Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 21:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Annsin, nuair do ḃí iṫte aca, aduḃairt Íosa le Peadar, A Ṡíomóin Eoin, an annsa leat‐sa ’ná leo so mé? Aduḃairt seisean leis, Is eaḋ, a Ṫiġearna is eol duit gur ab ionṁain liom ṫú. Aduḃairt sé leis, Beaṫuiġ m’uain.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Ar an aḋḃar sin, nuair a ḃí biaḋ caiṫte acu, deir Íosa le Síomon Peadar: A Síomoin, a ṁic Eoin, an annsa leat-sa mise ná leo seo? Deir seisean leis: Cinnte, a Ṫiġearna, tá a fios agat gur ionṁuin liom ṫú. Deir sé leis: Beaṫuiġ mo ċuid uan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Ansan, nuair a ḃí bia caiṫte acu, duḃairt Íosa le Símón Peadar: A Ṡímóin ṁic Eóin, an mó do ġráḋ-sa ḋom ’ná a ngráḋ so? Duḃairt seisean leis: Iseaḋ, á Ṫiġearna, is eól duit go ḃfuil gráḋ agam duit. Duḃairt sé leis: Dein m’uain do ċoṫú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Ann sin ar niṫe a ndinéir ḋóiḃ, a duḃairt Iósa ré Síomon Peadar, A Ṡíomoin, ṁic Ióna, a nans leaċd misi ná léo so? A duḃairt seision ris, A seaḋ, a Ṫiġearna; atáa ḟios agadsa gur ab ionnṁuin liom ṫu. A duḃairt seision ris, Beaṫuiḋ muáin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 21:15
49 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An té gurb annsa leis a aṫair nó a ṁáṫair ’ná mise, ní fiú liom é; agus an té gurb annsa leis a ṁac nó a inġean ’ná mise ní fiu é mise.


Agus d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt sé leis, Is aoiḃinn duit, a Ṡíomóin ṁic Ióna: óir ní fuil agus feoil d’ḟoillsiġ duit é, aċt m’Aṫair‐se atá ar neaṁ.


Taḃraiḋ aire gan díṁeas do ċaiṫeaṁ ar aoinneaċ de’n ṁuinntir ḃig seo; óir adeirim liḃ, go mbíonn a n‐aingil sin, ar neaṁ, ag sír‐ḟéaċaint ar ġnúis m’Aṫar atá ar neaṁ.


Aċt d’ḟreagair Peadar agus aduḃairt sé leis, Bíoḋ go ḃfaiġeaḋ cáċ scannal ionnat, ní ḟaiġead‐sa scannal ċoiḋċe.


Aduḃairt Peadar leis, Má’s éigean dom bás féin d’ḟáġáil i n‐éinḟeaċt leat, ní ṡéanfad ṫú. Agus do laḃair na deisceabail uile ar an gcuma ċéadna.


Aċt aduḃairt Peadar leis, Bíoḋ go ḃfuiġeaḋ cáċ scannal, ní ḟaiġead‐sa.


Ná bíoḋ eagla oraiḃ, a ṫréad ḃeag, óir is é toil ḃúr nAṫar an ríoġaċt do ṫaḃairt daoiḃ.


aċt do‐rinneas‐sa guiḋe ar do ṡon‐sa, ċum naċ gcaillfeaḋ ar do ċreideaṁ: agus nuair iompóċair neartuiġ do ḃráiṫre.


Agus ṫug sé leis é ċum Íosa. D’ḟéaċ Íosa air, agus aduḃairt sé, Is tusa Síomón mac Eoin: goirfear díot Céfas (is é sin le ráḋ, Peadar, nó Carraig).


Aduḃairt Peadar leis, A Ṫiġearna, cad ċuige naċ ḃféadaim ṫú do leanaṁain anois díreaċ? doḃéarfad m’anam ar do ṡon.


óir atá gráḋ ag an Aṫair féin daoiḃ, de ḃriġ go raiḃ gráḋ agaiḃ‐se ḋaṁ‐sa, agus gur ċreideaḃar gur ó Ḋia ṫáinig mé.


Aduḃairt Íosa leo, Tagaiḋ i leiṫ agus iṫiḋ ḃúr gcéad‐lón. Agus níor láṁ aoinneaċ de na deisceablaiḃ a ḟiafruiġe ḋe, Cia ṫú? agus a ḟios aca gurḃ é an Tiġearna é.


An deisceabal úd do b’ionṁain le h‐Íosa, aduḃairt sé le Peadar, Is é an Tiġearna atá ann. Nuair do‐ċuala Peadar gurḃ é an Tiġearna é, do ċuir sé a ċóta air, (óir ḃí sé noċt), agus do ċaiṫ sé é féin isteaċ san ḃfairrge.


Aduḃairt Íosa leo, Dá mba é Dia ḃúr n‐aṫair, do ḃéaḋ gráḋ agaiḃ daṁ‐sa: óir is ó Ḋia ṫáinig mé, agus is uaiḋ ṫigim, agus ní uaim féin ṫáinig mé, aċt ba eisean do ċuir uaiḋ mé.


Taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, agus do’n tréad go léir, ar ar ċuir an Spiorad Naoṁ ’n‐ḃúr n‐easbogaiḃ siḃ, leis an eaglais do ċeannuiġ sé le n‐a ḟuil féin, do ċoṫú.


Atá a ḟios agam, nuair ḃéiḋead‐sa imṫiġṫe, go dtiocfaiḋ faolċoin fíoċṁara isteaċ ’n‐ḃúr measc, agus ní staonfaiḋ siad ó’n tréad;


Glacaiḋ ċugaiḃ an duine atá laig‐ċreidṁeaċ, aċt naċ ċum ḃeiṫ ag breiṫ breiṫe ar ṫuairimiḃ.


Is dual dúinne atá láidir dul i dtaca le h‐anḃfainne na ndaoine atá lag, gan ḃeiṫ ag lorg ár n‐aoiḃneasa féin.


Agus de ċionn t’eolais‐se milltear an té atá lag, an bráṫair go ḃfuair Críost bás ar a ṡon.


Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


ċum miosúir áirde iomláine Críost: ionnas naċ mbéidmíd feasta ’n‐ár leanḃaiḃ, d’ár luascaḋ siar, aniar, d’ár scuabaḋ ċum siuḃail ag gaċ gaoiṫ teagaisc, ag cleasaiḋeaċt luċt ceilge, ag a gclisteaċt ċum mealltóireaċta:


ó Ḋia an t‐Aṫair agus ó’n Tiġearna Íosa Críost. Go raiḃ grása aca‐san go léir go ḃfuil gráḋ gan smál aca do’n Tiġearna Íosá Críost.


Anois, Dia na síoṫċána ṫug aoḋaire mór na gcaoraċ ar ais ó na marḃaiḃ tré ḟuil an ċonnarṫa ṡíorraiḋe,


Agus ní ḟuil éinniḋ d’ár cruṫuiġeaḋ naċ ḃfuil soiléir os cóṁair a ṡúl; aċt atá an uile niḋ noċta, lán‐ḟoscailte roiṁ ṡúiliḃ an té go ḃfuil cunntas againn le déanaṁ leis.


an té d’á dtugaḃar gráḋ, giḋ naċ ḃfacaḃar é; ag creideaṁain daoiḃ ann, gan a ḟeicsin fós, atá siḃ ag déanaṁ gáirdeaċais le h‐áṫas do‐inniste, lán de ġlóir;


agus gaċ fuar‐ċráḃaḋ, agus éad, agus gaċ bíodán, agus, mar ḋéanfaḋ naoiḋeanáin nua‐ḃeirṫe, cuiriḋ dúil san mbainne spioradálta úr‐ġlan, gan cealg, ċum go ḃfásfaiḋ siḃ ċum slánuiġṫe d’á ḃárr;


Óir do ḃí siḃ mar ċaoiriġ ag dul ar fán; aċt anois atá siḃ fillte ċum Aoḋaire agus ċum Easpuig ḃur n‐anmann.


Do‐ḃeirimíd gráḋ ḋósan de ḃriġ go raiḃ tosaċ aige‐sean ag taḃairt gráḋa ḋúinne.


Cibé duine ċreideas gur ab é Íosa an Críost, is ó Ḋia do geineaḋ é, agus cibé duine ġráḋuiġeas an té do ġein é, gráḋuiġeann sé an Mac do geineaḋ uaiḋ.


Agus imreoċad bás ar a clainn; agus tuigfiḋ na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduiġeas na duḃáin agus na croiḋeaċa: agus do‐ḃéarfad do gaċ duine agaiḃ do réir ḃur ngníoṁarṫa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ