Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 17:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 agus d’ḟoillsiġeas t’ainm dóiḃ, agus foillseoċad é; ionnas, an gráḋ ṫugais dom, go mbéiḋ sé ionnta‐san, agus go mbéiḋead‐sa ionnta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

26 Agus ċuir mé d’ainm i n-iúl dóiḃ, agus cuirfiḋ mé i n-iúl é: ċun go raiḃ an gráḋ, le n-ar ġráḋuiġ tusa mé, ionnta, agus mise ionnta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Agus do ṫugas-sa ḋóiḃ, agus taḃarfad, eólus ar t’ainim; ionus, an gráḋ a ṫugais-se ḋóṁ-sa, go mbeaḋ sé ionta so, agus mise ionta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Agus dfoillsiġ mé ṫainmsi ḋóiḃ, agus foillséoċaiḋ mé é: ionnus an gráḋ lér ġráḋuiġ tú misi go mbíaḋ sé ionntasan, agus misi ionnta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 17:26
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Béiḋ a ḟios agaiḃ an lá sin go ḃfuilimse im’ Aṫair, agus go ḃfuil siḃ‐se ionnam‐sa, agus mise ionnaiḃ‐se.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Má tá gráḋ ag duine ḋom, ċoiṁéadfaiḋ sé mo ḃriaṫar: agus béiḋ gráḋ ag an Aṫair ḋó, agus tiocfaimíd ċuige, agus déanfaimíd cóṁnaiḋe ’n‐a ḟoċair.


Ní seirḃísiġ ġlaoḋaim oraiḃ feasta; óir ní h‐eol do’n tseirḃíseaċ céard do‐ġní a ṫiġearna: aċt ṫugas cáirde oraiḃ; óir gaċ a gcualas óm’ Aṫair ṫugas le fios daoiḃ‐se.


Fanaiḋ ionnam‐sa, agus mise ionnaiḃ‐se. Fá mar naċ ḃféadann an ċraoḃ toraḋ do ṫaḃairt uaiṫi féin muna ḃfanann sí ar an ḃfíneaṁain; ní ḟéadann siḃ‐se, aċt an oiread, muna ḃfanann siḃ ionnam‐se.


Fá mar ṫug an t‐Aṫair gráḋ ḋaṁ‐sa, ṫugas‐sa gráḋ ḋaoiḃ‐se; fanaiḋ im’ ġráḋ.


mise ionnta‐san, agus tusa ionnam‐sa; ċum go mbéidís ’n‐a n‐aon go h‐iomlán; go mbéaḋ a ḟios ag an saoġal gur ċuiris uait mé, agus go dtugais gráḋ ḋóiḃ‐sean, fá mar ṫugais gráḋ ḋaṁ‐sa.


D’ḟoillsiġeas t’ainm do na daoiniḃ ṫugais dom as an saoġal: ba leat‐sa iad, agus ṫugais daṁ‐sa iad; agus do ċóiṁéadadar do ḃriaṫar.


óir na briaṫra ṫugais dom, ṫugas dóiḃ‐sean iad, agus do ġlacadar iad, agus do ḃí a ḟios aca go fíor gur ab uait‐se ṫáinig mé, agus do ċreideadar gur tusa do ċuir uait mé.


An té iṫeas m’ḟeoil agus ólas m’ḟuil, cóṁnuiġeann sé ionnamsa, agus cóṁnuiġim‐se ann.


Aċt ní h‐í m’onóir féin loirgim‐se: atá Aon loirgeas agus do‐ḃeir breiṫ.


Agus má tá Críost ionnaiḃ, atá an ċolann marḃ de ḃárr an ṗeacaiḋ; aċt is beaṫa an spiorad tré ḟíréantaċt.


Óir is tríd‐sean atá siḃ i nÍosa Críost, an té do‐rinneaḋ eagna ó Ḋia ḋúinn mar ḟíréantaċt, agus mar naoṁṫaċt, agus mar ḟuascailt:


Óir, fá mar is aon niḋ aṁáin an corp, agus a lán ball ann, agus, giḋ go ḃfuil a lán ball ann, naċ ḃfuil ionnta aċt aon ċorp aṁáin; mar sin do Ċríost é.


Do céasaḋ mé mar aon le Críost; agus ní mise ṁaireas beo anois, aċt Críost atá beo ionnam: agus an saoġal ċaiṫim san gcorp, is tré ċreideaṁ ċaiṫim é, creideaṁ i Mac Dé, do ġráḋuiġ mé, agus ṫug é féin ar mo ṡon.


ċum clú glóire a ġrása, do ḃronn sé go saor orainn san Té n‐a ḃfuil a ġráḋ:


ċum go ndéanaiḋ Críost cóṁnaiḋe ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ tré ċreideaṁ: ar ṁoḋ, ar mbeiṫ ḋaoiḃ fréaṁuiġṫe agus bunuiġṫe i ngráḋ,


Rúindiaṁair ṁór is eaḋ í seo, aċt is iad Críost agus an eaglais atáim do ṁaoiḋeaṁ.


d’ár ṫoiliġ Dia a ċur i ḃfios créad é saiḋḃreas glóire na rúindiaṁaire seo i measc na gCineaḋaċ, is é sin Críost ionnaiḃ, an dóċas ċum glóire.


agus is ann atá gaċ niḋ go h‐iomlán agaiḃ‐se, san té is árd‐ċeann ar gaċ flaiṫeas agus ar gaċ cuṁaċt,


Ní ḟuil Gréagaċ ná Iúdaċ ann, ní ḟuil timċeall‐ġearraḋ ná neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, barbaraċ, Scitiḋeaċ, daor ná saor ann, aċt is é Críost an t‐iomlán, agus é san iomlán.


Anois go dtugaiḋ ár dTiġearna Íosa Críost féin agus Dia ár nAṫair, do ġráḋuiġ sinn, agus ṫug sólás síorraiḋe agus deaġ‐ḋóċas dúinn tré ġrása, go dtugaiḋ sé sólás croiḋe ḋaoiḃ,


g‐á ráḋ, Fógróċad d’ainm dom’ ḃráiṫriḃ, Canfad do ċlú i lár an ċoiṁṫionóil.


Agus an té ċoiṁeádas a aiṫeanta, cóṁnuiġeann sé ann, agus cóṁnuiġeann seisean ann. Agus air so aiṫniġmíd go gcóṁnuiġeann sé ionnainn, tríd an Spiorad ṫug sé ḋúinn.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ