Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 17:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Fá mar ċuiris mise ċum an tsaoġail, do ċuireas‐sa ċum an tsaoġail iad‐san, ċóṁ maiṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Aṁail mar ċuir tusa mise isteaċ san tsaoġal, ċuir mise iad-san isteaċ san tsaoġal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Fé mar a ċuiris-se uait mise isteaċ sa tsaoġal, do ċuireas-sa uaim iad so isteaċ sa tsaoġal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Aṁail as do ċuir tusa misi ċum a tsáoġail, is mar sin do ċuir misi íadsan ċum a tsáoġail.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 17:18
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ċuir Íosa an dáréag sin amaċ, agus ṫug sé órdú ḋóiḃ, g‐á ráḋ, Ná téiġiḋ isteaċ i sliġe na bPágánaċ, agus na téiġiḋ isteaċ i gcaṫraċaiḃ na Samáritánaċ;


D’á ḃriġ sin, féaċ, ċuirim‐se ċugaiḃ fáiḋe, agus eagnaiḋṫe, agus scríoḃaiḋṫe: marbóċaiḋ siḃ cuid aca, agus céasfaiḋ siḃ cuid aca; agus sciúrsálfaiḋ siḃ cuid aca ’n‐ḃúr sionagógaiḃ, agus ruaigfiḋ siḃ ó ċaṫair go caṫair iad:


fá mar atáir‐se, a Aṫair, ionnam‐sa, agus mise ionnat‐sa, go mbéaḋ siad‐san ionainn, ċóṁ maiṫ: ċum go gcreidfeaḋ an saoġal gur ċuiris uait mé.


mise ionnta‐san, agus tusa ionnam‐sa; ċum go mbéidís ’n‐a n‐aon go h‐iomlán; go mbéaḋ a ḟios ag an saoġal gur ċuiris uait mé, agus go dtugais gráḋ ḋóiḃ‐sean, fá mar ṫugais gráḋ ḋaṁ‐sa.


A Aṫais ḟiréin, níor aiṫin an saoġal mé, aċt d’aiṫniġeas‐sa ṫú; agus do ḃí a ḟios aca‐san gur ċuiris‐se uait mé;


Agus is í seo an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, aiṫne do ḃeiṫ aca ort‐sa, an t‐aon Dia fírinneaċ, agus ar an té do ċuiris uait, Íosa Críost.


óir na briaṫra ṫugais dom, ṫugas dóiḃ‐sean iad, agus do ġlacadar iad, agus do ḃí a ḟios aca go fíor gur ab uait‐se ṫáinig mé, agus do ċreideadar gur tusa do ċuir uait mé.


Annsin aduḃairt Íosa arís leo, Síoṫċáin daoiḃ: fá mar ċuir an t‐Aṫair uaiḋ mé, cuirim‐se siḃ‐se uaim mar an gcéadna.


Óir ní ċum breiṫeaṁnas do ṫaḃairt ar an saoġal do ċuir Dia a Ṁac uaiḋ; aċt ċum go saorfaiḋe an saoġal tríd.


Do ċuireas‐sa siḃ‐se ag baint an ḟóġṁair nár ṡaoṫruiġ siḃ: do ṡaoṫruiġ daoine eile, agus tá toraḋ a saoṫair agaiḃ‐se.


Mar sin de atáimíd ’n‐ár dtaiḋleoiriḃ ar son Ċríost, aṁail mar ḃéaḋ Dia ag impiḋe oraiḃ trínne: impiġmíd oraiḃ as uċt Ċríost réiḋteaċ do ḋéanaṁ le Dia.


do réir bronntanais grása Dé tugaḋ ḋom tré ḃriġ a ċuṁaċta.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ