Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 17:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 A Aṫais ḟiréin, níor aiṫin an saoġal mé, aċt d’aiṫniġeas‐sa ṫú; agus do ḃí a ḟios aca‐san gur ċuiris‐se uait mé;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 A Aṫair ċóir, níor aiṫin an saoġal ṫú, aċt d’aiṫin mise ṫú agus ḃí a ḟios acu seo gur tú a ċuir uait mise.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 A Aṫair atá ró-ċeart, ní raiḃ aiṫne ag an saoġal ort; aċ ḃí aiṫne agam-sa ort; agus ḃí ḟios acu so gur ċuiris-se uait mise.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 A Aṫair ċoṁṫruim, níor aiṫin an sáoġal ṫusa, aċd daiṫin misi ṫú, agus daiṫniġeadar so gur tusa do ċuir uáit mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 17:25
37 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ḋaṁ‐sa ag m’Aṫair: agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Mac, aċt ag an Aṫair; agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Aṫair aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a ḟoillsiú ḋó.


Agus d’ḟreagair Síomón Peadar, agus aduḃairt, Is tú an Críost, Mac Dé ḃí.


Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ag m’Aṫair daṁ‐sa; agus ní ḟuil a ḟios ag aoinneaċ, aċt ag an Aṫair aṁáin, cia h‐é an Mac; agus cia h‐é an t‐Aṫair, aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a noċtaḋ ḋó.


Ní ḟaca aoinneaċ Dia ariaṁ; an t‐Aon‐Ṁac atá i n‐uċt an Aṫar, do b’é d’ḟoillsiġ é.


fá mar aiṫniġeann an t‐Aṫair mé, agus aiṫniġim‐se an t‐Aṫair; agus do‐ḃeirim m’anam ar son na gcaoraċ.


Aċt do‐ġéanaid na neiṫe seo go léir ḋaoiḃ mar ġeall ar m’ainm‐se, de ḃriġ naċ ḃfuil aiṫne aca ar an té do ċuir uaiḋ mé.


óir atá gráḋ ag an Aṫair féin daoiḃ, de ḃriġ go raiḃ gráḋ agaiḃ‐se ḋaṁ‐sa, agus gur ċreideaḃar gur ó Ḋia ṫáinig mé.


Agus do‐ġéanaid an méid sin, de ċionn naċ aiṫnid dóiḃ an t‐Aṫair ná mise.


Atá a ḟios againn anois gur ab eol duit an uile niḋ, agus naċ gáḃaḋ ḋuit aon duine ḃeiṫ gad’ ċeistiú: creidimíd d’á ḃriġ sin go dtáinig tú amaċ ó Ḋia.


Agus ní ḟuilim‐se feasta ar an saoġal, agus atáid‐sean, ar an saoġal, agus atáim ag teaċt ċugat‐sa. A Aṫair Naoṁṫa, congḃuiġ it’ ainm iad‐san ṫugais dom, ċum go mba aon iad, aṁail sinne.


Fá mar ċuiris mise ċum an tsaoġail, do ċuireas‐sa ċum an tsaoġail iad‐san, ċóṁ maiṫ.


fá mar atáir‐se, a Aṫair, ionnam‐sa, agus mise ionnat‐sa, go mbéaḋ siad‐san ionainn, ċóṁ maiṫ: ċum go gcreidfeaḋ an saoġal gur ċuiris uait mé.


mise ionnta‐san, agus tusa ionnam‐sa; ċum go mbéidís ’n‐a n‐aon go h‐iomlán; go mbéaḋ a ḟios ag an saoġal gur ċuiris uait mé, agus go dtugais gráḋ ḋóiḃ‐sean, fá mar ṫugais gráḋ ḋaṁ‐sa.


Agus is í seo an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, aiṫne do ḃeiṫ aca ort‐sa, an t‐aon Dia fírinneaċ, agus ar an té do ċuiris uait, Íosa Críost.


óir na briaṫra ṫugais dom, ṫugas dóiḃ‐sean iad, agus do ġlacadar iad, agus do ḃí a ḟios aca go fíor gur ab uait‐se ṫáinig mé, agus do ċreideadar gur tusa do ċuir uait mé.


Óir ní ċum breiṫeaṁnas do ṫaḃairt ar an saoġal do ċuir Dia a Ṁac uaiḋ; aċt ċum go saorfaiḋe an saoġal tríd.


Agus nuair do ḃí fá ṫuairim cúig staid fiċead nó deiċ staid fiċead d’iomraṁ déanta aca, do ċonnacadar Íosa ag siuḃal ar an ḃfairrge, ag tarraing i ngar do’n ḃád: agus do ḃí scannraḋ orṫa.


Atá aiṫne agam‐sa air; óir is uaiḋ‐sean mé, agus is é féin do ċuir uaiḋ mé.


Agus aduḃradar leis, Cá ḃfuil t’Aṫair? D’ḟreagair Íosa, Ní ḟuil aiṫne agaiḃ orm‐sa ná ar m’Aṫair: dá mbéaḋ aiṫne agaiḃ orm‐sa, do ḃéaḋ aiṫne agaiḃ ar m’Aṫair, ċóṁ maiṫ.


agus ní ḟuil aiṫne agaiḃ‐se air: aċt atá aiṫne agam‐sa air; agus dá n‐abrainn, Ní ḟuil aiṫne agam air, béiḋ mé im’ ḃréagaire ċóṁ maiṫ liḃ‐se: aċt atá aiṫne agam air, agus coiṁéadaim a ḃriaṫar.


Óir san tsiuḃal dom, agus mé ag féaċain ar na neiṫiḃ aḋras siḃ, fuaras altóir ar a raiḃ an inscríḃinn seo, DO’N DIA ANAIṪNID. An té úd aḋras siḃ gan aiṫne ḃeiṫ agaiḃ air, fógraim daoiḃ é anois.


le n‐a súilí d’ḟoscailt, ċum go n‐iompóċaidís ó’n dorċadas ċum an tsolais, agus ó ċuṁaċt Sátain ċum Dé, go ḃfaiġdís maiṫeaṁnas na bpeacaḋ agus oiġreaċt i measc na ndaoine naoṁṫar tré ċreideaṁ ionnaim‐se.


Agus ó nár ṫoiliġeadar ċum eolas ar Ḋia d’adṁáil, ṫug Dia suas iad d’á ndroċ‐ṁeon féin, ċum neiṫe naċ cuiḃe do ḋéanaṁ;


Ní ḟuil duine tuigseanaċ ann, Ní ḟuil duine loirgeas Dia;


ċum a ḟíréantaċt do noċtaḋ san am so atá de láṫair: ionnas go mbéaḋ sé féin fírinneaċ, agus go ḃfíréanóċaḋ sé an té ċreideas i nÍosa.


Óir ó ṫárla, tré eagna Dé, nár aiṫniġ an saoġal Dia de ċionn a eagnaiḋeaċta, ba toil le Dia na daoine ċreideas do ṡlánú tré ḋíṫ‐céille na teaċtaireaċta.


Dúisiġiḋ ċum fíréantaċta, agus ná déanaiḋ peacaḋ: óir atá cuid agaiḃ atá gan eolas ar Ḋia: deirim an méid seo ċum náire do ċur oraiḃ.


san dream dí‐ċreidṁeaċ go ḃfuil a n‐aigne dallta ag Dia an tsaoġail seo, ċum naċ ndeallróċaḋ solas glórṁar Ċríost, íoṁáiġ Dé, orṫa.


i lasraċaiḃ teineaḋ, ag agairt díoġaltais ar an dream nár ċuir eolas ar Ḋia, agus ar na daoiniḃ naċ n‐uṁluiġeann do ṡoiscéal ár dTiġearna Íosa:


Agus ní ṁúinfiḋ gaċ duine a ċóṁarsa, Agus gaċ duine a ḃráṫair, g‐á ráḋ, Bíoḋ aiṫne agat ar an Tiġearna: Óir béiḋ aiṫne ag gaċ uile ḋuine orm, Ó’n té is luġa go dtí an té is mó ḋíoḃ.


Má adṁuiġmíd ár bpeacaiḋe, atá seisean ċóṁ dílis, ċóṁ ceart sin agus go maiṫfiḋ sé ár bpeacaiḋe ḋúinn, agus go nglanfaiḋ sé ó gaċ neaṁ‐fíréantaċt sinn.


Agus ḃéarfaiḋ luċt áitreaḃa na talṁan aḋraḋ ḋó, gaċ duine naċ ḃfuil a ainṁ scríoḃṫa i leaḃar beaṫaḋ an Uain do h‐íoḋbaraḋ ó ḃunaḋ an doṁain.


Agus do rinneaḋ fuil díoḃ. Agus do ċualas aingeal na n‐uiscí g‐á ráḋ, Is tusa atá cóir, coṫrom, tusa atá agus do ḃí ann an tAon Naoṁṫa, de ċionn an ḃreiṫeaṁnais atá déanta agat:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ