Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 21:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Aduḃairt Íosa leis, Má’s toil liom é d’ḟanaṁain go dtiocfad, caidé sin duit‐se?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Deir Íosa leis: Má’s toil liom-sa é fanaċt go dtigiḋ mé, cad é sin duit-se? lean ṫusa mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Duḃairt Íosa leis: Má’s toil liom-sa é ḋ’ḟanṁaint go dtagad, cad é sin duit-se sin? Lean-sa mise.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 A duḃairt Iósa ris, Má símo ṫoílse eision dfanṁuin go ttiuca mé, créd é sin duitse?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 21:22
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin aduḃairt Íosa le n‐a ḋeisceablaiḃ, Má’s mian le h‐aoinneaċ teaċt im’ ḋiaiḋ‐se, diúltaḋ sé ḋó féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mise.


Óir, ar nós na teinntriġe ṫig ó’n doṁan ṫoir, agus do‐ċítear ċóṁ fada leis an doṁan ṫiar; mar sin ḃéas teaċt Ṁic an Duine.


Agus ’n‐a ṡuiḋe ḋó ar ċnoc na nOla‐ċrann, ṫáinig na deisceabail ċuige ar leiṫriḋ, g‐á ráḋ. Innis dúinn, cá ḟaide go dtiocfaiḋ na neiṫe sin ċum críċe? agus cad é cóṁarṫa do ṫeaċta, agus deiriḋ an tsaoġail?


D’á ḃriġ sin, biḋiḋ‐se ullaṁ, leis, óir an uair naċ mbíonn siḃ ag súil leis is eaḋ ṫiocfas Mac an Duine.


Aċt nuair ṫiocfas Mac an Duine ’n‐a ġlóir, agus na h‐aingil go léir i n‐éinḟeaċt leis, suiḋfiḋ sé annsin i gcaṫaoir a ġlóire:


Aċt aduḃairt Íosa leis, Lean mise; agus leig do na marḃaiḃ a mairḃ féin d’aḋlacaḋ.


Agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Atá cuid díoḃ‐san atá ’n‐a seasaṁ annso, agus ní ḃlaisfid‐sean an bás nó go ḃfeicid ríoġaċt Dé ag teaċt i gcuṁaċt.


Agus aduḃairt sé sin g‐á ċur i n‐uṁail cia an saġas báis doġeoḃaḋ sé ċum glóire Dé. Agus ar n‐a ráḋ sin dó, aduḃairt sé leis, Lean mise.


Agus nuair ċonnaic Peadar é aduḃairt sé le h‐Íosa, A Ṫiġearna, cad mar ġeall ar an ḃfear so?


Óir a ṁiniciġe iṫeas siḃ an t‐arán nó ólas siḃ an cupán so, is ag foillsiú báis an Tiġearna atá siḃ, nó go ḃfilliḋ sé.


D’á ḃriġ sin ná taḃraiḋ breiṫeaṁnas i gcúis ar biṫ roiṁ an am, nó go dtagiḋ an Tiġearna ḃéarfas ċum an tsolais neiṫe atá foluiġṫe fá ḋorċadas, agus noċtfas rúin na gcroiḋṫe; annsin ġeoḃas gaċ duine a ṁolaḋ féin ó Ḋia.


Óir créad é ár ndóċas, nó ár n‐áṫas, nó coróin ár nglóire? Naċ siḃ‐se é i ḃfiaḋnaise ár dTiġearna Íosa, ag teaċt dó?


Biḋiḋ foiġdeaċ d’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre, go teaċt an Tiġearna. Féaċ, bíonn an scológ ag fanaṁain le toraḋ luaċṁar na talṁan, agus é go foiġdeaċ ’n‐a ṫaoḃ, nó go ḃfaiġiḋ sé fearṫainn an earraiġ agus fearṫainn an ḟóġṁair.


Bíoḋ foiġid agaiḃ‐se leis, neartuiġiḋ ḃur gcroiḋeaċa, óir ní fada uainn teaċt an Tiġearna.


Féaċ, atá sé ag teaċt leis na néalltaiḃ; agus ċífiḋ gaċ súil é, agus an dream do rop é; agus caoinfiḋ treaḃa uile an doṁain d’á ḃárr. Mar sin ḃéas. Amen.


Aċt ċeana, congḃuiġiḋ greim ar a ḃfuil agaiḃ, nó go dtagad.


An té atá ’n‐a ḟiaḋnaiḋe ar na neiṫiḃ seo, adeir sé, Is aṁlaiḋ atá: atáim ag teaċt go luaṫ. Amen: tar, a Ṫiġearna Íosa.


Agus féaċ, atáim ag teaċt go luaṫ. Is aoiḃinn do’n té ċoiṁeádas briaṫra tarngaireaċta an leaḃair seo.


Atáim ag teaċt go luaṫ; congḃuiġ a ḃfuil agat, ċum naċ mbainfiḋ aoinneaċ do ċoróin díot.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ