Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 3:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 D’ḟreagair Eoin agus aduḃairt sé, Ní féidir le duine éinniḋ do ġlacaḋ muna dtugtar ḋó é ó neaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

27 D’ḟreagair Eoin, agus duḃairt: Ní féidir do ḋuine aon níḋ a ġlacaḋ, muna dtugaḋ dó ó neaṁ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 D’ḟreagair Eóin agus duḃairt sé: Ní féidir do ḋuine aon níḋ do ġlacaḋ mura dtugtar dó é ó neaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Do ḟreagair Eóin agus a duḃairt sé, Ní héidir lé duine éinní ġlacaḋ, muna raiḃ sé ar na ṫaḃairt dó ó neaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 3:27
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Baisteaḋ Eoin, cia uaiḋ a dtáinig sé? ó neaṁ nó ó ḋaoiniḃ? Agus do‐rinneadar diospóireaċt le n‐a ċéile, g‐á ráḋ, Má deirimíd, Ó neaṁ; adéarfaiḋ seisean linn, Cad ċuige, mar sin, nár ċreideaḃar é?


Agus ṫug sé cúig tallanna do ḋuine aca, agus ḋá ṫalainn do ḋuine eile, talann aṁáin do ḋuine eile; do gaċ duine de réir a ġustail; agus d’imṫiġ sé ar a aistear.


Mar do ḃéaḋ duine ag imṫeaċt i ḃfad ó ḃaile, d’ḟág a ṫeaċ, agus ṫug an cúram d’á ṡeirḃíseaċaiḃ, a ċuid féin de’n obair do gaċ duine aca, agus d’órduiġ do’n dóirseoir faire do ḋéanaṁ.


Agus ṫáinig a lán daoine ċuige; agus aduḃradar, Ní ḋearna Eoin míorḃail ar biṫ: aċt gaċ a nduḃairt Eoin i dtaoḃ an ḟir seo, do b’ḟíor é.


Agus aduḃairt sé, Is ar an aḋḃar sin aduḃairt mé liḃ naċ féidir le h‐aoinneaċ teaċt ċugam muna ḃfuil taḃarṫa ag m’Aṫair ḋó teaċt.


tré n‐a ḃfuaramair‐ne grása agus abstalaċt, ċum na Cineaḋaċa uile do ṫaḃairt ċum uṁlaċta do’n ċreideaṁ,


Uime sin, ó ṫárla tíoḋlaicṫe ar leiṫ ḃeiṫ againn, de réir cuimse an ġrása tugaḋ ḋúinn, má’s fáiḋeadóireaċt é, déanaimís do réir ár gcreidiṁ í;


Pól, fuair gairm mar abstal Íosa Críost tré ṫoil Dé,


aċt is é an t‐aon Spiorad aṁáin do‐ġní na neiṫe sin uile, g‐á roinnt ar gaċ duine do réir mar is toil leis féin é.


Aċt is tré ġrása Dé atáim mar atáim; agus an grása do bronnaḋ orm, ní fríṫ gan éifeaċt é; aċt is mó an saoṫar do‐rinneas‐sa ’ná rinne siad uile: giḋ naċ mise do‐rinne, aċt grása Dé do ḃí liom.


Cia h‐é Apollos mar sin? Cia h‐é Pól? Seirḃísiġ tré n‐ar ċreideaḃar; gaċ duine aca do réir mar ṫug Dia ḋó é.


Óir cia rinne duine ar leiṫ ḋíot‐sa? agus créad atá agat naċ ḃfuarais? agus má fuarais féin é, cad ċuige ḋuit ḃeiṫ ag maoiḋeaṁ, aṁail agus naċ ḃfuarais é?


Pól, abstal (ní ó ḋaoiniḃ, agus ní tríd an duine, aċt tré Íosa Críost, agus tré Ḋia, an tAṫair, do ṫóg ó na marḃaiḃ é),


Pól, abstal Íosa Críost tré ṫoil Dé, ċum na naoṁ atá i nEiféis, agus ċum luċt an ċreidiṁ i nÍosa Críost:


Ċuige sin is eaḋ do h‐órduiġeaḋ mise im’ ṡeanmóiriḋe agus im abstal (is í an ḟírinne atá agam d’á ráḋ, ní bréag í), im’ ṫeagascṫóir ċum an creideaṁ agus an ḟírinne do ṁúineaḋ do na Cineaḋaċaiḃ.


Is ó’n áirde ṫuas atá gaċ deaġ‐ṫaḃartas agus gaċ tíoḋlacaḋ iomlán, ag teaċt anuas ó Aṫair na soillse, naċ dtagann claoċloḋ ar biṫ air, ná aṫrú ó ṡolas go dorċadas.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ