Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 20:31 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 aċt do scríoḃaḋ an méid seo ċum go gcreidfeaḋ siḃ gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideaṁain, go mbéaḋ an ḃeaṫa agaiḃ ’n‐a ainm‐sean.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

31 Aċt tá na neiṫe seo scríoḃṫa, ċun go gcreidiḋ siḃ gurab é Íosa an Críost, Mac Dé: agus tré ċreidḃeáil, go raiḃ beaṫa agaiḃ ina ainm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Aċ do sgríoḃaḋ an méid seo ionus go gcreidfeaḋ siḃ gur ḃ’ é Íosa is Críost Mac Dé ann; agus, ’ġá ċreideaṁaint, go mbeaḋ an ḃeaṫa agaiḃ i n-a ainim.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 Aċd atáid so sgríoḃṫa, ionnus go gcreidfeaḋ siḃ gur ab é Iósa an Críosd, Mac Dé; agus ionnas ar gcreideaḋ ḋíḃ go ḃfuiḋeaḋ siḃ beaṫa tré na ainmsion.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 20:31
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’ḟreagair Síomón Peadar, agus aduḃairt, Is tú an Críost, Mac Dé ḃí.


Agus an ceanntúir, agus na daoine do ḃí ’n‐a ḟoċair ag faire ar Íosa, nuair do ċonnacadar an crioṫ talṁan agus gaċ a dtarla, ṫáinig eagla ṁór orṫa,


Agus ṫáinig an t‐aiḋḃeirseoir, agus aduḃairt sé leis, Má’s tusa Mac Dé, órduiġ arán do ḋéanaṁ de na cloċaiḃ seo.


An té ċreidfeas agus baistfear, saorfar é; aċt an té naċ gcreidfiḋ, daorfar é.


Agus d’ḟreagair an t‐aingeal agus aduḃairt sé léi, Tuirlingeoċaiḋ an Spiorad Naoṁ ort, agus clúdóċaiḋ cuṁaċt an Té is Aoirde ṫú: agus, d’á ḃriġ sin, an té béarfar, glaoḋfar naoṁṫa air, Mac Dé.


ċum go mḃeiṫeá lán‐deiṁniġṫe de na neiṫiḃ do múineaḋ ḋuit.


agus go ḃfógróċaiḋe ’n‐a ainm aiṫriġe agus maiṫeaṁnas na bpeacaḋ do na ciniḋeaċaiḃ uile, ag tosnú ó Iarúsalem.


D’ḟreagair Natanaél agus aduḃairt sé, A Rabbí, is tusa Mac Dé; is tusa Rí Israel.


Ní ṫagann an gadaiḋe aċt ċum ḃeiṫ ag goid, agus ag marḃaḋ, agus ag slad: ṫáinig mise ċum go mbéaḋ beaṫa aca, agus go mbéaḋ sí go fairsing aca.


Agus an té do ċonnaic é, ṫug sé fiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ; agus atá a ḟiaḋnaise fíor: agus atá a ḟios aige gur fíor a n‐abrann sé, ċum go gcreidfeaḋ siḃ‐se, ċóṁ maiṫ.


D’ḟreagair Tomás, agus aduḃairt sé leis, Mo Ṫiġearna agus mo Ḋia ṫú!


An té ċreideas ann ní tugtar breiṫ air: an té naċ gcreideann atá breiṫ taḃarṫa air ċeana féin, toisc nár ċreid sé i n‐ainm Aon‐Ṁic Dé.


An té ċreideas sa Mac, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige; aċt an té naċ n‐uṁluiġeann do’n Ṁac, ní ḟeicfiḋ sé an ḃeaṫa, aċt atá díḃeirg Dé i gcóṁnaiḋe air.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té éisteas lem’ ḃriaṫar‐sa agus ċreideas an té do ċuir uaiḋ mé, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige, agus ní ṫig sé fá ḃreiṫeaṁnas, aċt atá sé aṫruiġṫe ó’n mbás ċum na beaṫaḋ.


Óir is é toil m’Aṫair, an uile ḋuine do‐ċí an Mac, agus ċreideas ann, go ḃfaiġeaḋ sé an ḃeaṫa ṡíosraiḋe, agus tógfad‐sa é an lá deiriḋ.


Is dó‐san do‐ḃeir na fáiḋe go léir fiaḋnaise, gur ’n‐a ainm‐sean gaċ éinneaċ ċreideas ann do‐ġeoḃaiḋ sé maiṫeaṁnas na bpeacaḋ.


Agus de ḃárr creidiṁ ’n‐a ainm‐sean ṫug a ainm neart do’n duine seo, do‐ċí siḃ agus aiṫniġeas siḃ: agus is é an creideaṁ tríd ṫug dó an tsláinte iomlán atá ’n‐bur ḃfiaḋnaise róṁaiḃ go léir.


Agus san tsliġe ḋóiḃ, ṫángadar mar a raiḃ uisce; agus aduḃairt an coillteánaċ, Féaċ, an t‐uisce; Créad atá ag cur coisc lem’ ḃaisteaḋ?


Agus ar ball, ins na sionagógaiḃ, do ċraoḃscaoil sé Íosa, gur ab é Mac Dé é.


agus slánú ḃur n‐anmann d’á ḟáġáil agaiḃ mar ṫoraḋ ḃur gcreidiṁ.


Cibé duine adṁóċas gur ab é Íosa Mac Dé, cóṁnuiġeann Dia ann, agus cóṁnuiġeann seisean i nDia.


Cibé duine ċreideas gur ab é Íosa an Críost, is ó Ḋia do geineaḋ é, agus cibé duine ġráḋuiġeas an té do ġein é, gráḋuiġeann sé an Mac do geineaḋ uaiḋ.


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost.


Cibé duine ṫéiġeas ceann ar aġaiḋ agus naċ gcóṁnuiġeann i dteagasc Ċríost, ní ḟuil Dia aige: cibé duine ċóṁnuiġeas san teagasc sin atá an tAṫair agus an Mac aige.


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i dTuatíra; Is é adeir Mac Dé, an té go ḃfuil súile mar lasair teineaḋ aige, agus go ḃfuil a ċosa cosṁail le h‐uṁa geal‐ruiṫneaċ:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ