Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 17:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 A Aṫair, is é is mian liom na daoine ṫugais dom do ḃeiṫ mar a ḃfuilim; go ḃfeicfiḋ siad mo ġlóir, a ṫugais‐se ḋom: óis ṫugais gráḋ ḋom roiṁ ċruṫú an doṁain.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 A Aṫair, is mian liom iad seo a ṫug tú daṁ a ḃeiṫ i m’ḟoċair mar a mbím féin: ċun go ḃfeiciḋ siad mo ġlóir, a ṫug tú daṁ: de ḃríġ gur ġráḋuiġ tú mé roiṁ ċruṫuġaḋ an doṁain.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 A Aṫair, na daoine seo a ṫugais dom, is mian liom, an áit i n-a ḃfuilim-se, iad-san do ḃeiṫ ann mar aon liom; ionus go ḃfeicfidís mo ġlóire, an glóire a ṫugais-se ḋom, mas gur ṫugais gráḋ ḋom roiṁ cruiṫniú an doṁain.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 A Aṫair, is áill leam, an dream úd ṫug tú ḋaṁ, do ḃeiṫ am ḟoċair mar a ḃfuilim; ionnus go ḃfaicfidís mo ġlóir, noċ ṫug tusa ḋaṁ: óir do ġráḋuiġ tú mé suil do ċrúṫuiġeaḋ an doṁan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 17:24
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aduḃairt a ṫiġearna leis, Go maiṫ, a ṡearḃónta ċóir, ḋílis: do ḃís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin ṫú: téir isteaċ i n‐aoiḃneas do ṫiġearna.


Aduḃairt a ṫiġearna leis Go maiṫ, a ṡearḃónta ċóir, ḋílis; do ḃís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin ṫú: téir isteaċ i n‐aoiḃneas do ṫiġearna.


Annsin adéarfaiḋ an Rí leo‐san ḃéas ar a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋaoine beannuiġṫe lem’ Aṫair, sealḃuiġiḋ an ríoġaċt atá ullṁuiġṫe ’n‐ḃúr gcóṁair ó ḃunú an doṁain:


Aċt adeirim liḃ, Ní ólfad feasta de’n toraḋ so na fíneaṁna go dtí an lá sin ’n‐a n‐ólfad go nua é mar aon liḃ‐se i ríoġaċt m’Aṫar.


Is aoiḃinn do na seirḃíseaċaiḃ sin go ḃfaiġiḋ a dtiġearna iad ag áirdeall nuair ṫiocfas sé: go fírinneaċ adeirim liḃ go gcuirfiḋ sé a ċrios air féin, agus go gcuirfiḋ sé ’n‐a suiḋe ċum biḋ iad, agus go dtiocfaiḋ sé ag déanaṁ freastail orṫa.


Agus aduḃairt seisean leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Béiḋ tú im’ ḟoċair‐se indiu i bPárrṫas.


Agus do‐rinneaḋ colann de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ sé ’n‐ár measc (agus do ċonnacamar a ġlóir, aṁail glóir Aon‐Ṁic an Aṫar), lán de ġrás agus d’ḟírinne.


Má ġníonn aoinneaċ seirḃís daṁ‐sa, leanaḋ sé mé; agus an áit ’n‐a ṁbím‐se, béiḋ mo ṡeirḃíseaċ ann, ċóṁ maiṫ: má ġníonn duine ar biṫ seirḃís daṁ‐sa, do‐ḃéarfaiḋ m’Aṫair onóir ḋó.


Agus má imṫiġim le áit do ċur i n‐áiriṫe ḋaoiḃ, fillfead agus glacfad ċugam féin siḃ; ċum go mbéiḋ siḃ‐se mar a mbéiḋead‐sa, leis.


Fá mar ṫug an t‐Aṫair gráḋ ḋaṁ‐sa, ṫugas‐sa gráḋ ḋaoiḃ‐se; fanaiḋ im’ ġráḋ.


fá mar ṫugais dó cuṁaċt ar gaċ a ḃfuil beo, ionnas, gaċ a dtugais dó, go dtiuḃraḋ sé an ḃeaṫa ṡíorraiḋe ḋóiḃ.


Agus an ġlóir ṫugais daṁ‐sa, ṫugas‐sa ḋóiḃ‐sean í; ionnas go mba aon iad, fá mar is aon sinne;


Agus anois, a Aṫair, taḃair‐se glóir ḋaṁ‐sa, i n‐éinḟeaċt leat féin, leis an nglóir do ḃí agam id’ ḟoċair sara raiḃ an doṁan ar bun.


Gaċ a dtugann an t‐Aṫair ḋom, tiocfaiḋ sé ċugam, agus an té ṫig ċugam ní ċuirfiḋ mé uaim é ar ċor ar biṫ.


Agus is é toil an té do ċuir uaiḋ mé naċ gcaillfinn aoinneaċ díoḃ‐san atá taḃarṫa aige ḋom, aċt go dtógfainn suas é an lá deiriḋ.


Aduḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Sara rugaḋ Abraċam, atáim‐se ann.


Óir ċímíd anois mar ḃéaḋ go doiléir i scaṫán; aċt ċífimíd éadan a ċéile an t‐am sin: anois atá aiṫne neaṁ‐ċruinn againn, aċt aiṫneoċad an t‐am sin fá mar aiṫniġtear mé féin.


Aċt sinne uile, ag dearcaḋ, mar ḃéaḋ i scaṫán, ar ġlóir an Tiġearna, gan folaċ ḃeiṫ ar ár ngnúis, atáimíd d’ár n‐aistriú san íoṁáiġ ċéadna ó ġlóir go glóir, mar ḃéaḋ ó’n Tiġearna an Spiorad.


Óir Dia d’órduiġ do’n tsolas soillsiú as lár an dorċadais, do ṡoillsiġ sé ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ, ċum solas glóire Dé do ṫaḃairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.


atá meanma againn, agus is mó dob’ áil linn ḃeiṫ as baile ó’n gcolainn agus ḃeiṫ ’n‐ár gcóṁnaiḋe san Tiġearna.


Atáim idir an dá roġa, ag dúil le h‐imṫeaċt agus ḃeiṫ i ḃfoċair Ċríost;


’n‐a ḋiaiḋ sin tógfar sinne atá fágṫa beo i n‐éinḟeaċt leo ins na néalltaiḃ ċum dul i ndáil an Tiġearna san spéir: agus béiḋmíd mar sin go síorraiḋe i ḃfoċair an Tiġearna.


ċreideas tríd‐sean i nDia, do ṫóg ó na marḃaiḃ é, agus ṫug glóir dó; ċum go mbéaḋ ḃur muiniġin agus ḃur ndóċas as Dia.


A ċáirde ionṁaine, atáimid ’n‐ár gclainn Dé anois, agus níor foillsiġeaḋ fós créad atá i ndán dúinn. Atá a ḟios againn, nuair foillseoċar é, go mbéiḋmíd cosṁail leis; óir ċífimíd é do réir mar tá sé.


Agus ní ḟacas aon teampall istiġ innti: óir is é an Tiġearna Uile‐ċuṁaċtaċ, mar aon leis an Uan, is teampall di.


An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad de ċead dó suiḋe síos i n‐éinḟeaċt liom im’ riġ‐ċaṫaoir, fá mar rugas féin buaiḋ, agus do ṡuiḋeas síos i n‐éinḟeaċt lem’ Aṫair ’n‐a riġ‐ċaṫaoir‐sean.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ