Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 18:38 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Aduḃairt Píoláid leis, Créad is fírinne ann? Agus nuair aduḃairt sé sin, do ċuaiḋ sé amaċ arís ċum na nIúdaċ, agus aduḃairt sé leo, Ní ḟaġaim‐se coir ar biṫ ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

38 Deir Pioláit leis: Cad is fírinne ann? Agus nuair a duḃairt sé sin, ċuaiḋ sé amaċ arís ċuig na h-Iúdaiġ, agus deir leo: Ní ḟaġaim-se coir ar biṫ ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Deir Pílát leis: Cad is fírinne ann? Agus nuair aduḃairt sé an focal san d’imṫiġ sé amaċ airís ċun na n-Iúdaċ, agus duḃairt sé leó: Ní ḃfaġaim-se coir ar ḃiṫ ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

38 A duḃairt Píoláid ris, Ciḋ is firinne ann? Agus aga ráḋ so, do ċúaiḋ se amaċ a rís ċum na Níudaiḋeaḋ, agus a duḃairt sé ríu, Ní ḟaġuimsi cúis ar biṫ air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 18:38
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair do ċonnaic Píoláid naċ raiḃ aon ṁaiṫ ḋó ann, aċt go raiḃ gleo ag éirġe, do ġlac sé uisce ċuige, agus do niġ sé a láṁa i ḃfiaḋnaise an tsluaiġ, g‐á ráḋ, Ní ḟuilim‐se cionntaċ i ḃfuil an ḟíréin seo: féaċaiḋ‐se ċuige.


Agus aduḃairt Píoláid leo, Aċt cad é an t‐olc atá déanta aige? Aċt ba ḋéine do liúġadar, Céas é.


Agus aduḃairt Píoláid le h‐uaċtaránaiḃ na sagart, Ní ḟaiġim aon loċt sa duine seo.


Annsin do ċuaiḋ Píoláid isteaċ san bPraetorium arís, agus do ġlaoḋ sé Íosa ċuige, agus aduḃairt sé leis, An tusa Rí na nIúdaċ?


Agus do ċuaiḋ Píoláid amaċ arís, agus aduḃairt sé leo, Féaċ, atáim g‐á ṫaḃairt amaċ ċugaiḃ, ċum go dtuigfiḋ siḃ naċ ḃfaġaim coir ar biṫ ann.


Agus nuair do ċonnaic na h‐árd‐ṡagairt agus na h‐oifigiġ é, do liúġadar g‐á ráḋ, Croċ é, croċ é. Aduḃairt Píoláid leo, Tógaiḋ féin é, agus croċaiḋ é: óir ní ḟaġaim‐se coir ar biṫ ann.


Aċt nuair do‐ċualadar tráċt ar aiséirġe na marḃ, do ḃí cuid aca do‐rinne magaḋ; aċt ḃí cuid eile aduḃairt, Éistfimíd leat uair éigin eile ’n‐a ṫaoḃ sin.


aċt le fuil luaċṁair, mar ḟuil uain gan loċt, gan smál, fuil Ċríost:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ