Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 16:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Do laḃras an méid sin liḃ i saṁlaoidiḃ: atá an uair ag teaċt naċ laḃarfad liḃ feasta i saṁlaoidiḃ, aċt go n‐innseoċad daoiḃ go soiléir i dtaoḃ an Aṫar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Duḃairt mé na neiṫe seo liḃ i saṁlaoidí. Tá an uair ag teaċt nuair naċ laḃarfaiḋ mé liḃ níos fuide i saṁlaoidí, aċt foillseoċaiḋ mé díḃ go soiléir fá’n Aṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Do laḃras na neiṫe seo liḃ i ḃfuirm soluídí. Tá an t-am ag teaċt nuair ná laḃarfad liḃ feasda i soluídiḃ, aċ neósfad daoiḃ go soiléir i dtaoḃ an Aṫar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Do laḃuir mé na neiṫesi riḃ a mbríaṫruiḃ: tiocfuiḋ a naimsir, ann naċ laibéora mé riḃ a mbríaṫruiḃ, aċd laiḃéoruiḋ mé riḃ go follus a dtimċeall a Naṫar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 16:25
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus aduḃairt sé leo, An é naċ dtuigeann siḃ briġ na saṁlaoide seo? Cionnas ṫuigfeas siḃ, mar sin, briġ na saṁlaoid go léir.


agus níor laḃair sé leo aċt i saṁlaoidiḃ: aċt do ṁíniġ sé gaċ aon niḋ i leaṫtaoiḃ d’á ḋeisceablaiḃ féin.


Agus aduḃairt sé leo é go foscailte. Agus ṫug Peadar i leiṫ é, agus do ṫosnuiġ sé ar aċṁusán do ṫaḃairṫ dó.


Agus do ċruinniġ na h‐Iúdaiġ ’n‐a ṫimċeall, agus aduḃradar leis, Cá ḟad an mbeiḋmíd idir an dá ċóṁairle agat? Má’s tú an Críost, innis dúinn é go cruinn díreaċ.


Do laḃair Íosa an tsaṁlaoid sin leo: aċt níor ṫuigeadar na briaṫra aduḃairt sé leo.


Is iomḋa niḋ eile atá agam le ráḋ liḃ fós, aċt ní ḟuil ar ċumas daoiḃ a ḟulang anois. Aċt ċeana,


Cuirfear amaċ as na sionagógaiḃ siḃ: ṫairis sin, atá an uair ag teaċt go measfaiḋ an té ṁarḃas siḃ gur ag déanaṁ seirḃíse do Ḋia atá sé.


Féaċ, atá an uair ag teaċt, atá sí ann anois féin, ’n‐a scaipfear gaċ duine agaiḃ ċum a ḃaile féin, agus ’n‐a ḃfágfaiḋ siḃ mise im’ aonar: aċt ċeana, ní im’ aonar atáim, óir atá an t‐Aṫair im’ ḟoċair.


aċt ṫugamar cúl leis na neiṫiḃ náireaċa cleaċtar fá rún, agus ní ḃímíd ag siuḃal i ngliocas, ná ag truailliú briaṫair Dé, aċt, ag foillsiú na fírinne ḋúinn, tuillimíd molaḋ i gcoinsias gaċ duine i ḃfiaḋnaise Dé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ