Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 16:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Annsin aduḃairt cuid d’á ḋeisceablaiḃ le n‐a ċéile, Caidé seo adeir sé linn, Tamall beag, agus ní ḟeicfiḋ siḃ mé; agus tamall beag eile, agus ċífiḋ siḃ mé; agus, Toisc go ḃfuilim ag dul ċum an Aṫar?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

17 Dá ḃríġ sin duḃairt cuid dá ḋeisciobail le n-a ċéile: Cad é seo a deir sé linn: Tamall beag, agus ní ḟeicfiḋ siḃ mé: agus arís, tamall beag, agus tċífiḋ siḃ mé, agus de ḃríġ go dtéiġim ċuig an Aṫair?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Ansan duḃairt cuid d’á ḋeisgiobulaiḃ le n-a ċéile: Cad é seo adeir sé linn? Tamall beag, agus ní ḟeicsiḋ siḃ mé; agus tamall beag airís, agus ċífiḋ siḃ mé; agus, Mas táim ag dul ag triall ar an Aṫair?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Uime sin a duḃradar cuid dá ḋeisciobluiḃ ré ċéile, Cred é so a deir sé rinn, Tamall beag, agus ní ḟaicfiḋe mé: agus a ris tamall beag, agus do ċifiḋe mé: agus, Oir atáim ag dul ċum a Naṫar?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 16:17
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċoiṁéadadar an focal sin aca féin, ’g‐a ḟiafraiġe d’á ċéile, Cad é an ċiall atá leis sin, aiséirġe ó na marḃaiḃ?


Aċt níor ṫuigeadar briġ na cainnte seo, agus do ḃí eagla orṫa a ċeistiú.


Agus níor ṫuigeadar‐san rud ar biṫ de’n méid sin; agus do ceileaḋ briġ na cainnte orṫa, agus níor léir ḋóiḃ an méid aduḃraḋ.


Aċt níor ṫuigeadar briġ na cainnte sin, agus do ḃí sí fá ċeilt orṫa, ionnas naċ n‐aireoċaidís í: agus do b’eagal leo ceist do ċur air i dtaoḃ na cainnte sin.


Níor ṫuig a ḋeisceabail na neiṫe sin ar dtús: aċt nuair do ḃí Íosa glóiriġṫe, annsin do ċuiṁniġeadar ar a raiḃ scríoḃṫa ’n‐a ṫaoḃ, agus go ndearnadar na neiṫe sin dó.


Aduḃairt Iúdás (níorḃ é Iscariót é) leis, A Ṫiġearna, cad fá ndeara gur dúinne ḟoillseoċair ṫú féin, agus naċ do’n tsaoġal é?


Aduḃairt Tomás leis, A Ṫiġearna, ní h‐eol dúinn cá ḃfuilir ag dul; cionnas atá eolas an ḃealaiġ againne?


D’inniseas an méid sin daoiḃ ċum naċ nglacfaḋ siḃ scannal.


Tamall beag, agus ní ḟeicfiḋ siḃ me; agus tamall beag eile, agus ċífiḋ siḃ mé.


Uime sin aduḃradar, Caidé seo adeir sé, Tamall beag?


Ní ṫuigimíd an ċainnt sin aige. Do ḃí a ḟios ag Íosa gur ṁian leo ceist do ċur air, agus aduḃairt sé leo, An ḃfuil siḃ ag ceistiú eadraiḃ féin fá go nduḃairt mé, Tamall beag, agus ní ḟeicfiḋ siḃ mé, agus tamall beag eile, agus ċífiḋ siḃ mé?


Aċt atáim ag dul anois ċum an té do ċuir uaiḋ mé; agus ní ḟuil duine agaiḃ g‐á ḟiafruiġe ḋíom, Cá ḃfuilir ag dul?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ