Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 6:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní mar ġeall ar na cóṁarṫaiḃ do ċonnacaḃar atá siḃ ’gam’ lorg, aċt de ċionn gur iṫeaḃar na bollóga, agus gur sásuiġeaḋ siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

26 Agus duḃairt Íosa leo, ġá ḃfreagairt: Amén, amén adeirim liḃ: tá siḃ ar mo lorg, ní ar son go ḃfaca siḃ míorḃailte, aċt de ḃríġ gur iṫ siḃ de na h-aráin, agus go ḃfuair siḃ ḃur sáiṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 D’ḟreagair Íosa iad agus duḃairt sé: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, táṫaoí a’m lorg-sa, agus ní mar ġeall ar na mírḃúiltíḃ a ċonacaḃair é, aċ mar ġeall ar na bulógaiḃ a ḋ’iṫeaḃair agus do ṡásaiṁ siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Do ḟreagair Iósa ḋóiḃ agus a duḃairt sé, Go deiṁin, deṁin a deirim riḃ, go niárrṫáoi mé, ní tré go ḃfacaḃair na coṁarṫuiḋe, aċd tré gur iṫeaḃair na haráin agus gur sásaḋ siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 6:26
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Muna ngeintear duine aṫuair, ní ḟéadann sé ríoġaċt Dé d’ḟeicsin.


D’ḟreagair Íosa, Go fírinneaċ adeirim leat, Muna ngeintear duine ó uisce agus ó’n Spiorad, ní ḟéadann sé dul isteaċ i ríoġaċt Dé.


Agus nuair do ċonnaic na daoine an ṁíorḃail do‐rinne sé, aduḃradar, Go fírinneaċ is é seo an fáiḋ atá le teaċt ar an saoġál.


Ar n‐a ḟeicsin d’Íosa, áṁ, go raḃadar ar tí teaċt, agus breiṫ air le h‐éigean, ċum rí do ḋéanaṁ ḋe, d’imṫiġ sé ’n‐a aonar arís suas an cnoc.


Agus do lean sluaġ mór daoine é, mar do ċonnacadar na míorḃailtí do‐rinne sé orṫa‐san do ḃí breoite.


nuair do ċonnaic an sluaġ naċ raiḃ Íosa ná a ḋeisceabail annsin, do ċuadar féin isteaċ ins na bádaiḃ, agus ṫángadar go Cafarnaúm ar lorg Íosa.


Annsin aduḃradar leis, Créad é an cóṁarṫa do‐ġní tusa ċum go ḃfeicfimís é, agus go gcreidfimís ionnat?


Aċt aduḃairt mé liḃ go ḃfaca siḃ mé agus naċ gcreideann siḃ.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té ċreideas, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige.


D’á ḃriġ sin aduḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Muna n‐iṫiḋ siḃ feoil Ṁic an Duine, agus muna n‐ólaiḋ siḃ a ḟuil, ní ḟuil aon ḃeaṫa ionnaiḃ.


Aċt atá cuid agaiḃ naċ gcreideans. Óir do ḃí a ḟios ag Íosa ó ṫosaċ cia’rḃ iad nár ċreid, agus cia’rḃ é do ḃí ċum é do ḃraiṫ.


Óir ní do’n Tiġearna Críost atá a leiṫéidí ag déanaṁ seirḃíse, aċt d’á mbolg féin; agus tá siad ag meallaḋ croiḋeaċa na ndaoine simpliḋe le blastaċt cainnte agus le bladaireaċt.


Óir ní h‐iad gnóṫaí Íosa Críost, aċt a ngnóṫaí féin, is cúram leo uile.


gur ab é a ndamnú a ndeireaḋ, gur ab é a mbolg a ndia, agus gur ab é a h‐aḋḃar maoiḋṁeaċais a náire, dream ċuireas a ndúil i neiṫiḃ saoġalta.


conspóidí daoine droċ‐aigeantaċ atá dall ar an ḃfírinne, ṁeasas gur aḋḃar tairḃe an cráḃaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ