Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 3:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Óir ní ċum breiṫeaṁnas do ṫaḃairt ar an saoġal do ċuir Dia a Ṁac uaiḋ; aċt ċum go saorfaiḋe an saoġal tríd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

17 Óir níor ċuir Dia a Ṁac ar an doṁan, le breiṫeaṁnas a ṫaḃairt ar an doṁan, aċt ċun go slánuiġtí an doṁan tríd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Mar ní ċun go dtaḃarfaḋ sé breiṫ ar an saoġal a ċuir Dia a Ṁac uaiḋ ar an saoġal, aċ ċun go ndéanfaí an saoġal do ṡaoraḋ tríd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Oír níor ċuir Día a Ṁac féin air a tsáoġal do ċum go ndaimnéoċaḋ sé an sáoġal; aċd do ċum go sláinéoċaiḋ an sáoġal ṫird.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 3:17
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Féaċ, béiḋ maiġdean torraċ, agus béarfaiḋ sí mac, Agus do‐ḃéarfar Emmanuel mar ainm air, ainm ċialluiġeas, Dia linn.


Taḃraiḋ aire gan díṁeas do ċaiṫeaṁ ar aoinneaċ de’n ṁuinntir ḃig seo; óir adeirim liḃ, go mbíonn a n‐aingil sin, ar neaṁ, ag sír‐ḟéaċaint ar ġnúis m’Aṫar atá ar neaṁ.


Óir ṫáinig Mac an Duine ċum a raiḃ caillte do ċuardaċ agus do ṡlánú.


An lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċonnaic sé Íosa ag teaċt ċuige, agus aduḃairt sé, Féaċ Uan Dé ṫógas peacaḋ an doṁain!


an té do ċoisric an t‐Aṫair agus do ċuir sé uaiḋ ar an saoġal, an n‐abrann siḃ‐se leis, Táir ag diaṁaslaḋ; toisc go nduḃras, Is mise Mac Dé?


Agus do ḃí a ḟios agam go n‐éisteann tú liom i gcóṁnaiḋe: aċt mar ġeall ar an sluaġ atá ’n‐a seasaṁ im’ ṫimċeall aduḃras é, ċum go gcreidfidís gur ċuiris uait mé.


Fá mar ċuiris mise ċum an tsaoġail, do ċuireas‐sa ċum an tsaoġail iad‐san, ċóṁ maiṫ.


fá mar atáir‐se, a Aṫair, ionnam‐sa, agus mise ionnat‐sa, go mbéaḋ siad‐san ionainn, ċóṁ maiṫ: ċum go gcreidfeaḋ an saoġal gur ċuiris uait mé.


mise ionnta‐san, agus tusa ionnam‐sa; ċum go mbéidís ’n‐a n‐aon go h‐iomlán; go mbéaḋ a ḟios ag an saoġal gur ċuiris uait mé, agus go dtugais gráḋ ḋóiḃ‐sean, fá mar ṫugais gráḋ ḋaṁ‐sa.


A Aṫais ḟiréin, níor aiṫin an saoġal mé, aċt d’aiṫniġeas‐sa ṫú; agus do ḃí a ḟios aca‐san gur ċuiris‐se uait mé;


Agus is í seo an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, aiṫne do ḃeiṫ aca ort‐sa, an t‐aon Dia fírinneaċ, agus ar an té do ċuiris uait, Íosa Críost.


óir na briaṫra ṫugais dom, ṫugas dóiḃ‐sean iad, agus do ġlacadar iad, agus do ḃí a ḟios aca go fíor gur ab uait‐se ṫáinig mé, agus do ċreideadar gur tusa do ċuir uait mé.


Annsin aduḃairt Íosa arís leo, Síoṫċáin daoiḃ: fá mar ċuir an t‐Aṫair uaiḋ mé, cuirim‐se siḃ‐se uaim mar an gcéadna.


Óir an té do ċuir Dia uaiḋ laḃrann sé briaṫra Dé: óir ní de réir tóṁais ḃronnas Dia an Spiorad.


Aċt atá fiaḋnaise agam‐sa is mó ’ná fiaḋnaise Eoin: óir na gnóṫa ṫug m’Aṫair ḋom le cur ċum ċríċe, na gnóṫa féin do‐ġníṁ, do‐ḃeir siad ḟiaḋnaise im’ ṫaoḃ, gur ab é an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé.


Agus ní ḟuil a ḃriaṫar ag fanaṁain ionnaiḃ: óir an té do ċuir sé uaiḋ ní ċreideann siḃ dó.


Ná measaiḋ go gcionntóċad‐sa siḃ i láṫair m’Aṫar: atá duine ċionntuiġeas siḃ, eaḋon, Maois, an té go ḃfuil muiniġin agaiḃ as.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Is é obair Dé, go gcreidfeaḋ siḃ san té do ċuir sé uaiḋ.


Óir ní ċum mo ṫoil féin do ḋéanaṁ ṫáinig mé anuas ó neaṁ, aċt ċum toil an té do ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ.


Óir is é toil m’Aṫair, an uile ḋuine do‐ċí an Mac, agus ċreideas ann, go ḃfaiġeaḋ sé an ḃeaṫa ṡíosraiḋe, agus tógfad‐sa é an lá deiriḋ.


Fá mar ċuir an t‐Aṫair sír‐ḃeo mise uaiḋ, agus gur tríd an Aṫair ṁairimse: mar an gcéadna an té iṫeas mise, is tríom‐sa ṁaireas sé.


Atá aiṫne agam‐sa air; óir is uaiḋ‐sean mé, agus is é féin do ċuir uaiḋ mé.


Aduḃairt sise, Níor ḋaor, a Ṫiġearna. Agus aduḃairt Íosa, Ní mó ḋaoraim‐se ṫú: imṫiġ, agus ná déan aon ṗeacaḋ arís.]


Aduḃairt Íosa leo, Dá mba é Dia ḃúr n‐aṫair, do ḃéaḋ gráḋ agaiḃ daṁ‐sa: óir is ó Ḋia ṫáinig mé, agus is uaiḋ ṫigim, agus ní uaim féin ṫáinig mé, aċt ba eisean do ċuir uaiḋ mé.


agus is eisean an t‐íoḋbarṫaċ, ní h‐aṁáin ar son ár bpeacaiḋe‐ne, aċt ar son peacaiḋe an doṁain ar fad.


Agus do ċonnacamar agus do‐ḃeirimíd fiaḋnaise gur ċuir an tAṫair a Ṁac uaiḋ mar Ṡlánuiġṫeoir an doṁain.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ