Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 5:39 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Cuarduiġeann siḃ na scrioptúirí, óir measann siḃ gur ab ionnta atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe agaiḃ; agus is iad sin do‐ḃeir fiaḋnaise im’ ṫaoḃ‐sa;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

39 Cuartuiġigiḋ na scrioptúirí, óir measann siḃ beaṫa ṡíorraiḋe d’ḟaġáil ionnta: agus is iad-san a ġní fiaḋnaise daṁ-sa:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Cuardaiġtear na scriptiúirí, óir is dóiġ liḃ gur ionta atá beaṫa ṡíoruiḋe le faġáil; agus isiad san a ṫugann fiaḋnaise am’ ṫaoḃ-sa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

39 Cúartuiġiḋ na sgriobtuiriḋe; oír do ciṫear ḋáoiḃ fein gur ab ionnta ġeiḃṫí an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ: agus as iad sin ḃeireas fiaḋnuisi leamsa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 5:39
51 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt d’ḟreagair Iosa, agus aduḃairt sé leo, Atá siḃ amuġa, de ċionn naċ ḃfuil eolas agaiḃ ar na scrioptúiriḃ, ’ná ar ċuṁaċt Dé.


Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé leo, Créad d’órduiġ Maois daoiḃ?


An é nár léiġeaḃar an scrioptúir seo: An ċloċ d’ar ḋiúltaiġ na saoir, Atá cloċ ċinn ċúinne déanta ḋí:


Aċt aduḃairt Abraċam, Atá Maois agus na fáiḋe aca; éistidís leo‐san.


Agus aduḃairt sé leis, Muna n‐éistid le Maois agus leis na fáiḋiḃ, ní mó ’ná sin do ċreidfidís, dá n‐éiriġeaḋ duine ó na marḃaiḃ.


Agus aduḃairt sé leo, A ḋaoine díċéilliḋe, dúr‐ċroiḋeaċa ċum gaċ a nduḃairt na fáiḋe do ċreideaṁain!


Agus ag tosnú ḋó le Maois agus leis na fáiḋiḃ, do ṁíniġ sé ḋóiḃ gaċ a raiḃ ins na scrioptúiriḃ ’n‐a ṫaoḃ féin.


Agus aduḃairt sé leo, Is iad so na briaṫra do laḃras liḃ, an ḟaid do ḃíos fós ’n‐ḃúr ḃfoċair, gurḃ éigean gaċ a ḃfuil scríoḃṫa i reaċt Ṁaoise, agus ins na fáiḋiḃ, agus ins na salmaiḃ, im’ ṫaoḃ‐sa, do ċóiṁlíonaḋ.


Fuair Pilib Natanaél, agus aduḃairt sé leis, Fuaramar an té úd ar ar scríoḃ Maois sa reaċt, agus na fáiḋe, Íosa Nasarḋa, mac Ṡeosaiṁ.


Atá neaċ naċ mise do‐ḃeir fiaḋnaise im’ ṫaoḃ; agus atá a ḟios agam gur fíor an ḟiaḋnaise do‐ḃeir sé im’ ṫaoḃ.


Aċt atá fiaḋnaise agam‐sa is mó ’ná fiaḋnaise Eoin: óir na gnóṫa ṫug m’Aṫair ḋom le cur ċum ċríċe, na gnóṫa féin do‐ġníṁ, do‐ḃeir siad ḟiaḋnaise im’ ṫaoḃ, gur ab é an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé.


agus ní h‐áil liḃ teaċt ċugam‐sa, ċum go mbéiḋ beaṫa agaiḃ.


Óir dá gcreideaḋ siḃ Maois, do ċreidfeaḋ siḃ mise; óir do scríoḃ sé im’ ṫaoḃ‐sa.


D’ḟreagradar agus aduḃradar leis, An as an nGalilé ḋuit‐se, leis? Cuarduiġ, agus ċífir naċ n‐éiriġeann aon ḟáiḋ ó’n nGalilé.


Óir na daoine ċóṁnuiġeas i nIarúsalem, agus a riaġlóirí, toisc gan aiṫne ḃeiṫ aca airsean, agus gan eolas ḃeiṫ aca ar ḃriaṫraiḃ na ḃfáiḋ léiġtear gaċ sabóid, do ċóiṁlíonadar a nduḃradar g‐á ḋaoraḋ.


Agus ḃíodar‐san ní ba uaisle ’ná na daoine do bí i dTessaloníca, agus do ġlacadas an briaṫar go díoġraiseaċ, ag cuardaċ na scrioptúir gaċ lá d’ḟéaċain an raiḃ na neiṫe sin aṁlaiḋ.


A rí Agrippa, an gcreideann tú na fáiḋe? Atá a ḟios agam go gcreideann tú.


do ġeall sé roiṁ ré tré n‐a ḟáiḋiḃ ins na scrioptúiriḃ naoṁṫa,


A lán mór ar gaċ sliġe: i gcéadóir, gur leo‐san do taoḃuiġeaḋ briaṫra Dé.


Déanaḋ briaṫar Críost cóṁnaiḋe go fairsing san uile eagna ionnaiḃ; ag múineaḋ agus ag spreagaḋ a ċéile le salmaiḃ, agus le h‐iomnaiḃ, agus le dántaiḃ spioradálta, ag cantaireaċt do Ḋia le grása ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ.


Aċt anois cuireann siad dúil i ndúṫaiġ atá níos fearr ’ná í, dúṫaiġ neaṁḋa: uime sin ní nár le Dia go nglaoḋfaiḋe a nDia‐san mar ainm air: óir atá caṫair curṫa aige i n‐áiriṫe ḋóiḃ.


Fuair mná a mairḃ ar ais tré aiséirġe: agus do ḃí cuid eile do ciapaḋ, ag diúltú do’n tsliġe éalóiḋ; ċum go ḃfaiġdís aiséirġe dob’ ḟearr:


Agus do ṫuiteas síos ag a ċosaiḃ ċum aḋraḋ do ḋéanaṁ ḋó; aċt aduḃairt seisean liom, Seaċain, ná déan é: is cóiṁ‐ṡeirḃíseaċ leat‐sa mé, agus led’ ḃráiṫriḃ go ḃfuil fiaḋnaise Íosa aca: déan aḋraḋ do Ḋia, óir is í fiaḋnaise Íosa spiorad na tarngaireaċta.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ