Eoin 21:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)2 Is aṁlaiḋ do ḃí i n‐éinḟeaċt le ċéile Síomón Peadar, agus Tomás, d’á ngoirṫear Didimus, agus Natanael as Cána na Galilé, agus clann‐ṁac Ṡebedé, agus beirt eile d’á ḋeisceablaiḃ. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)2 Ḃí Síomon Peadar, agus Tomás, dá ngoirtear Didimus, agus Natanael, arḃ as Cána na Gailile dó, agus clann Ṡebede, agus beirt eile dá ḋeisciobail, i ḃfoċair a ċéile. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)2 Ḃí Símón Peadar, agus Tomás an a dtugtar Didimus, agus Natanaél, an fear ó Ċána na Gaililí, agus clann Sebedé, agus ḃeirt eile deisgiobul, agus iad i ḃfocair a ċéile. အခန်းကိုကြည့်ပါ။An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)2 Do ḃí Síomón Peadar, agus Tomás da ngoirṫear Didimus, agus Natanáel ó Ċána ná Galilé, agus clan Ṡebedéi, agus días eile ḋá ḋeisciobluiḃ a ḃfoċair a ċéile. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |