Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 18:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Ar n‐a ráḋ sin dó, do ḃuail duine de na h‐oifigeaċaiḃ do ḃí láiṫreaċ ’n‐a ṡeasaṁ, ḃuail sé buille boise ar Íosa, g‐á ráḋ, An mar sin do‐ḃeir tú freagra ar an árd‐ṡagart?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Nuair a duḃairt sé seo, ḃuail duine de na seirḃísiġ, a ḃí ina ṡeasaṁ ann, buille boise ar Íosa, ag ráḋ: An mar sin a ḃeir tú freagair ar an árdṡagart?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Nuair aduḃairt sé an méid sin do ḃuail seirḃíseaċ a ḃí láiṫreaċ buille ḃais an Íosa agus duḃairt sé; An mar sin a ṫugann tú freagra ar an árdṡagart?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus an tan duḃairt sé na neiṫesi, dó ḃuáil óglaċ do na máoruiḃ do ḃí na ṡeasaṁ a láṫair bas ar Iósa, ag ráḋ, An mar sin ḟreagrus tú an tárdsagart?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 18:22
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṫosnuiġ cuid aca ar ṡeilí do ċaiṫeaṁ air, agus ar a aġaiḋ d’ḟolaċ, agus ar a ḃualaḋ le dornaiḃ, agus iad ’g‐a ráḋ, Déan fáiḋeadóireaċt: agus do ġaḃ na h‐oifigiġ é agus iad ag gaḃáil de ḃuilliḃ baise air.


Cad ċuige ḋuit ḃeiṫ ’gam’ ċeistiú? Cuir ceist orṫa‐san do‐ċuala a nduḃairt mé leo: féaċ, is eol dóiḃ‐sean céard aduḃairt mé.


Agus Iúdás, nuair fuair sé buiḋean agus oifigiġ ó na h‐árd‐ṡagartaiḃ agus ó na Fairisíneaċaiḃ, ṫáinig sé ċum na h‐áite, agus lóċrainn, agus tóirsí, agus airm aige.


agus ṫángadar ċuige, agus aduḃradar, Go mbeannuiġṫear ḋuit, a Rí na nIúdaċ! agus do ġaḃadar dé ḃosaiḃ air.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ