Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 20:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Áduḃairt Íosa léi, Ná bain liom; óir ní ċuaḋas suas ċum an Aṫar fós: aċt téiġ ċum mo ḃráiṫreaċ, agus abair leo, Atáim ag dul suas ċum m’Aṫar‐sa agus ḃúr nAṫar‐sa, agus ċum mo Ḋé‐se agus ḃúr nDé‐se.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

17 Deir Íosa léi: Ná bain liom, óir ní ḋeaċarḋ mé suas ċuig m’Aṫair go fóill: aċt gaḃ ċuig mo ḃráiṫre, agus abair leo: Tá mé ag dul suas ċuig m’Aṫair-se, agus bur n-Aṫair-se, mo Ḋia-sa agus ḃur nDia-sa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Duḃairt Íosa léi: Ná teangṁuiġ liom, óir níor ċuas suas ċun m’ Aṫar fós; aċ imṫiġ ag triall ar mo ḃráiṫre agus abair leó, Táim ag dul suas ċun m’ Aṫar agus ċun ḃúr n-Aṫar, ag triall ar mo Ḋia agus ar ḃúr nDia.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 A duḃairt Iósa ría, Na bean rium; óir ní ḋeaċaiḋ mé fós súas ċum Maṫar: aċd imṫiġ roṁad ċum mo ḋearḃraiṫreaċ, agus abair ríu, Go ḃfuilim ag dul súas ċum Matrhar féi, agus ċum ḃur Naṫarsa; ċum mo Ḋé féin, agus ḃur Ndíasa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 20:17
48 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

is é sin mo ḋearḃráṫair, agus mo ḋeirḃṡiúr, agus mo ṁáṫair.


Agus freagróċaiḋ an Rí agus adéarfaiḋ sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Cibé niḋ do‐rinneaḃar do’n duine is suaraiġe dem’ ḃráiṫriḃ annso, gur daṁ‐sa do‐rinneaḃar é.


Agus imṫiġiḋ anois go luaṫ, agus innisiḋ d’á ḋeisceablaiḃ, D’éiriġ sé ó na marḃaiḃ; agus féaċ, atá sé ag dul róṁaiḃ do’n Ġalilé; ċífiḋ siḃ annsin é: féaċ, aduḃras‐sa liḃ é.


Aċt i dtaoḃ na marḃ, go n‐aiséiriġeann siad; nár léiġeaḃar i leaḃar Ṁaoise, mar a dtráċtar ar an sceiċ, cionnas do laḃair Dia leis, ’g‐a ráḋ, Is mise Dia Abraċaim, agus Dia Iosóig, agus Dia Iácóib?


Agus, tar a éis do’n Tiġearna Íosa laḃairt leo, do gaḃaḋ suas ar neaṁ é, agus do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ Dé.


Ná tógaiḋ liḃ sparán, ná mála, ná bróga: agus ná beannuiġiḋ d’aon duine ar an mbóṫar.


Agus roiṁ ḟéile na cásca, ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ a ṫráṫ tagṫa ċum imṫeaċt as an saoġal so ċum a Aṫar, ó ṫug sé gráḋ d’á ṁuinntir féin do ḃí sa tsaoġal, ṫug se gráḋ ḋóiḃ go deireaḋ.


ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ gaċ niḋ taḃarṫa ’n‐a láiṁ ḋó ag an Aṫair, agus go dtáinig sé ó Ḋia,


Is iomḋa árus i dteaġlaċ m’Aṫar; muna mar sin do ḃí, adéarfainn liḃ é; óir atáim ag dul le áit do ċur i n‐áiriṫe ḋaoiḃ.


Do‐ċualaḃar mé g‐á ráḋ liḃ, Atáim ag imṫeaċt agus atáim ag filleaḋ ċugaiḃ. Dá mbéaḋ gráḋ agaiḃ dom, do ḃéaḋ áṫas oraiḃ, toisc go ḃfuilim ag dul ċum an Aṫar: óir is mó an t‐Aṫair ’ná mise.


Aduḃairt Íosa leis, Is mise an tsliġe, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa: ní ṫig aoinneaċ ċum an Aṫar aċt aṁáin tríom‐sa.


Ṫáinig mé amaċ ó’n Aṫair, agus ṫáinig mé ar an saoġal: atáim ag fágáil an tsaoġail arís, agus atáim ag dul ċum an Aṫar.


Agus ní ḟuilim‐se feasta ar an saoġal, agus atáid‐sean, ar an saoġal, agus atáim ag teaċt ċugat‐sa. A Aṫair Naoṁṫa, congḃuiġ it’ ainm iad‐san ṫugais dom, ċum go mba aon iad, aṁail sinne.


A Aṫais ḟiréin, níor aiṫin an saoġal mé, aċt d’aiṫniġeas‐sa ṫú; agus do ḃí a ḟios aca‐san gur ċuiris‐se uait mé;


Agus anois, a Aṫair, taḃair‐se glóir ḋaṁ‐sa, i n‐éinḟeaċt leat féin, leis an nglóir do ḃí agam id’ ḟoċair sara raiḃ an doṁan ar bun.


Aduḃairt sé annsin le Tomás, Cuir do ṁéar annso, agus féaċ mo láṁa; agus sín annso do láṁ, agus cuir isteaċ im’ ṫaoḃ í: agus ná bí díċreidṁeaċ, aċt bí creidṁeaċ.


Annsin aduḃairt Íosa leo, Tamall beag dom ’n‐ḃúr ḃfoċair go fóill, agus annsin imṫeoċad ċuige‐sean do ċuir uaiḋ mé.


Óir na daoine do réaṁ‐aiṫniġ sé, do réaṁ‐oirdniġ sé iad, ċum go mbéaḋ siad cosṁail le h‐íoṁáiġ a Ṁic, ċum go mbéaḋ seisean ’n‐a ċéid‐ġein i measc mórán bráiṫreaċ.


Agus béiḋead mar Aṫair agaiḃ, Agus béiḋ siḃ‐se mar ċlann‐ṁac agus mar ċlann‐inġean agam, adeir an Tiġearna Uile‐ċuṁaċtaċ.


Óir is clann Dé siḃ uile tré ċreideaṁ i nÍosa Críost.


Aċt anois cuireann siad dúil i ndúṫaiġ atá níos fearr ’ná í, dúṫaiġ neaṁḋa: uime sin ní nár le Dia go nglaoḋfaiḋe a nDia‐san mar ainm air: óir atá caṫair curṫa aige i n‐áiriṫe ḋóiḃ.


Óir is é seo an connraḋ ḋéanfad le teaġlaċ Israel Tar éis na laeṫe úd, adeir an Tiġearna: Cuirfead mo ḋliġṫe isteaċ ’n‐a n‐aigne, Agus scríoḃfad ar a gcroiḋe iad: Agus béiḋead im’ Ḋia aca, Agus béiḋ siad‐san ’n‐a bpobal agam:


Go mbeannuiġtear Dia, Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost, d’aiṫġein, do réir a ṁór‐ṫrócaire, sinn ċum beo‐ḋóċais tré aiséirġe Íosa Críost ó na marḃaiḃ,


A ċáirde ionṁaine, atáimid ’n‐ár gclainn Dé anois, agus níor foillsiġeaḋ fós créad atá i ndán dúinn. Atá a ḟios againn, nuair foillseoċar é, go mbéiḋmíd cosṁail leis; óir ċífimíd é do réir mar tá sé.


Agus do ċualas árd‐ġlór ó’n riġ‐ċaṫaoir, g‐á ráḋ, Féaċ, atá tabernacal Dé ag daoiniḃ, agus déanfaiḋ sé cóṁnaiḋe i n‐éinḟeaċt leo, agus béiḋ siad ’n‐a bpobal aige, agus béiḋ Dia féin ’n‐a ḃfoċair, agus béiḋ sé aca mar Ḋia:


An té ḃeireas buaiḋ, béiḋ sé ’n‐a oiḋre ar na neiṫiḃ seo: agus béiḋead mar Ḋia aige, agus béiḋ seisean mar ṁac agam‐sa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ