Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 20:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Annsin aduḃairt Íosa arís leo, Síoṫċáin daoiḃ: fá mar ċuir an t‐Aṫair uaiḋ mé, cuirim‐se siḃ‐se uaim mar an gcéadna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Mar sin, duḃairt sé leo arís: Síoṫċáin go raiḃ agaiḃ. Mar a ċuir an t-Aṫair mise uaiḋ, cuirim-se siḃ-se uaim mar an gcéadna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Ansan duḃairt sé airís leó: Síoṫċáin daoiḃ. Fé mar a ṡeól an t-Aṫair mise seólaim-se siḃ-se.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 A duḃairt Iósa ríu a rís, Sioṫċáin maille riḃ: mar do ċuir an Taṫair misi úaḋ, cuirimsí siḃse uáim mar an géudna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 20:21
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Féaċaiḋ, cuirim uaim amaċ siḃ ar nós caoraċ i measc madaḋ allta: biḋiḋ, d’á ḃriġ sin, ċóṁ glic leis na naṫraċaiḃ niṁe, agus ċóṁ símpliḋe leis na colmaiḃ.


An té ġlacas siḃ‐se glacann sé mise, agus an té ġlacas mise glacann sé an té do ċuir uaiḋ mé.


Agus le linn na cainnte sin dóiḃ, do ṡeas sé féin ’n‐a measc, agus aduḃairt sé leo, Síoṫċáin daoiḃ.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, Cibé ġlacas an té ċuirim uaim, ġlacann sé mise; agus cibé ġlacas mise, glacann sé an té do ċuir uaiḋ me.


Fágaim síoṫċáin agaiḃ; do‐ḃeirim mo ṡíoṫċáin daoiḃ: ní mar do‐ḃeir an saoġal, do‐ḃeirim‐se ḋaoiḃ. Ná bíoḋ buaiḋirt ar ḃúr gcroiḋe, ná eagla air.


Agus le linn an tráṫnóna, an lá sin, an ċéad lá de’n tseaċtṁain, agus na dóirse dúnta san tiġ ’n‐a raiḃ na deisceabail cruinniġṫe, ar eagla na nIúdaċ, ṫáinig Íosa agus do ṡeas sé ’n‐a measc, agus aduḃairt sé leo, Síoṫċáin daoiḃ.


Agus ar n‐a ráḋ sin dó, d’análuiġ sé orṫa, agus aduḃairt sé leo, Glacaiḋ an Spiorad Naoṁ:


Agus oċt lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ḃí a ḋeisceabail istiġ arís, agus Tomás ’n‐a ḃfoċair. Ṫáinig Íosa, agus na dóirse dúnta, agus do ṡeas sé ’n‐a measc, agus aduḃairt, Síoṫċáin daoiḃ.


Óir ní ċum breiṫeaṁnas do ṫaḃairt ar an saoġal do ċuir Dia a Ṁac uaiḋ; aċt ċum go saorfaiḋe an saoġal tríd.


go dtí an lá ’n‐ar tógaḋ suas é, tar a éis dó aiṫeanta do ṫaḃairt tríd an Spiorad Naoṁ do na h‐abstalaiḃ do ṫoġ sé;


Aċt doġeoḃaiḋ siḃ neart nuair ṫiocfas an Spiorad Naoṁ oraiḃ: agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr ḃfiaḋnaiḋṫiḃ daṁ‐sa i nIarúsalem, agus i nIúdaea ar fad, agus i Samária, agus go foirimeall an doṁain.


Agus na neiṫe do ċualais uaim‐se i n‐éisteaċt móráin fiaḋnaiḋṫe, cuir ar iontaoiḃ daoine ionnraice iad, go mbéiḋ ar ċumas dóiḃ daoine eile do ṫeagasc, leis.


Uime sin, a ḃráiṫre naoṁṫa, a rannṗáirtiḋṫe san ngairm neaṁḋa, breaṫnuiġiḋ Abstal agus Árd‐Ṡagart an ċreidiṁ adṁuiġmíd, Íosa Críost;


aċt atá súil agam go ḃfeicfead gan ṁoill ṫú, agus laḃarfaimíd béal le béal le ċéile. Go raiḃ síoṫċáin leat. Beannuiġeann na cáirde ḋuit. Beannuiġ do na cáirdiḃ as a n‐ainmneaċaiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ