Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 19:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Rugadar Íosa, d’á ḃriġ sin: agus d’imṫiġ sé amaċ, ag iomċar a ċroise ḋó, go dtí an áit ar a dtugtar Áit an Ċloiginn, d’á ngoirṫear Golgotá i nEaḃrais:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

17 Agus ag iomċar a ċroise féin dó, ċuaiḋ sé amaċ go dtí an áit, dá ngoirtear Calḃaire, aċt Golgota san Eaḃrais,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus ag iompar a ċroise ċuaiḋ sé amaċ ċun na h-áite ar a dtugtar Áit an ċloiginn, agus Golgota sa teangain Eaḃra,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus ag iomċar a ċroiċe ḋó do ċúaiḋ sé amaċ don áit dá ngoirṫear ait na cloigne, dárab ainm a Neaḃrais Golgota:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 19:17
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an té naċ dtógann a ċros agus naċ leanann im’ ḋiaiḋ‐se, ní fiú liom é.


Annsin aduḃairt Íosa le n‐a ḋeisceablaiḃ, Má’s mian le h‐aoinneaċ teaċt im’ ḋiaiḋ‐se, diúltaḋ sé ḋó féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mise.


Agus iar ḃféaċain d’Íosa air, ṫug sé gráḋ ḋó, agus aduḃairt sé leis, Atá aon niḋ aṁáin i n‐easnaṁ ort: imṫiġ, díol a ḃfuil agat, agus taḃair a luaċ do na boċtaiḃ, agus do‐ġeoḃair saiḋḃreas ar neaṁ; agus tar agus lean mise.


Agus do ḃí teideal a ċúise scríoḃṫa os a ċionn, RÍ NA N‐IÚDAĊ.


Tigeaḋ an Críost, Rí Israel, anuas de’n ċroiċ anois go ḃfeicimís agus go gcreidimís. Agus na daoine do ḃí d’á gcéasaḋ i n‐éinḟeaċt leis, ṫugadar masla ḋó.


Agus do ġlaoḋ sé ċuige an sluaġ agus a ḋeisceabail, agus aduḃairt sé leo, Má’s áil le h‐aoinneaċ mise do leanaṁain, diúltaḋ sé ḋó féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mé.


Cibé duine naċ n‐iomċarann a ċros féin, agus naċ leanann mise, ní féidir ḋó ḃeiṫ ’n‐a ḋeisceabal agam.


Agus nuair do ṡeoladar leo é, rugadar ar ḋuine ó Ċuréne darḃ ainm Síomón, do ḃí ag teaċt isteaċ ó’n tuaiṫ, agus do ċuireadar an ċroċ airsean ċum í d’iomċar i ndiaiḋ Íosa.


Agus nuair do ṡroiċeadar an áit ar a dtugtar An Cloigeann, do ċéasadar annsin é, agus na cuirpṫiġ, duine aca ar a láiṁ ḋeis, agus an duine eile ar a láiṁ ċlé.


Agus do ḃí scríḃinn os a ċionn, IS É SEO RÍ NA n‐IÚDAĊ.


Agus aduḃairt sé leo uile, Má’s áil le h‐aoinneaċ mise do leanṁain, diúltaḋ sé ḋó féin, agus tógaḋ sé a ċros gaċ lá, agus leanaḋ sé mé.


Ar n‐a ċlos sin do Ṗíoláid, ṫug sé Íosa amaċ, agus do ṡuiḋ sé síos san gcaṫaoir breiṫeaṁnais, i n‐áit ar a dtugtar Litostrótos, agus Gabbata i nEaḃrais.


Agus atá i nIarúsalem, i n‐aice geata na gcaoraċ, loċán ar a dtugtar i nEaḃrais Bétesda, go ḃfuil cúig póirsí aige.


agus do ruaigeadar as an gcaṫair amaċ é, agus do ġaḃadar de ċloċaiḃ air: agus do leag na fiaḋnaiḋṫe a mbrait ag cosaiḃ fir óig darḃ ainm Saul.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ