Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 19:30 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Agus nuair do ġlac Íosa an ḃínéigre, aduḃairt sé, Atá críoċnuiġṫe: agus do ċrom sé a ċeann, agus ṫug sé a anam uaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

30 Ar an aḋḃar sin, nuair a ġlac Íosa an ḟínéigir, duḃairt sé: Tá críoċnuiġṫe. Agus ag cromaḋ a ċinn dó, ṫug sé suas a spiorad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Agus nuair a ġlac Íosa an ḟínéigir, duḃairt sé: Tá críoċnuiġṫe. Agus do ċrom sé a ċeann, agus ṫug sé a anam uaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 Ann sin ar ngaḃáil an ḃínégre Díosa, a duḃairt sé, Atá sé ar na ċríoċnuġaḋ: agus ar gcláonaḋ a ċin, do ṫoirḃir sé a spiorad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 19:30
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

ar ċuma Ṁic an Duine naċ dtáinig ċum go ndéanfaiḋe frioṫáileaṁ air, aċt ċum go ndéanfaḋ seisean frioṫáileaṁ, agus ċum a anam do ṫaḃairt i n‐éiric móráin.


Agus d’éiġiṁ Íosa arís de ġuṫ árd, agus ṫug sé a anam uaiḋ.


Agus d’ḟreagair Íosa é, agus aduḃairt sé leis, leig dó anois: óir is mar so is cuiḃe gaċ dliġe do ċóiṁlíonaḋ. Agus do ġéill sé ḋó an t‐am sin.


Agus do ġlaoḋ Íosa de ġuṫ árd, agus d’imṫiġ an t‐anam as.


Óir adeirim liḃ, go gcaiṫfear an niḋ seo atá scríoḃṫa do cóiṁlíonaḋ ionnam‐sa, Agus do h‐áirṁeaḋ é le cuirpṫeaċaiḃ: óir an méid ḃaineas liom atá sé d’á ċóiṁlíonaḋ.


Agus do ġlaoḋ Íosa de ġuṫ árd, agus aduḃairt, A Aṫair, do‐ḃeirim m’anam i leiṫ do láṁ‐sa; agus ag ráḋ na ḃfocal sin dó, do scar a anam leis.


Is mise an t‐aoḋaire maiṫ: do‐ḃeir an t‐aoḋaire maiṫ a anam ar son na gcaoraċ.


Ní ḟuil aon duine g‐á ṫógáil uaim, aċt is uaim féin atáim g‐á ṫaḃairt uaim. Atá ar ċumas dom a ṫaḃairt uaim, agus atá ar ċumas dom a ġlacaḋ ċugam arís. Mar sin do ċuir m’Aṫair de ḋualgas orm.


Ṫugas‐sa glóir ḋuit ar talaṁ, ag críoċnú na h‐oibre ṫugais dom le déanaṁ.


I n‐a ḋiaiḋ sin, ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ gaċ niḋ críoċnuiġṫe, ionnas go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, aduḃairt sé, Atá tart orm.


Aduḃairt Íosa leo, Is é mo ḃiaḋ‐sa toil an té do ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ, agus a ġnó do ċóiṁlíonaḋ.


Óir is é Críost foirċeann na dliġe ċum an uile ḋuine ċreideas d’ḟíréanú.


an té do ċeap Dia ċum ḃeiṫ ’n‐a ċúiteaṁ tré ċreideaṁ ’n‐a ḟuil, ċum a ḟíréantaċt d’ḟoillsiú, ag déanaṁ neaṁ‐ċáis de na peacaiḋiḃ do ḃí déanta roiṁe sin, tré leor‐ḟoiġid Dé;


Glanaiḋ amaċ an sean‐laiḃín ar fad, ċum go mbéiḋ siḃ ’n‐ḃur gcnap úr‐nua, do réir mar tá siḃ gan laiḃín. Óir atá ár n‐uan cásca, is é sin Críost, íoḋbarṫa.


agus i rioċt duine ḋó, d’uirísliġ sé é féin, agus do ḃí sé uṁal go dtí an bás, go bás na croise féin.


ag féaċaint ċum Íosa, príoṁ‐uġdar agus críoċnuiġṫeoir ár gcreidiṁ; an té d’ḟulaing an ċroċ, ar son an áṫais do cuireaḋ roiṁe, do ċuir neaṁ‐ṡuim san náire, agus atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeis riġ‐ċaṫaoireaċ Dé.


Agus is beag naċ ḃféadtar a ráḋ, do réir an dliġe, go nglantar an uile niḋ le fuil, agus gan dortaḋ fola naċ ḃfuil maiṫeaṁnas ar biṫ le fáġáil.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ