Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 18:37 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Annsin aduḃairt Píoláid leis, An rí ṫú mar sin? D’ḟreagair Íosa, Mar adeirir, is rí mé. Ċuige sin rugaḋ mé, agus ċuige sin ṫánag ar an saoġal, ċum go dtiuḃrainn fiaḋnaise do’n ḟírinne. Gaċ duine atá ar ṫaoḃ na fírinne, éisteann sé lem ġlór.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

37 Duḃairt Pioláit leis, dá ḃríġ sin: An rí ṫú mar sin? D’ḟreagair Íosa: Deir tú gur rí mé. Is fá n-a ċoinne seo a rugaḋ mé, agus is fá n-a ċoinne seo a ṫáinic mé ċun an tsaoġail, go dtaḃarainn fiaḋnaise ar son na fírinne: gaċ aoinneaċ dá ḃfuil ar ṫaoiḃ na fírinne, éisteann sé le mo ġuṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Ansan duḃairt Pílát: An rí ṫu, mar sin? D’ḟreagair Íosa: Mar adeirir, is rí mé. Is ċuige do rugaḋ mise, agus is ċuige do ṫánaġ ar an saoġal, ċun go ndéanfainn fiaḋnaise do’n ḃfírinne. Gaċ n-aon a ḃaineann leis an ḃfírinne, éisteann sé le m’ ġlór-sa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

37 Ar a naḋḃarsin a duḃairt Pioláid ris, Má seaḋ an rí ṫú? Do ḟreaguir Iósa, A deir tusa gur rí mé. Is ċuige so rugaḋ mé, agus is ċuige ṫáinig mé ar a tsáoġal, ionnus go ndéanuinn fínné don ḟírinne. Gaċ uile ḋuine atá ar ṫáoḃ na fírinne éisdiḋ sé mo ġuṫsa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 18:37
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aduḃairt Íosa leis, Aduḃrais é: aċt ċeana adeirim leat, Ċifiḋ siḃ Mac an Duine ’n‐a ṡuiḋe feasta ar ḋeas‐láiṁ na h‐uile‐ċuṁaċta, agus é ag teaċt ar néalltaiḃ neiṁe.


Agus do ḃí Íosa ’n‐a ṡeasaṁ i láṫair an riaġaltóra: agus d’ḟiafruiġ an riaġaltóir ḋe, g‐á ráḋ, An tusa Rí na nIúdaċ? Agus aduḃairt Íosa leis, Adeirir é.


Agus aduḃairt Íosa, Is mé: agus do‐ċífiḋ siḃ Mac an Duine ’n‐a ṡuiḋe ar láiṁ ḋeis na cuṁaċta, agus é ag teaċt le scamallaiḃ neiṁe.


Agus d’ḟiafruiġ Píoláid de, An tusa Rí na nIúdaċ? Agus d’ḟiafruiġ seisean agus aduḃairt, Adeirir é.


Agus aduḃairt seisean leo, Adeir siḃ é, gur mé.


Agus d’ḟiafruiġ Píoláid de, g‐á ráḋ, An tusa Rí na nIúdaċ? Agus d’ḟreagair sé agus aduḃairt, Adeirir é.


Agus do‐rinneaḋ colann de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ sé ’n‐ár measc (agus do ċonnacamar a ġlóir, aṁail glóir Aon‐Ṁic an Aṫar), lán de ġrás agus d’ḟírinne.


Óir tugaḋ an reaċt tré Ṁaois, aċt ṫáinig grás agus fírinne tré Íosa Críost.


Aduḃairt Íosa leis, Is mise an tsliġe, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa: ní ṫig aoinneaċ ċum an Aṫar aċt aṁáin tríom‐sa.


An méid do ċonnaic agus do‐ċuala sé, do‐ḃeir sé fiaḋnaise air.


Cibé duine gur mian leis a ṫoil‐sean do ḋéanaṁ, tuigfiḋ sé i dtaoḃ an teagaisc, an ó Ḋia laḃraim, nó uaim féin.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Bíoḋ go ḃfuilim ag déanaṁ fiaḋnaise im’ ṫaoḃ féin, atá m’ḟiaḋnaise fírinneaċ, óir is eol dom cá h‐as a dtáinig mé, agus cá ḃfuilim ag dul; aċt ní ḟuil a ḟios agaiḃ‐se cá h‐as a dtáinig mé, ná cá ḃfuilim ag dul.


Aċt de ḃriġ go laḃraim‐se an ḟírinne, ní ċreideann siḃ mé.


Cia aca ḋíḃ‐se ċuireas peacaḋ im’ leiṫ? Má laḃraim an ḟírinne, cad ċuige naċ gcreideann siḃ mé?


An té is ó Ḋia éisteann sé le briaṫraiḃ Dé: is uime sin naċ n‐éisteann siḃ, óir ní ó Ḋia sí.


Órduiġim duit i ḃfiaḋnaise Dé, do‐ḃeir beaṫa do’n uile niḋ, agus i ḃfiaḋnaise Íosa Críost do rinne adṁáil ṁaiṫ i láṫair Ṗoint Ṗíoláid,


Ó ṫárla ḃur n‐anmanna ḃeiṫ glanta ag uṁlú do’n ḟírinne ḋaoiḃ, ċum fíor‐ġráḋ na mbráṫar do ċoṫú, taḃraiḋ gráḋ ó ċroiḋe go dúṫraċtaċ d’á ċéile:


Níor scríoḃas ċugaiḃ de ḃriġ naċ eol daoiḃ an ḟírinne, aċt de ḃriġ gur ab eol daoiḃ í, agus de ḃriġ naċ dtig bréag ar biṫ ó’n ḃfírinne.


Is eol dúinn go ḃfuilmíd aistriġṫe ó’n mbás go dtí an ḃeaṫa toisc gráḋ ḃeiṫ againn do na bráiṫriḃ. An té atá gan gráḋ fanann sé san mbás.


Air so aiṫniġtear gur daoine de’n ḟírinne sinn, agus béiḋ sásaṁ croiḋe againn ’n‐a ḟiaḋnaise;


Is daoine de ċlainn Dé sinne: an té go ḃfuil aiṫne aige ar Ḋia éisteann sé linn; an té naċ ḃfuil ó Ḋia ní éisteann sé linn. Air so is eaḋ aiṫniġmíd spiorad na fírinne agus spiorad an tseaċráin.


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost.


EOIN ċum na seaċt n‐eaglais atá san Áise: Grása agus síoṫċáin daoiḃ ó’n té atá ann, agus do ḃí ann, agus atá ag teaċt; agus ó na seaċt Spioraidiḃ atá os cóṁair a riġ‐ċaṫaoireaċ;


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i Laodicia; Is é adeir an tAmen, an fiaḋnaiḋe dílis, fírinneaċ, tosaċ a ḃfuil cruṫuiġṫe ag Dia:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ