Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 3:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 An té ċreideas ann ní tugtar breiṫ air: an té naċ gcreideann atá breiṫ taḃarṫa air ċeana féin, toisc nár ċreid sé i n‐ainm Aon‐Ṁic Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 An té a ċreideas ann, ní ṫaḃartar breiṫeaṁnas air: aċt an ṫé naċ gcreideann, tá breiṫeaṁnas tugṫa air ċeana féin: de ḃríġ naċ gcreideann sé i n-ainm Ṁic Dé, an t-Aoin-ġein.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 An t-é a ċreideann ann, ní tugtar breiṫ air; aċ an t-é ná creideann, tá breiṫ taḃarṫa air ċeana féin, toisg nár ċreid sé i n-ainim Ṁic Dé, an t-Aon Ġein.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 An té ċreideas ann ni damantar é: aċd an té naċ ccreideann ata sé ar ḋaṁnuġaḋ ċeana, tré nar ċréideann atá sé ar ḋaṁnuġaḋ ċeana, tré nar ċréid sé a nainm áoinġeine Ṁic Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 3:18
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An té ċreidfeas agus baistfear, saorfar é; aċt an té naċ gcreidfiḋ, daorfar é.


Aċt an méid do ġlac leis, ṫug sé mar ċeart dóiḃ ḃeiṫ ’n‐a gclainn do Ḋia, dóiḃ‐sean ċreideas ’n‐a ainm:


Ní ḟaca aoinneaċ Dia ariaṁ; an t‐Aon‐Ṁac atá i n‐uċt an Aṫar, do b’é d’ḟoillsiġ é.


aċt do scríoḃaḋ an méid seo ċum go gcreidfeaḋ siḃ gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideaṁain, go mbéaḋ an ḃeaṫa agaiḃ ’n‐a ainm‐sean.


Óir do ġráḋuiġ Dia an saoġal ċóṁ mór sin, go dtug sé a Aon‐Ṁac féin, ionnas, gaċ duine creidfeaḋ ann, naċ gcaillfiḋe é, aċt go mbéaḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige.


An té ċreideas sa Mac, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige; aċt an té naċ n‐uṁluiġeann do’n Ṁac, ní ḟeicfiḋ sé an ḃeaṫa, aċt atá díḃeirg Dé i gcóṁnaiḋe air.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té éisteas lem’ ḃriaṫar‐sa agus ċreideas an té do ċuir uaiḋ mé, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige, agus ní ṫig sé fá ḃreiṫeaṁnas, aċt atá sé aṫruiġṫe ó’n mbás ċum na beaṫaḋ.


Óir is é toil m’Aṫair, an uile ḋuine do‐ċí an Mac, agus ċreideas ann, go ḃfaiġeaḋ sé an ḃeaṫa ṡíosraiḋe, agus tógfad‐sa é an lá deiriḋ.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té ċreideas, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige.


D’á ḃriġ sin, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré ċreideaṁ, atá síoṫċáin againn le Dia tríd ár dTiġearna Íosa Críost;


Ní ḟuil damnú, d’á ḃriġ sin, i ndán do na daoiniḃ atá i nÍosa Críost, naċ siuḃlann do réir na colna, aċt do réir an Spioraid.


Fuair Críost bás, nó, dob ḟearr a ráḋ, d’aiséiriġ sé, agus atá sé ar ḋeasláiṁ Dé, agus do‐ġní sé eadarġuiḋe ar ár son.


Taḃraiḋ aire gan eiteaċ do ṫaḃairt do’n té laḃras. Óir muna dtáinig an dream slán do ḋiúltuiġ do’n té ṫug raḃaḋ dóiḃ ar talaṁ, is luġa‐de ṫioċfaimíd‐ne slán má ṫugaimíd cúl do’n té do‐ḃeir raḃaḋ ó neaṁ anuas:


cionnas éalóċaimíd‐ne má ḋéanaimíd failliġe i slánuġaḋ ċóṁ mór sin? do fógruiġeaḋ ar dtús tríd an Tiġearna, agus do dearḃuiġeaḋ ḋúinn tré na daoiniḃ do ċuala é;


Ċímíd, d’á ḃriġ sin, nár ḟéadadar dul isteaċ ann mar ġeall ar easbaiḋ creidiṁ.


Agus is í a aiṫne, creideaṁain i n‐ainm a Ṁic Íosa Críost, agus gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile, do réir na h‐aiṫne ṫug sé ḋúinn.


Is mar so do noċtaḋ gráḋ Dé ḋúinn, gur ċuir Dia a Aon‐Ṁac féin isteaċ san tsaoġal ċum go mairfímís tríd.


An té ċreideas i Mac Dé, atá an ḟiaḋnaise seo ann féin. An té naċ gcreideann do Ḋia, bréagnuiġeann sé é; de ḃriġ nár ċreid sé an ḟiaḋnaise ṫug Dia i dtaoḃ a Ṁic.


An té go ḃfuil an Mac aige, atá an ḃeaṫa aige; an té naċ ḃfuil Mac Dé aige, ní ḟuil an ḃeaṫa aige.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ