Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 15:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Aċt ċuige sin ṫarla, ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an briaṫar atá scríoḃṫa ’n‐a ndliġe, Ṫugadar fuaṫ ḋom gan ċúis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Aċt ċun go gcóiṁlíontaí an briaṫar atá scríoḃṫa ina ndliġe: Ṫug siad fuaṫ daṁ gan aḋḃar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Aċ ionus go gcóṁlíonfaí an focal atá sgríoḃṫa sa dlíġ atá acu: Do ṫugadar fuaṫ ḋom gan ċúis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Aċd do rinneaḋ so ionnus go gcoiṁlíonfuiḋe an ráḋ atá sgrioḃṫa ann a ndliġeaḋ féin. Do ḟúaṫaiġeadar mé gan aḋḃar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 15:25
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Leiġeasaiḋ na h‐easláin, dúisiġiḋ na mairḃ, glanaiḋ na loḃair, caiṫiḋ amaċ na deaṁain: i n‐aisce do fuaraḃar, taḃraiḋ uaiḃ i n‐aisce.


Agus aduḃairt sé leo, Is iad so na briaṫra do laḃras liḃ, an ḟaid do ḃíos fós ’n‐ḃúr ḃfoċair, gurḃ éigean gaċ a ḃfuil scríoḃṫa i reaċt Ṁaoise, agus ins na fáiḋiḃ, agus ins na salmaiḃ, im’ ṫaoḃ‐sa, do ċóiṁlíonaḋ.


D’ḟreagair Íosa ḋóiḃ, Naċ ḃfuil scríoḃṫa ’n‐ḃúr ndliġe, Aduḃras, Is déiṫe siḃ?


Ní ḟuilim ag laḃairt oraiḃ uile: atá a ḟios agam na daoine do ṫoġas: áċt ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, An té iṫeas mo ċuid aráin do ṫóg sé a ṡál im’ ċoinniḃ.


Óir ṫáinig an méid sin ċum críċe ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, Cnáṁ de ní brisfear.


Anois, atá a ḟios againn, cibé niḋ adeir an dliġe, gur leis an dream atá fá’n dliġe adeir sí é; ċum go ndúntar gaċ béal agus go dtugtar an doṁan uile fá ḃreiṫeaṁnas Dé:


aċt fíréanuiġtear iad i n‐aisce tré n‐a ġrása, tríd an ḃfuasclaḋ atá le fáġáil i nÍosa Críost:


Nó ar ṗeacaḋ ḋom m’ísliú féin ċum siḃ d’árdú? de ċionn gur ṡeanmóruiġeas soiscéal Dé i n‐aisce ḋaoiḃ?


Ní ag cur grása Dé ar ceal atáim: óir má’s tríd an dliġe ġeiḃtear fíréantaċt, is i n‐aisce fuair Críost bás.


agus níor iṫeamar arán aon duine i n‐aisce, aċt ag obair go cruaiḋ, dóċaṁlaċ, d’oiḋċe agus de ló, ċum naċ mbéimís mar ualaċ ar aon duine agaiḃ.


Agus aduḃairt sé liom, Atá sé déanta, Is mise an tAlfa agus an tÓmega, an tosaċ agus an deireaḋ. Do’n té go ḃfuil tart air do‐ḃéarfad le n’ól de ṫobar uisce na beaṫaḋ i n‐aisce ḋó.


Agus adeir an Spiorad agus an ḃean óg nua‐ṗósta, Tar. Agus an té éisteas, abraḋ sé, Tar. Agus an té go ḃfuil tart air, tagaḋ sé: an té gur ab áil leis é, glacaḋ sé uisce na beaṫaḋ i n‐aisce.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ