Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 6:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus nuair do ċonnaic na daoine an ṁíorḃail do‐rinne sé, aduḃradar, Go fírinneaċ is é seo an fáiḋ atá le teaċt ar an saoġál.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Dá ḃríġ sin, nuair a ċonnaic na daoine sin an ṁíorḃail a ḃí déanta ag Íosa, duḃairt siad: Is é seo go fíor an fáiḋ atá le ṫeaċt ċun an tsaoġail.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Ansan, nuair a ċonaic na daoine sin gur ḋein Íosa an ṁírḃúilt, duḃradar: Gan aṁras isé an fear so an fáiḋ atá le teaċt sa doṁan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Ar a naḋḃarsin an tan do ċunncadar na dáoine sin, an coṁarṫa do rinne Iósa, a duḃradar, As é so gó fírinneaċ an fáiḋ úd do ḃí ċum teaċda air a tsáoġal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 6:14
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

g‐á ḟiafraiġe ḋe, An tusa an té atá le teaċt, nó an gcaiṫfimíd feiṫeaṁ le duine éigin eile?


Agus aduḃairt na sluaiġte, Is é seo an fáiḋ, Íosa, ó Nasair na Gaililé.


Agus aduḃairt seisean leo, Créad iad na neiṫe? Agus aduḃradar‐san leis, Na neiṫe i dtaoḃ Íosa Nasarḋa do ḃí ’n‐a ḟáiḋ cuṁaċtaċ i ngníoṁ agus i mbriaṫar i láṫair Dé agus daoine:


Agus ṫug sé d’á ṁáṫair é. Agus ṫáinig criṫ‐eagla ar gaċ uile ḋuine: agus ṫugadar glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Atá fáiḋ mór éiriġṫe ’n‐ár measc: agus, Ṫáinig Dia ar cuairt ċum a ṁuinntire.


Agus d’ḟiafruiġeadar de, Cia h‐é ṫusa, má’s eaḋ? An tú Élias? Aduḃairt seisean, Ní mé. An tusa an fáiḋ? Agus d’ḟreagair seisean, Ní mé.


Aduḃairt sise leis, Creidim, A Ṫiġearna: creidim gur tusa an Críost, Mac Dé, do ḃí le teaċt ar an saoġal.


Do‐rinne Íosa an tosnú sin ar a ṁíorḃailtiḃ i gCána na Galilé, agus d’ḟoillsiġ sé a ġlóir; agus do ċreid a ḋeisceabail ann.


Aduḃairt an ḃean leis, A ḋuine uasail, do‐ċím gur fáiḋ ṫú.


Aduḃairt an ḃean leis, Atá a ḟios agam go ḃfuil an Messias ag teaċt (an té ar a dtugtar Críost): nuair ṫiocfas seisean, inneosaiḋ sé gaċ uile niḋ ḋúinn.


agus aduḃradar leis an mnaoi, Ní mar ġeall ar do ċainnt‐se ċreidimíd: óir d’éisteamar féin, agus atá a ḟios againn gurb é Slánuiġṫeoir an tsaoġail é go fíor.


Agus do lean sluaġ mór daoine é, mar do ċonnacadar na míorḃailtí do‐rinne sé orṫa‐san do ḃí breoite.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní mar ġeall ar na cóṁarṫaiḃ do ċonnacaḃar atá siḃ ’gam’ lorg, aċt de ċionn gur iṫeaḃar na bollóga, agus gur sásuiġeaḋ siḃ.


Annsin aduḃradar leis, Créad é an cóṁarṫa do‐ġní tusa ċum go ḃfeicfimís é, agus go gcreidfimís ionnat?


Ar n‐a ċlos sin dóiḃ, aduḃairt cuid de’n tsluaġ, Go fírinneaċ, is é seo an fáiḋ. Aduḃairt cuid eile, Is é an Críost é.


Is é an Maois sin aduḃairt le clainn Israel, Tógfaiḋ Dia suas fáiḋ mar mise ḋaoiḃ as lár ḃúr mbráiṫreaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ