Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 20:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Agus aduḃairt na deisceabail eile leis, Do ċonnacamar an Tiġearna. Aċt aduḃairt seisean leo, Muna ḃfeicim ’n‐a láṁaiḃ rian na dtairngní, agus muna gcuirim mo ṁéar isteaċ i n‐ionad na dtairngní, agus muna gcuirim mo láṁ isteaċ ’n‐a ṫaoḃ, ní ċreidfead.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Dá ḃríġ sin, duḃairt na deisciobail eile leis: Ċonnacamar an Tiġearna. Aċt duḃairt seisean leo: Muna ḃfeiciḋ mé lorg na dtáirngí ina láṁa, agus mo ṁéar a ċur isteaċ i n-áit na dtáirngí, agus mo láṁ a ċur isteaċ ina ṫaoiḃ, ní ċreidfiḋ mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus d’á ḃríġ, sin, duḃairt na deisgiobuil eile leis: Ċonacamair an Tiġearna. Aċ duḃairt seisean leó: Mura ḃfeicead i n-a ḋearnaċaiḃ rian na dtaraingí, agus mura gcuiread mo ṁéar isteaċ i n-inead na dtaraingí, agus mura gcuiread mo láṁ isteaċ ’n-a ṫaoḃ, ní ċreidfead é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Ar a naḋḃarsin a duḃradar na deisciobail eile rís, Do ċunncamairne an Tiġearna. Agus a duḃairt seision ríu, Muna ḃfaice misi lórg na dtairrngeaḋ ann a láṁuiḃ, agus muna gcuire mé mo ṁéur a náit na dtairrngeaḋ, agus muna ccuire mé mo láṁ ann a ṫáoḃ, ní ċreidfe mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 20:25
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

ḃíodar ag magaḋ faoi, g‐á ráḋ, Do ṡaor sé daoine eile; ní ḟuil ar ċumas dó é féin do ṡaoraḋ. Is é Rí Israel é; tigeaḋ sé anuas ó’n gcroiċ, agus creidfimíd ann.


Agus nuair do‐ċualadar go raiḃ sé beo, agus go ḃfaca sise é, níor ċreideadar é.


Agus d’imṫiġeadar‐san agus d’inniseadar do’n ċuid eile é: aċt mar sin féin, níor ċreideadar iad.


Fá ḋeireaḋ, do ṫaisbeán sé é féin do’n ao n ḟear déag ar fad, agus iad ’n‐a suiḋe ag caiṫeaṁ biḋ; agus do ċas sé leo a míċreideaṁ agus a ndúire croiḋe, de ḃriġ nár ċreideadar na daoine do ċonnaic é iar h‐éirġe ḋó.


Agus aduḃairt sé leo, A ḋaoine díċéilliḋe, dúr‐ċroiḋeaċa ċum gaċ a nduḃairt na fáiḋe do ċreideaṁain!


Fuair seisean ar dtús a ḋearḃráṫair féin, Síomón, agus aduḃairt sé leis, Fuaramar an Messias (is é sin le ráḋ, an Críost).


Aduḃairt sé annsin le Tomás, Cuir do ṁéar annso, agus féaċ mo láṁa; agus sín annso do láṁ, agus cuir isteaċ im’ ṫaoḃ í: agus ná bí díċreidṁeaċ, aċt bí creidṁeaċ.


An deisceabal úd do b’ionṁain le h‐Íosa, aduḃairt sé le Peadar, Is é an Tiġearna atá ann. Nuair do‐ċuala Peadar gurḃ é an Tiġearna é, do ċuir sé a ċóta air, (óir ḃí sé noċt), agus do ċaiṫ sé é féin isteaċ san ḃfairrge.


Annsin aduḃradar leis, Créad é an cóṁarṫa do‐ġní tusa ċum go ḃfeicfimís é, agus go gcreidfimís ionnat?


Taḃraiḋ aire, a ḃráiṫre, ar eagla go mbéaḋ droċ‐ċroiḋe dí‐ċreidṁeaċ am ar biṫ i n‐aon duine agaiḃ, go dtréigfeaḋ siḃ an Dia beo:


Agus ciarḃ iad gur ḋearḃuiġ sé ḋóiḃ naċ racaidís isteaċ ’n‐a ṡuaiṁneas, aċt iad‐san aṁáin do ḃí easuṁal?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ