Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 18:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 D’ḟreagair Íosa ḋó, Do laḃras go foscailte leis an saoġal; do‐ġnínn teagasc i gcóṁnaiḋe san tsionagóig agus san teampall mar a gcruinniġeann na h‐Iúdaiġ uile le ċéile; níor laḃras éinniḋ fá ċeilt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 D’ḟreagair Íosa é: Laḃair mise go puibliḋe leis an tsaoġal: ṫug mé teagasc i gcóṁnaiḋe san tsineagóig, agus san teampall, mar a dtig na h-Iúdaiġ go léir i gcionn a ċéile: agus níor laḃair mé aon níḋ fá ċeilt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 D’ḟreagair Íosa é: Do laḃras go h-osgailte leis an ndoṁan; ḋeineas teagasg i gcóṁnuiġe sa tsinagóig, agus sa teampul, mar a gcruinníġid na Iúdaiġ go léir; agus níor laḃras aon níḋ fé ċeilt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Do ḟreaguir Iósa é, Do laḃair misi ós áird ris a tsáoġal; do ṫeagaisg mé do ġnátg ann sa tsínagóig, agus ann sa teampoll, mar a gcruinniġid na Iúdaiġe uile a gceann a ċéile; agus níor laḃair mé éinní a ḃfolaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 18:20
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

D’á ḃriġ sin, má abróċar liḃ, Feaċ, atá sé sa ḃfásaċ; ná téiġiḋ‐se amaċ: Féaċ, atá sé istiġ ins na cúil‐ṡeomraiḃ; ná creidiḋ é.


Aduḃairt Íosa an uair sin leis an sluaġ, An le claiḋṁtiḃ agus le bataiḃ ṫángaḃar amaċ ċum beirṫe orm mar ḃéaḋ biṫeaṁnaċ ann? Do ḃíos im’ ṡuiḋe sa teampall gaċ lá ag teagasc, agus ní rugaḃar orm.


Annsin do réab an t‐árd‐ṡagart a éadaiġe, agus aduḃairt, Dia‐ṁaslaḋ atá déanta aige: créad é an gáḃaḋ atá againn le n‐a ṫuilleaḋ fiaḋnaiḋṫe? Féaċ, do‐ċualaḃar anois an dia‐ṁaslaḋ: créad do‐ċítear daoiḃ?


Agus do ġluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaiḃ, agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil na ríoġaċta, agus ag leiġeas an uile ġalair agus breoiteaċta i measc na ndaoine.


Agus do ġluais Íosa ṫart timċeall ins na caṫraċaiḃ agus ins na bailtiḃ beaga, ag teagasc ’n‐a sionagógaiḃ, agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil na ríoġaċta, agus ag leiġeas gaċ uile ṡóirt galair agus breoiteaċta.


Agus aduḃairt sé leo é go foscailte. Agus ṫug Peadar i leiṫ é, agus do ṫosnuiġ sé ar aċṁusán do ṫaḃairṫ dó.


Agus do ḃíoḋ sé ag teagasc gaċ lá sa teampall; agus d’imṫiġeaḋ sé amaċ gaċ oiḋċe agus d’ḟanaḋ sé ar an gcnoc d’á ngoirṫear cnoc na nOla‐ċrann.


Agus ḃíoḋ sé ag teagasc ins na sionagógaiḃ, agus na daoine go léir g‐á ṁolaḋ.


Cad ċuige ḋuit ḃeiṫ ’gam’ ċeistiú? Cuir ceist orṫa‐san do‐ċuala a nduḃairt mé leo: féaċ, is eol dóiḃ‐sean céard aduḃairt mé.


Aduḃairt sé an méid sin sa tsionagóig agus é ag teagasc i gCafarnaúm.


Aċt nuair ḃí a leaṫ de’n ḟéile ṫart, do ċuaiḋ Íosa suas go dtí an teampall, agus do‐rinne sé teagasc.


Agus féaċ, atá sé ag laḃairt go poibliḋe, agus ní abrann siad éinniḋ leis. An ḃfuil a ḟios go fíor ag na h‐uaċtaránaiḃ gur ab é an Críost é?


Annsin do ġlaoḋ Íosa ós árd, agus é ag teagasc sa teampall, g‐á ráḋ, Atá aiṫne agaiḃ orm‐sa, agus atá a ḟios agaiḃ cá h‐as dom; agus ní uaim féin ṫáinig mé, aċt an té do ċuir uaiḋ mé atá sé fíor, an té naċ ḃfuil aiṫne agaiḃ‐se air.


Óir ní oibriġeann aon duine fá ċeilt, agus é ag iarraiḋ é féin do noċtaḋ go poibliḋe. Má ġníonn tú na neiṫe seo, taisbeán ṫú féin do’n tsaoġal.


Agus ṫáinig sé isteaċ sa teampall arís go moċ ar maidin, agus ṫáinig na daoine go léir ċuige, agus do ṡuiḋ sé síos, agus do ḃí sé g á dteagasc.


Atá mórán agam le ráḋ agus le breaṫnú ’n‐ḃúr dtaoḃ: aċt an té do ċuir uaiḋ mé atá sé fíor; agus na neiṫe do‐ċualas uaiḋ‐sean, is iad sin na neiṫe laḃraim leis an saoġal.


Óir atá eolas ag an riġ, go ḃfuilim ag cainnt go dána leis, ar na neiṫiḃ seo; óir ní ṁeasaim go ḃfuil éinniḋ díoḃ so fá ċeilt air, óir ní i gcúinne do‐rinneaḋ é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ