Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 16:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Mar sin daoiḃ‐se, agus brón oraiḃ fá láṫair: aċt do‐ċífead arís siḃ, agus béiḋ áṫas ar ḃúr gcroiḋe, agus ní ḃainfiḋ aoinneaċ ḃúr n‐áṫas díḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Agus mar an gcéadna, tá brón oraiḃ-se anois, aċt tċífiḋ mise arís siḃ, agus béiḋ lúṫġáir ar ḃur gcroiḋe: agus ní ḃainfiḋ aoinneaċ ḃur lúṫġáir díḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Sin mar atá buaireaṁ oraiḃ-se anois, aċ ċífead-sa siḃ airís, agus beiḋ áṫas ar ḃúr gcroiḋe; agus ní ḃainfiḋ aoinne ḃúr n-áṫas díḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus siḃsi mar an gcéadna atáṫaoi a nois go dóbrónaċ: giḋeaḋ do ċífe mé a ris siḃ, agus do ḋéunaid ḃur gcroiḋe gáirdeaċus, agus ní ḃéura éunduine ḃur ngairdeaċus uáiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 16:22
40 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’imṫiġeadar‐san go luaṫ ó’n tuama agus eagla agus an‐áṫas orṫa, agus do riṫeadar ċum an scéal d’innsin d’á ḋeisceablaiḃ.


aċt ní ḟuil gáḃaḋ aċt le h‐aon niḋ aṁáin: óir do ṫoġ Máire an ċuid is fearr, agus ní tógfar uaiṫi é.


Aċt aduḃairt Abraċam, A ṁic, cuiṁniġ go ḃfuarais‐se deaġ‐neiṫe le linn do ṡaoġail, fá mar fuair Lasár droċ‐neiṫe: aċt anois atá seisean i sólás, agus atá tusa i bpéin.


Adeirim liḃ, go dtaḃarfar do’n té ag a ḃfuil éinniḋ; aċt an té naċ ḃfuil éinníḋ aige, bainfear de a ḃfuil aige.


Agus ó ḃíodar díċreidṁeaċ fós le méid a n‐áṫais, agus iad ag déanaṁ ionganta, aduḃairt sé leo, An ḃfuil rud ar biṫ le n’iṫe agaiḃ annso?


Ná bíoḋ buaiḋirt croiḋe oraiḃ; creidiḋ i nDia, creidiḋ ionnam‐sa mar an gcéadna.


Tamall beag eile, agus ní ḟeicfiḋ an saoġal mé feasta; aċt do‐ċífiḋ siḃ‐se mé: óir átáim beo, agus béiḋ siḃ‐se beo mar an gcéadna.


Fágaim síoṫċáin agaiḃ; do‐ḃeirim mo ṡíoṫċáin daoiḃ: ní mar do‐ḃeir an saoġal, do‐ḃeirim‐se ḋaoiḃ. Ná bíoḋ buaiḋirt ar ḃúr gcroiḋe, ná eagla air.


Tamall beag, agus ní ḟeicfiḋ siḃ me; agus tamall beag eile, agus ċífiḋ siḃ mé.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, go ndéanfaiḋ siḃ‐se gol agus caoineaḋ, aċt béiḋ áṫas ar an saoġal: béiḋ brón oraiḃ‐se, aċt aṫróċar ḃúr mbrón ċum gáirdeaċais.


Aċt de ḃriġ gur laḃras na neiṫe sin liḃ, do líon ḃúr gcroiḋe de ḋólás.


An deisceabal úd do b’ionṁain le h‐Íosa, aduḃairt sé le Peadar, Is é an Tiġearna atá ann. Nuair do‐ċuala Peadar gurḃ é an Tiġearna é, do ċuir sé a ċóta air, (óir ḃí sé noċt), agus do ċaiṫ sé é féin isteaċ san ḃfairrge.


aċt an t‐uisce do‐ḃéarfad‐sa ḋó, béiḋ sé ’n‐a ṫobar uisce ann ag brúċtġail ċum na beaṫaḋ síorraiḋe.


Agus do líonaḋ na deisceabail de ġáirdeaċas agus de’n Spiorad Naoṁ.


Aċt timċeall uaire an ṁeaḋoin oiḋċe do ḃí Pól agus Sílas ag urnaiġe agus ag canaḋ iomann do Ḋia, agus na príosúnaiġ ag éisteaċt leo;


Agus d’ḟanaidís gaċ lá d’aon toil san teampall, agus do ḃrisidís arán ó ṫiġ go ṫiġ, ag caiṫeaṁ a mbiḋ le h‐áṫas agus le simpliḋeaċt croiḋe,


Agus d’imṫiġeadar‐san as láṫair na h‐árd‐ċóṁairle, agus aṫás mór orṫa de ċionn gur measaḋ gurḃ ḟiú iad easonóir d’ḟulang ar son an Ainme.


mar ḋaoine brónaċa, aċt ag déanaṁ áṫais i gcóṁnaiḋe; mar ḋaoine boċta, aċt ag bronnaḋ saiḋḃris ar a lán; mar ḋaoine naċ ḃfuil rud ar biṫ aca, aċt gur leo gaċ uile rud.


Anois go dtugaiḋ ár dTiġearna Íosa Críost féin agus Dia ár nAṫair, do ġráḋuiġ sinn, agus ṫug sólás síorraiḋe agus deaġ‐ḋóċas dúinn tré ġrása, go dtugaiḋ sé sólás croiḋe ḋaoiḃ,


Óir ṫug siḃ truaġ do na daoiniḃ do ḃí i ngeiṁleaċaiḃ, agus do ġlac siḃ go fonnṁar le creaċaḋ ḃur maoine, agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil maoin is fearr ’ná sin ionnaiḃ féin, maoin ṡíorḃuan.


ionnas tré ḋá niḋ ḃuain‐tseas‐ṁaċa, naċ féidir go ndéanfaḋ Dia bréag ionnta, go mbéaḋ árd‐ṁeisneaċ againne do ṫeiċ ar scáṫ dídeana ċum breiṫe ar an dóċas atá curṫa róṁainn;


an té d’á dtugaḃar gráḋ, giḋ naċ ḃfacaḃar é; ag creideaṁain daoiḃ ann, gan a ḟeicsin fós, atá siḃ ag déanaṁ gáirdeaċais le h‐áṫas do‐inniste, lán de ġlóir;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ