaiḃ iad:


Aċt maidir liḃ féin, an t‐ungaḋ fuaraḃar uaiḋ‐sean, cóṁnuiġeann sé ionnaiḃ, agus ní gáḃaḋ go múinfeaḋ aoinneaċ siḃ; aċt fá mar ṁúineann a ungaḋ siḃ i dtaoḃ an uile niḋ, agus gur fírinne é, agus naċ bréag é; agus fá mar ṁúin sé siḃ, cóṁnuiġiḋ ann.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ