Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 16:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Do‐ḃéarfaiḋ sé glóir ḋaṁ‐sa: óir glacfaiḋ sé dem’ ċuid‐se, agus noċtfaiḋ sé ḋaoiḃ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Ḃéarfaiḋ sé glóir daṁ-sa: de ḃríġ go ḃfuiġiḋ sé de mo ċuid-se, agus ḋéanfaiḋ sé a noċtaḋ díḃ-se.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Taḃarfaiḋ sé sin glóire ḋóṁ-sa, óir is de m’ ċuid-se a ġlacfaiḋ sé agus a neósfaiḋ sé ḋaoiḃ-se.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Do ḃéura seisean glóir ḋaṁsa: óir dom ċuidse ġlacfus sé, agus ḟoillséoċas sé ḋíḃsi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 16:14
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An té go ḃfuil m’aiṫeanta aige, agus ċóiṁlíonas iad, is é sin an té go ḃfuil gráḋ aige ḋom: agus an té go ḃfuil gráḋ aige ḋaṁ‐sa, béiḋ gráḋ ag an Aṫair ḋó‐san, agus béiḋ gráḋ agam‐sa ḋó, agus foillseoċad mé féin dó.


Aċt nuair ṫiocfas an Sólásaiḋe, an té ċuirfeas mé ċugaiḃ ó’n Aṫair, Spiorad na fírinne, ġluaiseas ó’n Aṫair, do‐ḃéarfaiḋ seisean fiaḋnaise im’ ṫaoḃ‐sa:


Aċt is i dtaoḃ an Spioraid do ḃí le glacaḋ aca‐san do ċreidfeaḋ ann, aduḃairt sé an méid sin: óir do ḃí an Spiorad gan bronnaḋ fós; de ḃriġ go raiḃ Íosa gan glóiriú fós.


D’á ḃriġ sin do‐ḃeirim le tuigsin daoiḃ naċ n‐abrann aon duine, Atá Íosa malluiġṫe, agus é ag laḃairt le Spiorad Dé; agus naċ ḃféadann aon duine, Is é Íosa an Tiġearna, a ráḋ, aċt tríd an Spiorad Naoṁ.


Óir Dia d’órduiġ do’n tsolas soillsiú as lár an dorċadais, do ṡoillsiġ sé ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ, ċum solas glóire Dé do ṫaḃairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.


Óir is tríd an Spiorad le creideaṁ atáimíd ag súil le fíréantaċt.


D’á ḃriġ sin, is luaċṁar liḃ‐se é, ó ċreideann siḃ ann: aċt i dtaoḃ an dreama naċ gcreideann, An ċloċ d’ár ḋiúltuiġ na saoir, Is di‐se do rinneaḋ cloċ ċinn ċúinne:


Agus is í a aiṫne, creideaṁain i n‐ainm a Ṁic Íosa Críost, agus gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile, do réir na h‐aiṫne ṫug sé ḋúinn.


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost.


Is é Íosa Críost an té ṫáinig tré uisce agus tré ḟuil: ní h‐é tríd an uisce aṁáin, aċt tríd an uisce agus tríd an ḟuil.


Agus do ṫuiteas síos ag a ċosaiḃ ċum aḋraḋ do ḋéanaṁ ḋó; aċt aduḃairt seisean liom, Seaċain, ná déan é: is cóiṁ‐ṡeirḃíseaċ leat‐sa mé, agus led’ ḃráiṫriḃ go ḃfuil fiaḋnaise Íosa aca: déan aḋraḋ do Ḋia, óir is í fiaḋnaise Íosa spiorad na tarngaireaċta.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ